Comparáid
Comhairle Contaethe na Gaeltachta

Gaeilge dofheicthe ach i bPort Láirge!

Náire na gComhairlí Chontae.

 

Bhí ceann tideal mór i Lá le déanaí "An teanga dhofheicthe" ag caint faoi ranna rialtais ó thuaidh agus comhlíonadh a ndualgaisí i leith na Gaeilge.

 

Meas tú an bhfuil na h-údaráis sa deisceart i bhfad níos fearr?

 

Bhí duine ar an raidío ar an lá céanna ag tabhairt tuairisc ar chruinniú a bhí ag oifigigh Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi choras nua séarachas nua i mBearna. "Béarla ar fad a bhí ann agus ní raibh rud ar bith i nGaeilge, caipéisí, foirmeacha nó caint!" agus nuair a chuir sí ceist níor thuigeadar go raibh gá ar bith le Gaeilge a úsáid cé gur míníodh dóibh go bhfuil Bearna in ainm is a bheith sa Ghaeltacht.

 

Bhí mé fhéin ag lorg eolas ar shíomh an Chomhairle Chontae áitiúil (Gaillimh) le déanaí  agus chuir sé íontas orma nach raibh seirbhís ar bith le fail i nGaeilge nó go fiú dhá theangach. Agus seo an Comhairle atá in ainm is a bheith ag tabhairt seirbhís don cheantair  Ghaeltachta is mó sa tír ­ Comhairle Chontae na Gaillimhe.

 

Ceapfá go mbeadh báidh éigin ag na Comhairlí Chontaethe ina bhfuil ceantair Gaeltachta do theanga na ndaoine a bhful chónaí acu iontu.

 

Rinne mé scúird thar timpeall na suíomhanna idirlíona atá acu le feiscint an raibh aon údarás áitiul sa tír ag freastal ar muintir na Gaeltachta. Thug mé marcanna dóibh agus dá mba rud é go raibh aon suíomh ag freastail ar lucht na Gaeilge mar atá siad ar na Béarlóirí bheadh 35 marc ag an suíomh sin.


Béal Feiriste - www.belfastcity.gov.uk/ - Marcanna: 0

Seo an áit in bhfuil an ceantair Gaeltachta is nua sa tír. Níl oiread agus focal amháin i nGaeilge ar an suíomh. Níl mórán tagairt don Ceathrú Ghaeltachta ach an oiread taobh amuigh de chóip den preas ráiteas ag fógairt go bhfuil a leithéad ann.

 

Co Chiarraí - - www.kerrycoco.ie - Marcanna: 6

Béarla ar fad atá ar an suíomh ach má chuirtear an luchín thar chuid de na nascanna tá leagan dhá theangach d'ainm an nasc!

 

Co Corcaí - www.corkcoco.ie - Marcanna: 6

Tá fáilte i nGaeilge agus nasc chuig foilseacháin an Co Co i nGaeilge.   Má théann tú chuig www.corcaigh.ie tá i bhfad níos mó i nGaeilge ann ach baineann an  suíomh seo le Comhairle na Cathrach.

 

Dún na nGall - www.donegalcoco.ie/ - Marcanna: 5

Tá nasc "Gaeilge" ar asuíomh seo. Ténn sé chuig lathanach a deireann, "Beidh leagan iomlán Ghaeilge den suíomh seo ar fáil ón 1 Deireadh Fómhair, 2006, mar atá aontaithe leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i Scéim Údaráis Áitiúla Dhún na nGall faoi Alt 11 d¹Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003Š

"San am i láthair tá an Chomhairle i mbun pleananna lena chinntiú go mbeidh an leagan Gaeilge den suíomh réidh le seoladh ar an dáta sin, agus go mbeidh córais chuí i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh an leagan Gaeilge den suíomh ar comhchaighdeán, agus comhuaineach, leis an leagan Béarla."

D¹fhéach mé ar an suíomh ar an 14 Deireadh Fomhair 2006!

(Nuair a d'fhéach mé ar an suíomh seo inniú (24/10/2006) bhí an sprioch dáta athraithe go dtí "mí na Samhna"!)

Tá leathanaigh i mBéarla amháin ag www.dunnangall.ie/ atá faoi scath an Comhairle Chontae agus glaotar "Donegal.ie" ar!

 


Cathair na Gaillimhe - www.galwaycity.ie/ - Marcanna: 5

Tá nasc "Gaeilge" ar an suíomh ach nasc a théann chuig leathanach a deireann "Tá an suíomh idirlíon á chóiriú faoi láthair agus tá súil againn suíomh iomlán dátheangach a bheith againn i 2006!"  Deireann    le héinne atá ag lorg eolais is ceart teangabháil le hOifigeach Gaeilge an Chomhairle.

 

Co na Gaillimhe - www.gaillimh.ie - Marcanna: 1

Seo a suíomh is scannalaí. Cé go bhfuil an ceantair Gaeltachta is mó so tír anseo is beag focal Gaeilge a bhí le fail ar an suíomh. Ait go leor má deannann tú iarracht www.gaillimh.ie faigheann www.galway.ie/en. Ar an príomh leathannach tá Gaeilge amháin ar chean de na nascanna (Register of Electors - CLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ) agus nuair a théann tú ann níl sé ina iomlán i nGaeil. Ceart agus Cóir" an manadh atá ag an gComhairle seo. An fhaid is atá tú á lorg i mBéarla is cosúil!

 

Co na  Midhe - www.meath.ie/ - Marcanna: 1

Tá tagairt don scéim Teanga agus i measc na rudaí atá geallta tá "Méadú san eolas dhátheangach atá ar fáil ar láithreán ghréasáin na nÚdarás Áitiúla," pé brí atá leis sin!

 

Co Muigheó - www.mayococo.ie/ - Marcanna: 3

Níl oiread agus focal amháin Gaeilge ar an suíomh seo.

 

Co Port Láirge - www.waterfordcoco.ie - Marcanna: 19

Nasc "Gaeilge" a théann chuig leathanach le beagnach gach rud le fáil as Gaeilge ann agus nascann chuig leathanaigh Gaeilge. Níl aon ábhar i mórán acu (seachas na leathanaigh Béarla a choimeadtear suas chun dáta). Tá fráma deas Gaeilge anseo ach níl mórán eolas i nGaeilge ann. Tús maith leath na h-oibre - de gnáth faightear "Líon na nAlt : 0" scríofa ann. Ach tá an obair bunúsach nó fráma chun rud éigin fiúntach a dhéanamh as ann.

 


Rinne mé sciúirdín beag ansin ar na cathair mór sa tír agus seo na marcanna a thug mé dóibh:

Baile Átha Cliath: 9

Cathair Chorcaí: 8

Cathair Dhoire: 0

Cathair Luimnaí: 2

Cathair Shligigh: 0

Cathair Phort Láirge: 17

 

Is náireach agus dochreidthe an scéal é seo agus léiríonn sé an meoin diúltach atá ag na Comhairlí Chontae seo i leith an daonra de cainteoirí dhuchasacha ina gceantair féin.

Deirtear linn, mar leithscéal, uaireanta, nach bhfuil éileam ar sheirbhísí i nGaeilge. Conas tá fhios acu? Léiríon sé meon éigin i measc maorlathas na tíre agus ní hamháin sna húdaráis áitiúil. Meon a fhéacann ar muintir na Gaeltachta agus luch na Gaeilge I gcoitinne mar cúis chrá. Cé nach féidir leo é a rá ós árd é tá siad ag rá go láidir agus go shoiléir, "Tóg ort! Níl ionat ach boboró!" Agus tá muintir na Gaeltachta a fáil an teachtaireacht go lom láidir.

 

Níl tagairt á dhéanamh agam ar chaighdeán na suíomheanna féin, an t-eolas atá ionta, cé comh éasca is atá sé teacht ar an teolas ann 7rl. Sin obair do lá eile. Is leor a rá má tá siad olc, maith nó dona níl suíomh ar bith de na suíomhanna seo ag oibriú "córais chuí i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh an leagan Gaeilge den suíomh ar comhchaighdeán, agus comhuaineach, leis an leagan Béarla."

Eoin Ó Riain: Dáta: 24/10/2006

Cluasáin le héisteacht i gComhairle Chontae na Gaillimhe (26/3/2007)