Cluasáin le héisteacht i gComhairle Chontae na Gaillimhe
Le Colm Ó Broin (Lá Nua 27/3/2007)
Le blianta beaga anuas, tá seirbhís ateangaireachta á soláthar ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun éascú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i rith cruinnithe na comhairle.

Is é Oifigeach Gaeilge an chontae, Páid Ó Neachtain, a dhéanann an ateangaireacht agus tá ardmholadh faighte aige as ucht a chuid oibre ó go leor de na comhairleoirí a labhair le Lá Nua.

Le déanaí, áfach, tugadh le fios don nuachtán seo nach raibh roinnt de na comhairleoirí sa chontae ag úsáid na seirbhíse atá ar fáil, in ainneoin nach bhfuil Gaeilge acu. Dúradh é seo leis an iriseoir seo agus mé ar cuairt chuig Pharlaimint na hEorpa le déanaí, áit a raibh na céadta feisirí tofa ó cheann ceann na mór-roinne sásta éisteacht trí chluasáin le Seán Ó Neachtain, le Bairbre de Brún agus leis na hionadaithe Éireannacha eile agus iad ag labhairt i nGaeilge.

Mar sin bheartaigh muid dul i dteagmháil leis na comhairleoirí ar fad i nGaillimh chun a ndearcadh ar an scéal a fháil agus tá na freagraí a fuair muid á bhfoilsiú inniu. Tá sé ráite linn ag gach comhairleoir seachas beirt go bhfuil siad sásta an tseirbhís ateangaireachta a úsáid.

Ní raibh an Comhairleoir Willie Burke (Neamhspleách) ó Phort Omna ar fáil chun cainte le tamall anuas agus dúirt an Comhairleoir Tiernan Walsh (FG) ó Thuaim nach raibh sé ag iarraidh an tseirbhís a úsáid.

Is dearcadh neamhbhalbh atá aige ach tuigtear don nuachtán seo nach é an t-aon duine ar an gcomhairle nach bhfuil sásta úsáid a bhaint as an tseirbhís atá ar fáil, cé gurbh é an t-aon duine atá sásta é seo a rá go poiblí.

Is cinnte go gcuirfidh a dhearcadh uafás ar go leor sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, ach is maith an rud é go bhfuil sé tar éis a thuairimí a nochtadh go hionraic óir is é an dearcadh atá aige, 'tá Béarla agaibh mar sin ba cheart díobh é a labhairt,' an dearcadh atá mar chúis le formhór na ndeacrachtaí atá ag pobal na Gaeilge in Éirinn. Tá an dearcadh sin go forleathan ar fud na tíre agus ní mór é a shárú agus tuiscint faoi chearta teanga a scaipeadh má tá dul chun cinn le déanamh ag teanga dhúchas na tíre seo, agus na pobail a labhrann í.

Más beatha teanga í a labhairt, is bás teanga gan í a labhairt agus cuireann dearcadh an Chomhairleora Walsh agus eile srian ar labhairt na Gaeilge. Ní amháin gur drochmheas do na Comhairleoirí a bhíonn ag labhairt Gaeilge é an méid atá ar bun ach is drochmheas atá ann don Ghaeilge, do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí Gaeilge ar fud an oileáin.

Níl sé maith go leor go mbeadh a leithéid ag tarlú agus beidh Lá Nua ag leanúint leis an scéal seo go dtí go dtugtar an meas ceart don Ghaeilge ar an gcomhairle agus in áiteanna eile timpeall na tíre.

Fadhb eile atá ag comhairleoirí atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt nach núsáideann na hiriseoirí a bhíonn i láthair ag na cruinnithe an tseirbhís ateangaireachta agus nach mbíonn tuairisc faoin méid a ndeirtear i nGaeilge sna meáin Bhéarla. Tuigtear do Lá Nua, áfach, go bhfuil cúthail agus míthuiscint i measc roinnt de na hiriseoirí Béarla a fhreastalaíonn ar na cruinnithe faoin tseirbhís ateangaireachta agus nach drochmheas atá i gceist nuair nach n-úsáideann siad na cluasáin atá ann.

Le roinnt comhthuisceana idir na hiriseoirí Béarla, na comhairleoirí atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus oifigigh na comhairle, níor cheart go mbeadh mórán deacrachta ann an fhadhb seo a réiteach. Déantar cáineadh go minic ar an easpa Gaeilge sa Dáil ach is beag uair a ndéantar scrúdú ar na fáthanna leis seo. Tá sé mar aidhm ag Lá Nua an cheist seo a ardú agus an t-ollthoghchán ag druidim ach ní bheadh aon ionadh orainn dá mbeadh na fáthanna céanna le laghad Gaeilge a chloistear ann is atá i gComhairle Chontae na Gaillimhe.

"Ba cheart dóibh Béarla a labhairt"

Tiernan Walsh (FG) Tuaim
Is annamh a d'úsáidfinn an tseirbhís. Má theastaíonn ó na comhairleoirí ón nGaeltacht go dtuigfinn iad, ba cheart dóibh Béarla a labhairt; tá Béarla ag gach duine agus bheadh gach rud níos éasca dá labhróidís Béarla. Tá siad ag cur brú ar dhaoine na cluasáin a úsáid agus ní theastaíonn uaim a bheith mar Œodd one out' ag éisteacht leo leis na cluasáin.

D'fhéadfaidís a gcuid gnó a dhéanamh i mBéarla agus déanann siad an saol níos deacra orainn nuair a labhrann siad Gaeilge.

Bheadh sé chomh héasca acu Béarla a labhairt agus ní fheicim an loighic le Gaeilge a labhairt nuair atá Béarla ag gach éinne.

Má theastaíonn uathu Gaeilge a labhairt, tá an ceart acu é sin a dhéanamh ach ní fheicim an fáth gur cheart domsa na cluasáin a úsáid.

Ní aon drochmheas atá i gceist leis na cainteoirí Gaeilge, tá ardmheas agam ar dhaoine atá in ann Gaeilge a labhairt ach, ag an tráth seo de mho shaol, nílim chun í a fhoghlaim.

Chaith mise mo shaol ar fad ag obair go crua agus ní bheinn san áit ina bhfuilim anois gan an Béarla; nuair a bhíos níos óige ní raibh aon trácht ar an nGaeilge agus ní gá domsa a bheith mar chuid de fheachtas chun í a chur chun cinn.


Connie Ní Fhatharta (FF) An Cheathrú Rua

Tá cuid de na comhairleoirí nach gcaitheann na cluasáin ach ní bhím ag caitheamh súile orthu agus mé ag caint.

Tá an áis ann agus tá seirbhís iontach á soláthar ag Páid Ó Neachtain, ach mura n-úsáideann na comhairleoirí eile na cluasáin, bhuel sin rogha dóibh.

Ní chuireann sé drogall orm Gaeilge a labhairt toisc go mbím ag brath ar RnaG chun eolas a scaipeadh ar an bpobal, ach ní hé sin an fáth go labhraím i nGaeilge. Bhí an nós agam labhairt i nGaeilge agus ansin aistriúchán gairid a dhéanamh ar i mBéarla ach ón am a thosaigh an tseirbhís, ní dhéanaim é sin a thuilleadh.


"Cuireann sé drogall ort Gaeilge a labhairt"

Seosamh Ó Cuaig (N) Cill Chiaráin

Cuireann sé drogall ort Gaeilge a labhairt sa Chomhairle mura bhfuil daoine sásta éisteacht leat, agus cinnte labhróinn níos mó Gaeilge dá mbeadh an tseirbhís in úsáid ag na comhairleoirí agus ag na hiriseoirí atá i láthair.

Nuair atáim ag caint faoi rud a bhaineann leis an gcontae ar fad, scaití labhraím Gaeilge agus scaití labhraím Béarla, níl aon riail ann, braitheann sé, tá Gaeilge ag cuid mhaith de na hoifigigh ón gcomhairle a bhíonn ag na cruinnithe agus cabhraíonn sé sin. Mura bhfuil daoine sásta an tseirbhís a úsáid tá an ceart sin acu is dócha.

Ní dóigh liom gur drochmheas atá i gceist le leithéid Tiernan Walsh; ní hé an saghas sin duine é.

Séan Ó Tuairisg (FF) Cois Fharraige

Tarlaíonn sé nach mbaineann comhairleoirí úsáid as na cluasáin ach níl a fhios agam an bhfuil drochmheas i gceist; is cosúil nach mbíonn aon suim acu sna hábhair a bhíonn á bplé againn, má tá spéis acu san ábhar nó má bhaineann sé le hoirthear an chontae, úsáidfidís an tseirbhís.

Bac eile ar úsáid na Gaeilge sa chomhairle nach dtugann na meáin Bhéarla mórán airde ar aon rud a deirtear i nGaeilge; bíonn polaiteoirí ag iarraidh poiblíocht an t-am ar fad agus bíonn sé deacair é a fháil má labhrann tú i nGaeilge.


Michael Mullins (FG) Béal Átha na Slua

Ní bheadh orm iad a úsáid i gcomhar óráidí gearra toisc go bhfuil roinnt Gaeilge agam ach cinnte úsáidim an tseirbhís ateangaireachta sa chomhairle nuair atá baill ag déanamh cainteanna fada i nGaeilge.


Mary Hoade (FF) Óran Mór

Úsáidim na cluasáin atá ar fáil le linn cruinnithe na comhairle agus d'úsáid mé iad i gcónaí.


"Is aoibhinn liom éisteacht lenár dteanga dúchais"

Michael Connolly (FF) Maigh Locha

Tá Gaeilge cuíosach mhaith agam féin agus nuair a labhrann daoine nó Comhairleoirí i nGaeilge tuigim gach focal.

Níl aon rud agam i gcoinne na gcluasán ach roghnaím gan iad a úsáid chun mo thaithí ar an teanga a dhéanamh níos láidre.

Is aoibhinn liom éisteacht le daoine ag caint inár dteanga dhúchais.


"Tá an t-ádh orm gach óráid a thuiscint"

Ciarán Cannon (PD) Baile Átha an Rí

Ní úsáidim na cluasáin le linn óráidí i nGaeilge toisc go bhfuil an tádh orm gach óráid a thuiscint.

Cé gur as Béal Átha an Rí ó dhúchas mé, bhí caighdeán na Gaeilge an-ard i Scoil Náisiúnta Chill Tulaigh agus chaith mé gach samhradh mar dhéagóir in Inis Oírr nó ar an gCeathrú Rua. Bhíos go hiomlán líofa ag pointe amháin 20 bliain ó shin ach tá meirg ar mo chuid cainte anois. Tá siúl agam roinnt athbhreithnithe a dhéanamh thar an samhraidh agus óráid a thabhairt i nGaeilge ag cruinnithe na comhairle amach anseo.


"Dá mbeadh níos mó ugaigh ann. . ."

Fidelma Healy Eames (FG) Óran Mór

Is annamh nach dtuigfinn cad atá ag dul ar siúl, tá mo chuid Gaeilge cuíosach maith, ní bheadh na cluasáin ag teastáil uaim de gnáth; b'fhéidir dá mbeadh níos mó ugaigh ann ón Méara nó ó Bhainisteoir an Chontae do na comhairleoirí chun iad a úsáid, bheadh níos mó úsáide á baint astu.

"Ní úsáideann siad an tseirbhís"

Dermot Connolly (SF) Baile Locha Riach

Déarfainn gur mé an duine is mó a bhaineann úsáid as na cluasáin agus déanaim cinnte i gcónaí go bhfuil siad á gcaitheamh agam má tá duine ag labhairt i nGaeilge.

An taithí a bheadh agam i leith roinnt de na comhairleoirí eile nach bhfuil Gaeilge acu, nach n-úsáideann siad an tseirbhís, níl a fhios agam céard atá mar chúis leis, seans gur, scothroghnachas nó patuaire atá i gceist, roinnt acu bíonn siad ar nós cuma liom nuair a bhíonn duine ag caint i nGaeilge.

Is seirbhís iontach atá á soláthar ag Páid Ó Neachtain agus ba cheart do gach duine í a úsáid má bhíonn orthu; níl aon leithscéal acu, bíonn sé díreach os a gcomhair.


Tom Reilly (FF) Tuaim

Tuigim roinnt Gaeilge agus níl aon deacracht agam an tseirbhís a úsáid.

Má tá díospóireacht mhór ar siúl, bainim úsáid astu.


Tomas Mannion (FF) Cealtrach

Tuigim roinnt Gaeilge agus tá na cluasáin úsáidte agam.


Michael Regan (FF) Baile Locha Riach

Is faoi na comhairleoirí eile atá sé má theastaíonn uathu Gaeilge a labhairt agus má dhéanann siad amhlaidh is féidir linn tiúnadh isteach más mian linn.

Úsáideann roinnt daoine na cluasáin agus ní úsáideann roinnt daoine eile; táimse sásta iad a úsáid mé féin.


Bridie Willers (FG) Ard Raithín

Tá an tseirbhís a chuireann Páid Ó Neachtain thar cinn ar fad agus úsáidim í nuair nach dtuigim cad atá á rá. Is beag comhairleoir nach mbeadh Gaeilge ar bith acu.


Jarlath McDonagh (FG) Turlach Mór

Tá mo chuid Gaeilge chomh maith le mo chuid Béarla mar sin níl aon ghá orm an tseirbhís a úsáid.

Tá roinnt de na comhairleoirí ann agus ní bhacann siad leis an tseirbhís a úsáid, seans go bhfuil Tiarnan Walsh níos ionraice ná daoine eile.


Tom McHugh, Tuaim

Úsáidim na cluasáin má tá spéis agam san ábhar atá á phlé ag na comhairleoirí eile. Baineann an chuid is mó de na comhairleoirí úsáid as an tseirbhís.


"Bheadh olc orm dá mbeadh a leithead ag tárlú"

Peter Feeney (FG) Baile Átha an Rí

Tuigeann go leor de na comhairleoirí Gaeilge agus bheidís ábalta an chaint a leanúint, fiú mura raibh siad in ann í a labhairt.

Ní cheapfainn go mbeadh comhairleoirí ann a dhiúltódh an tseirbhís a úsáid agus bheadh olc orm dá mbeadh a leithéid ag tarlú. Tuigim 80% den méid a deirtear i nGaeilge agus úsáidim na cluasáin go rialta.

Mura dtuigim céard atá á rá cuirim na cluasáin orm, bheadh an t-ábhar atá faoi chaibidil ar eolas agat roimh ré agus bheadh tuairim mhaith agat faoin líne a dtógfadh na comhairleoirí eile ar an ábhar faoi leith.

"Bheadh sé craiceáilte tú féin a fhágáil amach as díospóireacht"

Colm Keaveney (LO) Tuaim

Úsáidim an tseirbhís cinnte; tá polasaí dátheangach ag an gcomhairle agus tá an tseirbhís ann dóibh siúd nach dtuigeann Gaeilge.

Ba chur amú airgid agus ama a bheadh ann dá gcuirfeadh duine é féin as díospóireacht d'aon ghnó, bheadh sé craiceáilte tú féin a chur as díospóireacht a bhainfeadh le do cheantar féin ar mhaithe le pointe éigin a dhéanamh.

Ba cheart go mbeadh comhairleoirí ag déanamh gach rud ar féidir leo chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus mholfainn d'éinne a dhiúltaíonn an tseirbhís ateangaireachta a úsáid machnamh dian a dhéanamh faoin méid atá ar bun acu.

Bheadh sé go hiomlán i gcoinne aidhm na comhairle agus bheadh sé thar a bheith ait in aon chomhairle áitiúil, gan trácht ar an gceann leis an nGaeltacht is mó sa tír.


Séan Canney (Ns) Clár Tuaim

Táim sásta na cluasáin a úsáid agus tá siad úsáidte agam sa am atá caite.


Josie Conneely (FF) An Clochán

Thuigfinn an chuid is mó den méid a deirtear ach dá mbeadh gá orm iad a úsáid, d'úsáidfinn iad

Ní fheicim mórán de na comhairleoirí á n-úsáid.


James Joyce (FF) Béal Átha na Sluaithe

Tá Gaeilge agam, rugadh mé sa G h a e l t a c h t , d'fhreastail mé ar scoil lán-Ghaeilge agus is muinteoir bunscoile mé, agus bím ag labhairt Gaeilge sa chomhairle agus i gcruinnithe den Choiste Ghairmoideachas ach go háirithe.

B'fhéidir go dtarlaíonn sé nach n-úsáideann daoine na cluasáin, de ghnáth bíonn na comhairleoirí Gaeltachta ag caint faoin nGaeltacht agus is dócha nach mbíonn suim ag daoine ón taobh eile den chontae sna hábhair a mbíonn faoi chaibidil acu.

Ach má bhíonn díospóireacht faoi rud a bhaineann leis an chontae ar fad, plean contae nó cúrsaí pleanála mar shampla, úsáideann daoine na cluasáin ach ní fhéadfainn a rá an ndiúltaíonn daoine iad a úsáid fiú mura dtuigeann siad Gaeilge. Maidir le labhairt na Gaeilge sa chomhairle, deacracht atá ann nach bhfeicim tú na hiriseoirí ag úsáid na gcluasán, ní fhaigheann tú líne sna meáin má labhrann tú Gaeilge, bíonn sé deacair go leor líne a fháil má labhrann tú Béarla, go háirithe leis na meáin áitiúla.


Thomas Welby (PD) Uachtar Ard

Ní labhraím mórán Gaeilge ach bheadh greim éicint agam ar an teanga.

Ní úsáidim na cluasáin, b'fhearr liom m'intinn a úsáid agus gan a bheith ag brath ar an aistriúcháin, sin an bealach leisciúil.

Tá a fhios agam go n-úsáideann roinnt de na comhairleoirí na cluasáin agus bheadh sé thar a bheith drochmheasúil gan éisteacht le duine, cuma cén teanga atá á labhairt acu.

Sé is láidre an Ghaeilge sé is fearr don tír atá sé, sin mo thuairim phearsanta ar an ábhar agus tá áthas orm go bhfuil níos mó bá ann don teanga i measc an phobail ná mar a bhí.

Jim Cuddy, Carnmór-Óran Mór

Tá seirbhís den scoth ar fáil ach tá Gaeilge agam agus tuigim an méid a bhíonn á rá ag na Comhairleoirí ón nGaeltacht

Ní labhraím féin Gaeilge sa chomhairle; is dócha go mbíonn na comhairleoirí in ann an Béarla a thuiscint níos fearr.


Séan Kyne (FG) Maigh Cuilinn

Ní cainteoir líofa Gaeilge mé ach bíonn barúil mhaith agam céard a bhíonn á rá ag na Comhairleoirí a labhrann Gaeilge, go háirithe toisc go mbíonn siad ag labhairt mar chuid de dhíospóireacht a thosaíonn i mBéarla de ghnáth. Faoi láthair ní úsáideann ach triúr Comhairleoirí Gaeilge go rialta sa seomra.

Ní shílim go bhfuil sé cothrom comparáid a dhéanamh idir an chomhairle agus Parlaimint na hEorpa toisc go bhfuil an t-úafás teangacha á labhairt ann agus ba ghnáthrud a bheadh ann do Fheisirí Eorpacha an tseirbhís aistriúcháin a úsáid.

Sílim gur leor é an tseirbhís a bheith ar fáil sa chomhairle; i ndeireadh na dála is faoi gach Comhairleoir atá sé a intinn féin a dhéanamh suas ar mhaith leis an tseirbhís a úsáid nó nár mhaith.


Michael Fahy (FF) Ard Raithín

Tuigim roinnt agus úsáidim é nuair nach dtuigim cad atá á rá.


Séamus WALSH (FF) Uachtar Ard Má tá cruinnithe a bhaineann leis an gcontae ar fad, labhraím i mBéarla ach má tá cruinniú faoi Chonamara déantar i nGaeilge é i gcónaí.

Tá an tseirbhís ateangaireachta ann do na comhairleoirí eile agus is fúthu féin atá sé iad a úsáid, is rud pearsanta é sin dóibh. Má tá aon rud a bhaineann leis an Ghaeltacht á phlé, siúlann an Comhairleoir Walsh amach, ní chuireann sé sin aon ionadh orm.


Joe Tierney (N) Béal Átha na Sluaithe

Ní thuigim Gaeilge agus úsáidim na cluaisíní.


Sinéad Connaughton (FG) Tuaim

Is seirbhís mhaith atá ann agus úsáidim é. Bheadh roinnt tuiscint agam ar an Ghaeilge cé nach í mo chéad theanga í.

Tá muid in ainm is a bheith ag cosaint na Gaeilge agus ba bhreá liom í a chloisteáil.


Willie Burke (N) Port Omna Ní raibh teacht ar an Chomhairleoir Burke óir bhí sé thall i Meiriceá le roinnt seachtainí anuas.

An tEagrán Seo de Lá Nua (pdf 9.8mB)


CTG Baile

anghaeltacht.net