Pleanáil sa Ghaeltacht

Cad e an tosaíocht ba cheart bheith againn agus sinn ag caint ar an gceist achrannach seo, go háirithe sna sála air an gcinneadh a rinneadh, an tseachtain seo, ag Comhairle Contae na Gaillimhe?

An bhfiuil sé níos tábhachtaí an pobal ina labhraitear an Ghaeilge ar bhonn laethúil a choinneál beo, bríomhar agus tuilleadh daoine ag iarraidh cur fúthu ann?

Nó an fearr linn go mbeadh riail dhaingean ann a thabharfadh tús áite don Ghaeilge a chomneáil slán ó bhagairt ón dtaobh amuigh trí riail dhaingean teanga a chur i bhfeidhm?

Nó an bhfuil bealach inar féidir an dá thrá a fhreastal?

Ar lámh amhain, tá leithéidi Sheosaimh Uí Chuaig, nach gceisteodh éinne a dhintiúir ó thaobh chosamnt na teanga de, agus é ag léiriú imní go bhféadfadh pobail Ghaeltachta ar nós phobal Charna bheith i mbaol mar gur beag seans go mbeidh go leor cainteoirí Gaeilge ag iarraidh cur fúthu ann is a mheallfadh forbróir le heastát tithiochta a thógáil ann.

Agus as an lámh elle, tá Trevor Ó Clochartaigh - fear eile a bheadh molta agus sinne inár dtost maidir lena bhfuil déanta aige as son na Gaeilge is na Gaeltachta - a chreideann gurb ionann an cineál rangú atá déanta anois as Ghaeltacht Chonamara ó thaobh chur i bhfeidhm na rialach teanga de agus atarraingt theorainneacha na Gaeltachta, a thagann roimh chinneadh offigil an Aire, an bhliain seo chugainn.

Tá an grúpa Airdeail ag rá gur botún mór atá déanta ag Conmhairleoirí Chonamara, an dream is mó a bhrúigh an leasú is déanai, ach an féidir go bhfuil bealach aimsithe ag Seosanmh Ó Cuaig agus a chonmhghleacaithe a mbeidh toradh fónta air, sa deireadh thiar?

An bhflul sé in amn dúinn a aithint gur daoine a labhraíonn Gaeilge atá ina gcónaí sa Ghaeltacht seachas teanga agus go gcaithfirnid iad sin a thabhairt linn leis an Ghaeilge a thabhairt slán?

Eagarfhocal Lá 28/7/2006