Gné na Gaeilge sa phróiséas pleanála sa Ghaeltacht

Ag am ar bith is próiseas casta é an próiseas pleanála. Sa Ghaeltacht, tá casadh eile ar an scéal nó bíonn coinníoli teanga i réim a chuireann srian ar an líon tithe i bhforbairtí úra ar féidir iad a dhíol le teaghlaigh nach bhfuil duine ar bith den líon tí in ann Gaeilge a labhairt.
Ní róshásta atá forbróirí is lucht togála faoi coinníollacha dá lethéid agus tá sciar éirithe den phobai, maítear, nach bhfuii sásta leis an gcounníoll teanga ach an oiread. Dar Ieo islíonn sé an líon tithe atá ar fáil nó níl forbróirí sásta tithe a thógáil gan cead acu iad a dhíol don té a bhfuil an sparán is doimhne aige.
Ag comhdháil ar leith a reachtá Údarás na Gaeltachta faoin cheist an tseachtain seo caite, cuireadh moladh ós comhair an phobail le réiteach a aimsiú ar an gceist chonspóideach seo
Inniú foilsíonn Lá an moladh ó Údarás na Gaeltachta ina iomláine le go mbeidh sibhse, na léitheoirí, in ann é a mheas.

"Ni féidir leis an bpróiseas pleanála as féin an Ghaeilge a shlanú mar theanga phobail ach is féidir leis - agus is gá dó a bheith - mar áis thacaíochta agus chosanta don teanga."


Le Pádralg Ó hAoláin Príomhfheidhmeannach ÚnaG
Réamhra: Is próiseas casta é an próiseas pleanála i gcoitinne agus gné chasta den phróiseas sin is ea gné na Gaeilge atá ina cuid dílis den phróiseas sin sa Ghaeltacht de thoradh reachtaíochta. Tá gnéithe áirithe den phróiseas pleanála at ag goilliúint ar bhealai éagsula ar phobail áitiúla ar fud na Gaeltachta, gnéithe ar a n-airitear na critéir áitiúla a bhaineann le tógail tithe aonaracha, an tionchar a bhionn ag ollscéimeanna tithiochta agus árasán ar shráidbhailte beaga, a dheacra agus ata sé ag daoine áitiiila cead pleanáia a fháil in áiteanna áirithe, agus mar sin de. Tá staid agus stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus a bhfuil i ndán di mar theanga phobail, fite fuaite leis na ceisteanna sin go léir. Ni féidir leis an bpróiseas pleanála as féin an Ghaeilge a shlánú mar theanga phobail ach is féidir leis -agus is gá dó a bheith - mar áis thacaíochta agus chosanta don teanga. Ba mháith linne, a bhfuil freagracht mhór oránn i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht, cabhrú leis na hÚdaráis Áitiúla - ag leibhéal polasaí i gcomhar leis na Comháirleoiri agus ag leibhéal feidhmiúcháin i gcomhar leis an bhfeidhmeannas - an cuspéir sin a bháint amach.
    1. An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000: Is ó fhorálacha an Achta seo agus ó Rialacháin um Pleanéil agus Forbáirt 2001 a eascraíonn an dualgas atá ar Údaráis Áitiúla breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí teanga a bhaineann le haon fhorbairt a mheasann siad "a mbeadh tionchar ábhartha aige ar oidhreacht chultúrtha agus theanga na Gaeltachta, ar a n-áiritear an Ghaeilge mar theanga phobail" (S.I.).

    2. An Reachtaiocht
    Tugann an tAcht um Pleanáil agus Forbáirt 2000 aird ar leith ar riachtanais teanga agus cultúir na limistéar Gaeltachta.
    Déantar sin ar na bealaí seo a leanas -
    a) Leagtar síos ann go gcáithfidh gach Plean Forbartha Contae áidhmeanna polasai a bheith ann chun 'oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha'.
    Is riachtanas éigeantach é sin agus, ina theannta sin, ni mór do na hÚdaráis Phleanála diriú ar cibé céim is gá chun áidhmeanna an phlean forbartha a bhaint amach.
    b) Leagtar síos ann go gcaithfidh na hÚdaráis Phleanála aird a bheith acu 'ar an ngá atá ann oidhreacht teanga agus chultiirtha na Gaeltachta a chosaint' nuair a bhíonn siad ag leagan síos Treoirlínte do Phleanáil Réigiúnach a mbeidh tionchar ar an nGaeltacht acu.
    c) Ceadaíonn sé don Aire rialachán a dhéanamh faoina gcaithfidh na hÚdaráis Phleanála eolas sonrach a Sholáthar i dtaca le hiarratais ar chead phleanála do fhorbairt i limistéir Ghaeltachta. d) Ceadáionn sé cead pleanála a eiteach, gan aon chúiteamh, más rud é go ndéanfadh an fhorbáirt 'dochar d'oidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta'. e) I gcás pleanála a dheontar, ceadaíonn sé coinníollacha a leagan síos i dtaca le cosaint d'oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta.

Is é an tAcht céanna a leagan dualgas ar na hÚdaráis Áitiiila dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i gcás aon fhorbairt a mbeadh, ina dtuairim sin, tionchar ábhartha aige ar oidhreacht chultúrtha na Gaeltachta ar a n-áirítear an Ghaeilge mar theanga pobail.
    3. (i) Ó tháinig an tAcht agus na Rialachán i bhfeidhm tháinig na pleananna forbartha 5 bliana seo a leanas i bhfeidhim sna contaethe ina bhfuil ceantair Ghaeltachta:

  • Dún na nGall 07/2000 - 06/2006
  • An Mhí 03/2001 - 03/2007
  • Corcaigh 01/2003 - 01/2009
  • Gaillimh -05/2003-0512009
  • Maigh Eo 10/2003 - 10/2009
  • Ciarraí 11/2003- 11/2009
  • Port Lairge 07/2005 - 07/2011
    Is ionann an Plean Forbartha agus polasaí an Údaráis Aitiúil. Is iad na Comhaírleorí atá freagrach as an bpolasaí sin. Nil sa pholasaí tithíochta ach gné amháin den pholasaí forbartha agus pleanáia.
    (ii) Ó tháinig na Pleananna Forbartha sin i bhfeidhm cuireadh coinníollacha teanga le timpeail 33 forbairt in iomlán sa Ghaeltacht:
  • Ciarraí: 3
  • Corcaigh 1
  • Gaillimh: 20
  • Dún na nGaIl: 4
  • Port Láirge: 5
    Is feidhm bhainistiochta atá sna coinníollacha pleanála ar a n-áirítear coinníollacha teanga i gcásanna airithe. Níl aon ról ag na Comhairleoirí i dtaca lels na coinníollacha sonracha teanga ná pleanála.
    (iii) Nuair a bhí a gcuid cinntí á ndéanamh ag Údaráis Áitiúla agus ag an mBord Pleanála tuigtear dúinn gur usáideadh líon na gcaínteoirí Gaeilge de réir an daonáirimh is déanaí (2002) chomh maith le staitisticí Scéim Labhairt na Gaeilge na Roinne Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar bhunis don chéatadán tithe/Arasán ar cuireadh 'srian' orthu do chainteoirí Gaeilge, ach amháin i gcás scéim thithíochta Bhaile Mhic Ire i gCo. Chorcai áit ar cuiredh an critéir áitiúil "daoine a bhfuil gnathchónai orthu sa cheantar ar feadh tréimhse seacht mbliana ar a laghad" chomh maith le coinníoll na teanga san áireamh.
Níl cur chuige comónta idir na hÚdaráis Áitiúla éagsúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram maidir leis na coinníollacha teanga. Ni i gcónai a lorgaítear Ráitis Tionchair Teanga i gcás scéimeanna tithiochta/arasán.
An Bord Pleanála: Rinneadh líon áirithe ceadanna pleanála a achomharc go dtí an Bord Pleanála. Go ginearálta d'fhéadfai a rá go bhfuil táirseach níos airde leagtha síos ag an mBord Pleanála i dtaobh choinníollacha teanga ná mar atá ag Údaráis Áitiúla áirithe.
    4. Treoirlinte Comhairleacha NASC: Sa bhliain 2004 choimisiúnaigh NASC -páirtnéireacht ina bhfuil Comhairlí Contae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí agus Chorcaí chomh maith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Oliscoil na hÉireann, Gaillimh agus Údarás na Gaeltachta páirteach treoirlinte comhairleacha mar thacaíocht do na hÚdaráis Áitiúla. Is é Ciarán Lynch, Stiúrthóir Forbartha Tuaithe, Institiitid Thiobraid Árann, atá aitheanta mar shaineolaí sna cúrsai seo, a d'ullmhaigh na treoirlínte. Scaípeadh iad ar na hÚdarais Áitiúla i mi Mhárta 2005, agus bhíothas ag súiI le comhthionól a eagrú leis na páirtithe leasmhara le go nglacfai leo mar théarmaí tagartha comónta eatarthu ach níor tharla sin. Ceapaim go bhfuil fiúntas nach beag ag baint leo sa chomhthéacs seo.
I bhfocall an údalr:
The objective was a framework that would facilitate the formulation by each planning authority of an appropriate policy for it area.
Integration of linguistic objectives in land-use planning must be seen as just one element of language planning for the Gaeltacht.
Planning for sustainable development (in the Gaeltacht) means establishing the appropriate balance between economic, social, environmental, cultural and linguistic objectives. In the case of the Gaeltacht, an approach that might seek to preserve the linguistic heritage of the Gaeltacht by imposing undue restrictions on development is not likely to be sustainable. Without economic and social development opportunities, Gaeltacht areas will cease to be Irish-speaking as the communities age and younger people move out. The challenge is to develop and implementpolicies that promote appropriate (housing) development that is sensitive to linguistic and cultural objectives.

Framaíocht Nálslúnta Pholasai Tlthíochta
Ar ndóigh tá na hÚdaráis Áitiúla ag feidhmiú taobh istigh de fhrámaíocht náisiinta pholasaí i leith tithíochta ar a n-áirítear - Planning Guidelines (14) - Aibreán 2005; An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil - Sustainable Rural Housing ina leagtar amach prionsabail áirithe d'fhorbairt tithíochta i gceantair thuaithe, ar nós iad seo a leanas:

    "In areas where there is a tradition of highly dispersed rural settlement ......, the NSS emphasised the importance of locating new housing in a way which fit the traditional settlement patterns and strengthens existing patterns of housing." (L5)
    "Reversing population decline by accommodating new development contributes to sustainability by helping to deliver strong social and economic benefits to rural areas" (L6)
    "A key objective of the White Paper on Rural Development was the maintenance of rural population, not just in terms of numbers, but also in achieving (its) balanced spatial distribution.." agus "The White Paper recommended that planning policy shouldfacilitate.. those wihing to settle in their own areas of origin"(L7)

    I dTreo Comhréltlgh: Sa mhéid go bhfuil taithí áirithe faighte ag an bpobal agus ag na pairtithe leasmhara stáit as fheidhmiú choinníollacha teanga i gcúig chontae Gaeltachta ó tháinig na pleananna reatha forbartha i bhfeidhm agus gur léir ón taithí sin go bhfuil easnaimh fós as an bpróiseas, molaim na tri chéim seo a leanas:
    1. Go dtionólfaidh an tAire Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cruinniú roimh dheireadh Mheán Fhómhair a mbeadh ionadaíocht mar a leanas aige:
    - na Bainisteoiri Contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram.
    - stiúrthóirí pleanála na nÚdarás Áitiúla céanna sin.
    - príomhfheidhmeannaigh na nÚdarás Forbartha Réigiúnach.
    - ionadaíocht shinsearach ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
    - ionadai ar bhonn stádáis bhreathnadóra ag an mBord Pleanála.
    Chun teacht ar thuiscint chomónta agus cur chuige aontaithe maidir le gné naGaeilge sa phróiseas pleanála, agus, má cheaptar gur gá, go niarrfaí ar an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoirlinte a eisiúint ina leith sin. (Molaim go n-úsáidfi na Treoirlinte Comhairleacha a d'ullmhaigh NASC mar bhunús don chruinniú sin).
    2. Sa mhéid go bhfuil plean ceantair á ullmhú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do cheantar Gaeltachta Chontae na Gaillimhe, Árainn san áireamh, (mar aon le plean don Spidéal agus don Cheathrú Rua) molaim go n-úsáidfí an deis seo, mar áis agus mar thacaíocht do na Cornhairleoirí agus don Fheidhmeannas, le teacht ar phlean agus chur chuige eíseamláireach ina mbeadh cóimheá idir na gnéithe forbartha eacnamaíochta, buanaithe pobail agus cosanta teanga ar an mbeálach seo a leanas:
    (a) go sínfí an clár ama don Phlean Ceantair sin go deireadh na bliana seo agus go mbunófai grúpa oibre idir an Comhairle Contae, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis an gcuid seo den phróiseas a stiúrú.
    (b) go bhfostódh na páirtithe leasmhara sin pleanálai gairmiúil teanga nó sochtheangeolaí do thréimlise ullmhúchain an phlean le comhairle shainiúil a chur ar fail faoi ghné na Gaeilge agus
    (c) go mbeadh próiseas breise comhairliúcháin leis na pobail áitiúla i gConamara agus in Árainn le linn don phlean ceantair seo a bheith á chur i dtoll a chéile idir seo agus deireadh na bliana.
    3. Nach ndéanfaí aon athrú ná leasú ar pholasaí reatha Chomhairle Chontae na Gaillimhe go dtí go bhfeicfear an toradh ar an gcéad dá mholadh thuas.

Creidim go bhféadfai an próiseas seo a úsáid chun go leor de na ceisteanna a bhíonn ag goilliiint ar an bpobal agus ar Chomhairleoirí a chíoradh agus teacht ar chomhthuiscint faoina réiteach - ceisteanna ar nós na critéir áitiúla do thithe aonair, na patrúin traidisiúnta lonnaíochta, fadhb na gceantar sin ina bhfuil an daonra ag titim go leanúnach, aisimirceoirí agus, ar ndóigh, cosaint na Gaeilge. D'fhéadfaí an múnla seo a úsáid i gceantair eile Ghaeltachta nó a oiriúnú do cheantair eile Ghaeltachta de réir mar a oireann.