|
Ardú Suntasach Tagaithe ar Dhaonra na Gaeltachta
D'eisigh an Lár Oifig Staidreamh (CSO) réamhthorthaí le gairid, a thug le fios áireamh an daonra i ngach
togharoinncheantair(DED) sa stát mar a bhí oíche an daonáirimh, mi Aibreán na
bliana seo 2006. D'iarr Foinse ar an léachtóir Matamaitice sa GMIT, Donncha Ó
hÉallaithe, anailís a dhéanamh ar na figiúirí dona togharoinncheantair
Ghaeltachta, le fáil amach céard é daonra na Gaeltachta i 2006. Fuair sé amach
go bhfuil méadú suntasach tagaithe ar dhaonra na Gaeltachta ach gur sna
ceantracha is lú a bhfuil Gaeilge á labhairt iontu is mó a bhfuil an daonra
méadaithe. Do réir na réamhthorthaí ón Daonáireamh a tógadh mí Aibreán seo caite, tá daonra na Gaeltachta méadaithe le 10 mbliain anuas ó 86,039 duine go thart ar 95,700 duine. Is ionann sin agus méadú 11% in imeacht 10 mbliana. Sa mbliain 2002 bhí 90,048 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht ach tá os cionn 5,000 curtha leis an líon sin ó shin le méadú de 6.3% sna 4 bliana idir 2002 agus 2006. Ach nuair a bhreathnaítear níos géire ar na figiúirí, baineann an cuid is mó den ardú le ceantracha sa Ghaeltacht oifigiúl nach bhfuil mórán Ghaeilge á usáid iontu: an ceantar a áirítear ina Ghaeltacht i gCathair na Gaillimhe; an ceantar taobh thoir de Loch Corrib ar a thugtar Achréidh na Gailllimhe; an ceantar thart Mhaigh Chuilinn agus Bearna. Na 5 DEDs is mó ar tháinig méadú níos mó ná 20% iontu, tá sé suntasach gur thart ar Chathair na Gaillimhe atá siad uilig, seachas póca beag i gCiarraí ar a ghlaotar Cnoc Bréanainn. Is beag Gaeilge atá á labhairt iontu, mar a léiríonn an tábla thíos. Tábla 1. DEDs
is mó ar tháinig méadú ar an Daonra iontu ó 2002 go 2006.
Tá os cionn 14,000 duine ina gcónaí taobh istigh den limistéar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. Sa bhliain 1996 bhí daonra de 9,853 sa gceantar céanna cathrach agus i 2002 bhí 11,802 duine ann. Mhéadaigh daonra an Achréidh ar an gcaoi céanna, ó 4,965 sa mbliain 1996 go thart ar 7,000 i 2006. Don chéad uair tá daonra Ghaeltachta Chathair na Gaillimhe níos mó anois ná an daonra i gConamara Theas - an ceantar a shíneann óna Forbacha siar go Carna, ina bhfuil thart ar 13,000 duine ina gcónaí faoi láthair. Daonra na Fíorghaeltachta: Sa tábla thíos léirítear an t-athrú daonra sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge láidir mar theanga pobail - Iarthuaisceart Dhún na nGall, Iarthar Dhuibhneach, Deisceart Chonamara agus Oileáin Árann. Is léir ón tábla go bhfuil daonra na Fíorghaeltachta seasamhach go maith, ag beagán os cionn 20,000 le méadú 0.6% ó 2002. Tábla 2. Athrú Daonra sna Ceantracha Fíorghaeltachta
Nóta: Sé an slat tomhais a
usáidtear san anailís seo le ceantar a áireamh mar cheantar Fíorghaeltachta ná
go bhfuair ar a laghad 60% dena teaghlaigh le páistí scoile an Deontas Iomlán
faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sa scoil bhliain 2004/05
Mar a cuireadh an Meastúchán le chéile: Cén fáth meastúchán ar dhaonra na Gaeltachta ag an bpoinnte seo? Tá an limistéar ag a bhfuil aitheantas oifigiúl Ghaeltachta chomhdhéanta de 84 toghroinncheantar (DED) iomlána agus codanna de 71 togharoinncheantair eile. Nuair nach bhfuil ach cuid den DED sa Ghaeltacht ní mhór meastúchán a dhéanamh ar an daonra bunaithe at an gcéatadán de dhaonra gach DED a bhí lastaigh den Ghaeltacht i 2002. Mar léiriú ar an modh meastúcháin seo, tógtar an DED i gCo na Mí ar a dtugtar Rath Mór i gCo na Mí, ina bhfuil Ráth Chairn mar chuid dhó. Sa mbliain 2002 bhí cónaí ar 797 duine i Rath Mór, 395 acu taobh istigh den Ghaeltacht nó 49.56% den daonra. Daonra de 856 a bhí ag Rath Mór oíche an Daonáirimh. Ag glacadh leis go bhfuil an céatadán céanna sa Ghaeltacht an oíche sin is a bhí i 2002, usáidtear 49.56% den daonra iomlán don DED chun meastúchán de 424 a fháil ar an daonra sa chuid sin de Rath Mór atá sa Ghaeltacht. D'fhéadfadh an meastúchán a bheith ró ard nó ró íseal. Ach nuair a chuirtear roinnt ceantracha le chéile bheifí ag súil go mbeadh na cinn ró ard ag cealú amach na cinn a bheadh ró íseal. Ar an gcaoi sin is féidir glacadh go muiníneach leis an figiúr 95,700 mar mheastúchán réasúnta cruinn de dhaonra na Gaeltachta i 2006, le earráid thart ar 1%. Cásanna Áirithe: 1. Achréidh na Gaillimhe: Tá daonra an cheantar tire a thimpeallaíonn Baile Chláir na Gaillimhe, ag méadú i gcónaí, le os cionn 7,000 duine ann anois, i gcomparáid le 5,000 deich mbliana ó shin. Ó thaobh na Gaeilge dhó, is beag sólás é sin, mar nach bhfuil mórán Gaeilge á usáid sa gceantar. Cé bhfuil os cionn 700 teaghlach sa gceantar le páistí scoile iontu, ní bhfuair anuraidh oiread is teaghlach amháin an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. Spéisiúl go leor tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis cinneadh nach mbeidh scéimeanna tithíochta sa gceantar á shrianú a thuilleadh le coinníoll teanga. Vótaí an cheantair seo a thogh Val Hanley ar Údarás na Gaeltachta anuraidh, ach is beag seans go bhfágfar an ceantar seo sa Ghaeltacht tar éis an aithbhreithniú ar na teorannacha, atá ar bun faoi láthair, sé sin más ar bhunús teangeolaíochta a tharraingeofar na teorannacha nua Gaeltachta. 2. Corcha Dhuibhne: Idir 2002 agus 2006 bhí titim 3% i ndaonra na Fíoghaeltachta taobh thiar de Dhaingean Uí Chúis. Bhí an titim tubaisteach i nDún Chaoin, laghdú 23%, in ainneoin go leor tithe a bheith tógtha. Dún Chaoin an áit is mó inar thit an daonra sa Ghaeltacht. Tithe saoire is mó a bhí iontu, ar ndóigh ag brú suas praghas na suíomhanna agus deacrachtaí móra ag muintir na háite cead pleanála a fháil ina ndúthaigh féin Bhí titim 12% sa daonra i bhFionntráigh, ceantar atá gar don Daingean agus áit nach mbeifí ag súil le titim. Mhéadaigh an daonra i Márthain (+13%) agus i nDún Úrlann (+7%) - an dá DED atá gar do Bhaile an Fheirtéirigh. Is léír gur ionad fáis é Baile an Fheirtéirigh, le scéim tithíochta tógtha ag an gComhairle Chontae le roinnt blianta anuas.. Tá ráta fáis 7.6% i nDaingean Uí Chúis agus méadú beag (+1.7%) sna Gleannta - DED a thimpeallaíonn an baile. 3. Gaeltachtaí Eile Chiarraí: Tá an daonra réasúnta seasamhach
in Uíbh Ráthach le méadú
beag de 1% ann. Mar a chéile
leis an gceantar taobh thoir den Daingean, timpeall ar Lios Póil, áit ar mhéadaigh an daonra thart ar 3%. Is i gCiarraí is mó atá na ceantair DED inar tháinig laghdú níos mó ná 10% ar an daonra iontu. [Féach Tábla 4] 4. An Rinn: Áit a bhfuil go leor eastáit tithíochta tógtha le blianta beaga anuas agus tá an toradh le feiceál sa mhéadú thar 4 bliana de bheagnach 11 % ar an daonra ó 1,454 go thart ar 1600. Is ábhar mór conspóide é, an líon eastáit atá tógtha sa Rinn agus an chontúirt atá ann don Ghaeilge mar theanga phobail sa gceantar. 5. Gaeltacht Mhúscraí: Méadú suntasach (+9%) tagaithe ar an daonra ó 3401 go thart ar 3700. 6. Na hOileáin Ghaeltachta: Tá daonra na noileán Gaeltachta ag titim i gcónaí. I gCléire, bhí titim 10% ann ó 129 go thart ar 116. Titim 5% a bhí ar trí Oileáin Árann ó 1280 go 1218. Ní raibh an titim chomh mór sin ar Árainn Mhóir, ó 543 go 528, sin titim de 3%. 7. Cois Fharraige - Na Forbacha go Ros a Mhíl: Aisteach go leor tá daonra na bhForbacha titithe 3% ó 1272 go 1236, i gcomparáid le méadú mór de 16% sa daonra idir 1996 agus 2002. D'fhéadfadh míniú simplí a bheith ar an scéal. Nuair a dhéantar mionscrúdú ar chomhdhéanamh daonra na bhForbacha mar a áiríodh é sa bhliain 2002, bhí 148 duine san áireamh nach bhfuil gnáthchónaí orthu sna Forbacha. Ceaptar gur daoine iad san a bhí ag fanacht in Óstán Chois Fharraige ar an oíche a tógadh an Daonáireamh. D'fhéadfadh sé tarlú gurb shin ba chúis leis an méadú mór ar an daonra idir 1996 agus 2002 a chuir an figiúr dona Forbacha as riocht. Tá méadú sa Spidéal
(+8%) agus méadú 6% sa gceantar siar ón Spidéal chomh fada le Ros a'Mhíl. 8. Iorras Aithneach: Tá 3 DED sa leithinis. Tharla laghdú suntasach daonra i Œchaon ceann acu. Síneann an DED Abhainn Gabhla ó Doire Iorrais chomh fada siar le Loch Con Aortha. Sa gceantar seo laghdaigh an daonra 8% ó 341 go 314. Síneann an DED Scainimh ó Chill Chiaráin chomh fada le Roisín na Mainíoch agus sa gceantar seo laghdaigh an daonra 4.5% ó 648 go 619. Síneann an tríú DED An Cnoc Buidhe ó Charna go Glisce le Maighinis san áireamh. Laghdaigh an daonra 4%. ó 831 go 801. 9. Ros Muc/Camus:
Le fada an lá bhí daonra Ros
Muc ag titim. I
1991 bhí 575 duine ina gcónaí sa DED ar
a ghlaotar An Turloch. Faoi 1996 bhí sé titithe go 545 agus sa bhliain 2002 thit sé faoi bhun 500 don chéad uair go 477. Tá sé méadaithe aríst go 552, méadú 16% ar thar 4 bliana. Ar
an dtaobh eile den scéal bhí titim 5% i gceantar Camus. 10. Ceantar na nOileán, Conamara aghs An Cheathrú Rua: Tá borradh beag le sonrú i gCeantar na nOileán le méadú 3.5% sa daonra ó 2102 agus 2176. Ach an oiread le Ros Muc, is ceantar é seo ina raibh an daonra ag titim ann ó bunaíodh an stát. Is fiú é seo a chur i gcomparáid le méadú faoi bhun 1% sa gCeathrú Rua, áit a bhfuil neart tógála ar bun agus áit a mbeifí ag súil le ardú níos mó ná mar atá. 11. Corr na Móna agus Dúiche Sheoighe: Méadú 8% sa gceantar ina iomlán. Is i gCorr na Móna is mó a tháinig an méadú daonra, ó 512 go 573, ardú 12% i gceantar iargúlta i bhfad ón gcathair. 12. Gaeltachtaí Mhaigheo :
Seasmach go maith atá an daonra i nGaeltachtaí Mhaigh Eo le ardú 3% thart ar Thuar Mhic Céidigh i nDeisceart an Chontae agus ardú suntasach de 7% i mBéal a Mhuirthid. Tá ceantar Acla titithe 3.5% agus ceantar na hEachléime
titithe 3%. Tá titim de 8.5% i gCeathrú Thaidhg, an ceantar is láidre Ghaeilge i gContae
Mhaigheo. 13. Gaeltachtaí Dhún na nGall: Bhí an daonra seasmhach go maith i mórán chuile cheantar Ghaeltachta i nDún na nGall. Chaill an an ceantar Fíorghaeltachta thart ar Ghaoth Dobhair ceathrar ar fad, nuair a thit an daonra ó 6,283 go 6,279 idir 2002 agus 2006. Bhí méadú 8.3% i ndaonra Ros Guill/Na Dunaibh áit ina bhfuil go leor tithe saoire tógtha le roinnt beag blianta. Laghdú 1.2% a tharla san Iardheisceart , an ceantar ina bhfuil Cill Chárthaigh, Teileann, An Charraig agus Gleann Colmchille.
Tábla 3. Athrú Daonra sna Ceantracha Breacghaeltachta
© Donncha Ó hÉallaithe Tábla 4 Na
ceantair DED is mó a chaill daonra idir 2002 agus 2006.
|