Coilleadh an choinníll Airdeall 'mí-shasta' faoin chinneadh maolú a dhéanamh ar an gcoinníoll teanga i gConamara
Tá fearg léirithe ag an dá thaobh den díospíireacht faoi phleanáil teanga i nGaeltacht na Gaillimhe tar éis do chomhairleoirí an chontae
vótáil ar son athruithe ar an geoínnioli.
Vítail an Chomhairle ag 2.10am, maidin inné, d'aon ghuth, i bhfabhar leasuithe ar phlean forbartha an chontae a mhaolódh an coinníoll teanga i bhforbairtí
tithíochta i gcodanna áirithe den Ghaeltacht.
De réir an mholta, ní bheidh aon choinnioll teanga ann i gceantair ina bhfuil níos lú ná 20% den phobal ag Iabhairt na Gaeilge agus tiocfaidh athruithe ar an
geoinníoll i gceantair CLÁR, siar ón gCeathrú Rua.
Beidh cead ag daoine gan Ghaeilge tithe i bhforbairtí a cheannach má tá siad ag obair sa cheantar, agus cead ag eisimircigh ín gceantar fosta nach bhfuil Gaeilge acu.
De réir liosta a réitigh Comhairleoirf Chonamara, bheadh cead ag muintir na háite, Gaeilgeoirí ó áit ar bith ar fud an domhain, lucht imirce atá
tagtha chun a' bhaile agus a dteaghlach, daoine atá féinfhostaithe nó fonn orthu fostaíocht a chruthú sa cheantar na tithe a cheannach.
"Ceapann muid go bhfuil botúin déanta ag na comhairleoirí contae agus níl aon ambras orainn ach go ndéanfaidh sé seo dochar don teanga sa Ghaeltacht,"
arsa Padraig Ó Ceithearnaigh ín ngrúpa Airdeail. "Is trua nár éist siad lenár gcomhairle nó le Príomhfheidhmeannach Údarás
na Gaeltachta, nó le feidhmeannaigh de chuid na Comhairle Contae féin, a d'iarr orthu fanacht go dtí go raibh plean forbartha Chonamara réitithe acu, plean a bheidh
réidh go luath, fad agus is eol dom.
"Ta sé rispéisiúil go bhfuil na Comhairleoirí a rá go bhfuil an pobal ag gearán faoin gcoinníoll nuair, de réir mar a thuigimse, nior
tugadh cuireadh dúinn dul ann, níor aontaigh na hionadaithe pobail leis na Comhairleoirí Contae ag an gcruinniú mór a bhi ar siul chun an cheist a
phlé."
Tá léamh Airdeail ar an scéal diúltaithe ag Séamas Breathnach, ball de chuid
Fhianna Fáil ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta.
"Táim an-sasta gur tógadh an vóta agus is cuma liom faoi Airdeail," arsa sé.
"Níl siad tofa agus nil siad ag déanamh ionadaíochta ar son éinne.
"Nior tháinig an coinníoll isteach ach i 2003 agus níl aon athrú déanta seachas cead a thabhairt do daoine teach a cheannach i gceantar má tá
siad ag obair ann agus más as an áit iad ó dhúchas.
"Nil aon Ghaeilge i nBaile Chlár na Gaillimhe agus i lár Mhaigh Cuilinn agus ní raibh ciall leis an gcoinníoll ann."
Bánú na Gaeltachta ceal daoine le teacht chun cónaí ann a spreag Seosamh Ó Cuaig, an Comhairleoir neamhspleach, an leasú a bhrú.
"Ta sé scoil i bparíiste Chama ach an fómhar seo, ni bheidh ach 11 naíonan ag tosú sna scoileanna sin, san iomlán," arsa an Combairleoir Ó Cuaig
"Ta sé maith go leor ag daoine bheith ag caint go baoth gan smaoineamh ar na nithe seo ach bhi ga le nid éigin a d'aithneodh chomh casta is ata an scéal seo.
"Da bhfhéachfadh éinne ar an liosta ata molta againn don dream a bheadh i dteideai tithe sa Ghaeltacht, d'fheicfidis gur riail teanga de chineál eile atá ann ar aon
chuma."
De réir Airdeali, ba é an taon duine a rinne gearán leo faoin dearcadh atá acu ná forbróir tithiochta.
"Ta sé rí-éasca an locht a chur ar an nGaeilge do na fadhbanna daonra ata i gceantair áirithe agus is firic é nár diúltaíodh aon
fhorbairt tithíochta de bharr an choínnill teanga amhain," arsa Ó Ceitheamaigh.
"Beidh muid ag déanamh monatóireacht an-ghéar ar chur i bhfeidhm an choinníoll amach anseo chun a chinntiú go gcosnaítear an Ghaeilge."
Laistigh de shé mhi elle, beidh tús a chur le plé ar phlean forbartha nua do Chontae na Gaillimhe, rud a chiallóidh go mbeidh an díospóireacht ann
arís faoi seo.
Colm Ó Broin Lá 27/7/2006 |
Díolta amach!
Tá cinneadh tógtha ag Comhairleoirí Chondae Chonamara a mbeidh
tionchar tubaisteach aige ar Ghaeltacht Chonamara. In aon athrú amháin
den phlean forbartha, tá buille marfach buailte acu ar na toghroinn
imeallacha agus na ceantair is laige ó thaobh na Gaeilge de. Tá na
teorainneacha Gaeltachta ath-tharraingthe acu i nGaillimh agus ní
bheidh buntáiste ag éinne as, ach ag lucht forbartha agus a gcuid
comhleacaithe.
Níl fhios agam an dtuigeann seachtar Chonamara chomh tromchúiseach is
atá an chinneadh a thóg siad De Máirt seo caite. Mar a bhí mé ag tuar
sa nuachtán seo an lá céanna, níor thugadar aon áird ar mholtaí
Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ná na h-ionadaithe pobail a
d'fhreastail ar an bhFóram Pleanála in Óstán na Páirce. Thugadar an dá
mhéar dúinn ar fad agus ní mhaithfear dóibh é.
Ag cruinniú a mhair ar feadh an lae De Máirt, phléigh Comhairle
Chondae na Gaillimhe na leasuithe atá molta do Phlean Forbartha an
Chondae. Ina measc, bhí athraithe don choinníoll Ghaeilge ar eastáit
tithíochta sa Ghaeltacht. Táréis cupla uair a chloig
d'idirbheartaíocht leis an innealltóir sinsearach tháinig
Comhairleoirí Chonamara aníos le foirmle nach gcuirfí an riail i
bhfeidhm feasta i gceantracha ina bhfuil níos lú de 20% den daonra ag
labhairt Gaeilge go laethúil.
Ní chuirfear an choinníoll i bhfeidhm sna ceantair CLÁR ach oiread. Tá
teorainn samhailteach tarraingthe acu ar an gCeathrú Rua freisin agus
cuirfear an choinníoll teanga i bhfeidhm soir uaidh sin.
Fágann sin go bhfuil suas le cúig chinn déag de thoghroinn i
nGaeltacht na Gaillimhe nach mbeidh an choinníoll teangan i bhfeidhm
iontu. Le breathnú ar ar bhealach eile seans nach gcuirfear an
choinníoll teangan i bhfeidhm ach ó na Forbacha siar go dtí an
Cheathrú Rua nuair a bheas an phlean seo in áit.
Tá an Achréidh imithe. Tá pócaí láidre Gaeltachta fágtha as an scéal -
Muighros i gceantar Iorras Aithneach, an Fháirche agus áiteanna cosúil
le hInis Niaidh. Tá ceantair Maigh Cuilinn, Bearna agus Tulach Uí
Chadhain i mbaol mór. Tá siadsan ar an teorainn ó thaobh figiúrí
daonáireamh 2002 de. Má bhíonn laghdú beag ar bith ar fhigiúrí
daonáireamh na bliana seo beidh siadsan fágtha as chomh maith. Beidh
an cheantar Ghaeltachta dhá chungú is dhá bhrú siar as éadan.
Cibe cén seans a bhí ag na Gaeltachtaí laga i nGaillimh maireachtáil,
tá sin scriosta ar fad anois. Beidh muid faoi thionchar an margadh
oscailte. Ní bheidh aon rud leis na forbróirí a stopadh lena gcuid
tithe agus árasáin a dhíol le pé duine atá sásta an luach is airde a
dhíol. Tá siadsan ag gáire leo féin.
Beidh méadú ar an líon tithe a cheannóidh lucht infheistíochta, beidh
cuid mhaith dhá ligean ar chíos le muintir na h-áite - nach mbeidh in
acmhainn teach a cheannacht dóibh féin níos mó ar na praghasanna árda.
Níos measa arís beidh ar an stát liúntas a íoc le cabhrú le daoine ar
an ngannchuid chun an cíos a dhíol. Beidh muid ar fad thíos leis an
gcinneadh scannallach seo. Tíarnaí talúna nua na 21ú aoise.
Tá muid díolta amach ag Comhairleoirí Chonamara an seachtar acu. Is
mór an náire dóibh é. Dhiúltaigh siad an cinneadh seo a chur siar.
Dhiúltaigh siad díospoíreacht oscailte a bheith acu faoin ábhar. Níor
thugadar fianaise dá laghad go raibh gá leis an leasú seo. Tá a gcuid
lámha salaithe acu agus ba chóir go n-inseoidís an fhírinne faoi cé
bhí ag cur brú orthu. Tá cuid acu á rá go príobháideach, gan aon náire
orthu.
De réir comhairle dlí atá faighte agam, d'fhéadfadh impleachtaí níos
measa a bheith ag na h-athraithe seo. Tá dualgas ar an gComhairle
Condae faoin Acht Pleanála 2000 cosaint a thabhairt don cheantar
Gaeltachta atá faoina gcúram ní píosaí de. D'fhéadfaí dúshlán dlí a
thógáil in aghaidh na rialacha nua seo agus tá mé cinnte go bhfuil
forbróirí áirithe a bheadh breá sásta tacú le cás triailach dá
leithéad. Má dhéantar sin tá seans an-láidir ann go dtitfidh an
choinníoll teanga ar fud Ghaeltacht Chonamara. Beidh tionchar
an-diúltach aige sin ar chás na Gaeltachtaí eile chomh maith. Má
tharlaíonn sin is ar cheann na gComhairleoirí s'againne a bhéas sé.
Is lá dorcha é seo don Ghaeltacht, don phróiséas Daonlathach agus do
mheanma an phobail. Is dorn sa bpus é don dream atá i ndáiríre ag
iarraidh an chultúr agus teanga a chur chun cinn. Beidh tionchar an
chinneadh seo le brath lá i bhfad níos faide anonn ná an lá inniu. Ar
mhaithe le céard? Ar mhaithe le pócaí dream santach a líonadh
tuilleadh. Is dána an mhaise dhóibh uilig é.
Trevor Ó Clochartaigh Lá 27/7/2006 |