Ráiteas ó Chearta Teanga na Gaeltachta

Is cúis mhór díomá e do Chearta Teanga na Gaeltachta. nach bhfuil sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, Bille na dTeangacha OifigiúIa a leasú, le go mbainfi as an mBille Alt 32(i), in ainneoin na ngeallúintí a thug sé. Sé Alt 32(i) sa mBille a chuireann cosc ar dhaoine úsáid a bhaint as na cúirteanna le hiachall a chur ar eagraíochtaí poiblí, a n-oibleagáidí faoin mBille a chomhlíonadh.

            Gheall an tAire Éamon Ó Cuiv ag an gcruinniú a bhi aige le hionadaithe na n-eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge sna Forbacha le gairid, go mbreathnódh sé arís ar an alt conspóideach.

            Má fhágtar ann é, cuireann Alt 32(i) an chuid is mó den Bhille ó mhaith mar nach mbeadh aon iachall ar eagraíochtaí stáit, seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do lucht labbartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht.

            Creideann Cearta Teanga na Gaeltachta nach fiú dul ar aghaidh leis an mBile mar atá sé agus go mb’fhearr don Rialtas achtú an Bhille a chur ar athló, go dti go dtiocfar ar réiteach faoin bhfadhb atá le Alt 32(i).

            Acht Teanga a bheas bunaithe ar chearta bunúsacha a theastaionn, mar atá i gCeanada, agus ní Acht a bheas bunaithe ar dheamhéin.

Foilsithe i Lá 12 Meitheamh 2003