Tá Comhairleoirí Chontae
Chonamara ag cur todhchaí
na Gaeltachta i mbaol agus
ní fios cén fáth.
Ní áibhéal é seo. Tá
athruithe molta,
d'aonghuth, ag an seisear
ionadaí pobail ar
Chomhairle Chontae na
Gaillimhe, a mbeidh
impleachtaí tromchúiseacha
acu don Ghaeltacht agus
don Ghaeilge má chuirtear i
bhfeidhm iad. I láthair na
huaire tá riail teanga i
bhfeidhm ar fhorbairtí do
níos mó ná dhá theach i
nGaeltacht na Gaillimhe.
Ag brath ar an gcéatadán
den phobal a labhraíonn
Gaeilge go laethúil,
caithfear an céatadán
céanna de thithe ar eastáit
tithíochta a dhíol le
cainteoirí Gaeilge.
Mar shampla, caithfear ocht
teach as deich gcinn a dhíol
le Gaeilgeoirí, má bhíonn
ochtó fán gcéad den phobal
san áit sin ag labhairt na
Gaeilge.
Cuireadh an riail seo i
bhfeidhm tar éis cuid
mhaith conspóide agus
díospóireachta ar an ábhar.
Cinnte tá ceisteanna ann ar
cé chomh héasca is atá sé
le cur i bhfeidhm, cén sórt
scrúdaithe ar chóir a
dhéanamh agus cén
éifeacht fhadtéarmach a
bheas aige - ach fiú má tá
locht le fáil air, fáiltíodh
roimhe sa bpobal agus is
cosaint áirithe é ar
chreimeadh na teanga sa
Ghaeltacht.
An tseachtain seo caite
tugadh le fios go bhfuil an
seisear ball tofa as
Conamara ag iarraidh an
riail a athrú. Tá siad ag
moladh an coinníoll a chur
ar ceal sa gceantar
Gaeltachta taobh thoir de
Ghaillimh, i Maigh Cuilinn,
sna ceantair a thagann
faoin scéim 'Clár' agus sa
limistéar Gaeltachta atá
níos mó ná cúig
chiliméadair is fiche as
Gaillimh.
Caithfidh nach bhfuil an
riail ag oibriú mar sin, a
deir tú? Bhuel, níl
cruthúnas dá laghad tugtha
go bhfuil sin fíor.
Deir na comhairleoirí go
bhfuil "go leor daoine sa
phobal míshásta faoin riail".
Nuair a bhí mé ar Raidió na
Gaeltachta De Luain seo
caite le Séamus Breathnach
(FF), d'fhiafraigh mé dó cá
mhéad duine a bhí míshásta
agus cérbh iad na fíricí ar a
bunaíodh an t-athrú agus ní
bhfuair mé mórán
soiléirithe uaidh.
Go deimhin, séard a bhí i
gceist aige siúd le cruinniú
poiblí, ná cruinniú de
chumainn Fhianna Fáil as
Conamara, a tionóladh ar
an gCeathrú Rua le déanaí -
a bhí 'príobháideach' dár
leis, ag ar léirigh polaiteoirí
beaga agus móra a gcuid
míshástachta. Sin an
tacaíocht phobail atá i
gceist acu, an ea?
Ach, fan go fóill, is
polaiteoir neamhspleách é
Seosamh Ó Cuaig agus is le
Fine Gael atá fear Mhaigh
Cuilinn, Seán Kyne - cén túdar
atá acu sin tacú le rún
den chineál seo?
An bhfuil an hata caite acu
leis an nGaeilge agus leis
an riail teanga? Agus cá
bhfuil na daoine seo ar fad
ar diúltaíodh cead pleanála
dóibh de bharr an riail
teanga,dar leosan?
De réir fiosruithe a rinne
mise leis an gComhairle
Contae an tseachtain seo
caite - deichniúr a raibh
scrúdú curtha orthu chuige
seo, de bharr an coinníoll
teanga - agus beirt atá
teipthe.
Sin géarchéim, an ea?
"Árnó, ní rud
róthromchúiseach é i
ndáiríre, bhí an Ghaeilge
ann le fada, tiocfaidh sí
thairis" - an meon atá ag
roinnt daoine. Ach, tá baol
mór ann. Feidhmíonn an
riail atá ann faoi láthair, sa
Ghaeltacht oifigiúil.
Má tharraingítear teorainn
teoiriciúl thart ar an
Tulach, mar atá molta ag
na Comhairleoirí, bheadh
duine gan Gaeilge i dteideal
pleanála taobh thiar de, ach
dhiúltófaí iad taobh thoir .
Bheadh spraoi ag na
dlíodóirí ar an gceann sin,
measaim.
An chontúirt atá ann, dár
ndóigh, dá bhfaighfi amach
go bhfuil an córas
míbhunreachtúil, d'fhéadfaí
an riail a chaitheamh
amach ar fud na
Gaeltachta. Cén chosaint a
bheadh ansin againn?
Tá a thacaíocht léirithe ag
an Aire Gaeltachta don
athrú chomh maith, rud a
chur ionadh an domhain ar
chuid mhaith den dream a
raibh mise ag caint leo.
Mheas siad go raibh
seisean go láidir i bhfabhar
an coinníoll teanga ón
gcéad lá ariamh.
Tá seisean anois ag cur an
milleáin ar
fheidhmeannaigh na
Comhairle Contae.
Is fimíneacht den chéad
scoth atá anseo ó na
polaiteoirí a thacaigh leis
an riail seo cúpla bliain ó
shin. Ní mór a mheabhrú
freisin, go bhfuil ceathrar
acu seo mar bhaill tofa ar
Bhord Údarás na
Gaeltachta agus ról acu
ansin ag tacú le
scéimeanna pleanáil
teanga, le beartais cultúrtha
ar nos 'Gaeilge 2010',
'Gníomh don Ghaeltacht'.
Tá siad fealltach, dar liom,
sa mhéid go bhfuil siad
théis na hathruithe seo a
mholadh gan aon
díospóireacht phoiblí, gan
aon chruthúnas fíriciúil
agus gan aon léiriú i
ndáiríre go bhfuil
tacaíocht an phobail acu.
Mar a dúirt duine amháin
atá gníomhach sa bpobal
liom, má tá glaic bheag
daoine diúltaithe ar an
mbunús nach bhfuil focal
Gaeilge ina bpluc acu, nach
léiriú é sin go bhfuil an riail
seo ag oibriú?
Lá 23/6/2005