Idir dhá stól Príomhbhaile Ghaeltacht Chonamara fágtha gan cosaint
Tá imní léirithe ag cathaoirleach Choiste Pobail na Ceathrún Rua gur féidir nach bhfuil aon chosaint
fágtha don Ghaeilge sa bhaile ó thaobh na pleanála de.
Ag labhairt dó le Lá, inné, dúirt Trevor Ó Clochartaigh go raibh an-bhuairt air de bharr comhfhreagras a fuair sé ó ionadaí ó
Chomhairle Contae na Gaillimhe tar éis do chomhairleoirí vótáil d'aon ghuth, Dé Máirt seo caite, chun leasú a dhéanamh ar an riail
teanga i nGaeltacht Chonamara.
De réir an chomhfhreagrais sin ó Paul Ridge, tá an riail teanga mar a bhí i bhfeidhm sa cheantar a chlúdaítear sa limistéar GTPS (Galway Transportation and Planning Study), tuairisc a
ndearnadh coimisiúnú uirthi i 1996 agus a bhaineann le cúrsaí iompair seachas cúrsaí teanga.
I litir a sheol an tUasal Ó Clochartaigh chuig baill ó Chonamara, dúirt sé nach raibh An Cheathrú Rua san áireamh sa limistéar
seo.
De réir an leasaithe a bhí déanta ar an bplean forbartha, an tseachtain seo caite, cinneadh go mbeadh riail leasaithe i réim i
gceantar CLÁR.
Níl An Cheathrú Rua sa cheantar seo ach an oiread.
"Mas amhlaidh gur fágadh príomhbhaile Ghaeltacht Chonamara as an áireamh, is léir go bhfuil faillí mór déanta," a dúirt an tUasal
Ó Clochartaigh, agus é ag díriú mhéar an mhilleáin ar an seachtar comhairleoirí ón cheantar a bhrúigh an riail leasaithe teanga
chun tosaigh.
Thug an tUasal Ó Clochartaigh le fios nach ndearnadh ach tuairim is deich nóiméad de dhíospóireacht ar an mhír a bhain leis an
riail teanga le linn an phlé faoi leasú ar an bplean forbartha, a mhair 14 uair.
Agus tharla an plé sin idir 1rn agus 1.15rn, maidin Dé Céadaoin.
Anois tá an tUasal Ó Clochartaigh ag lorg soiléiriú ar stádas na Ceathrún Rua faoin phlean leasaithe, ar bhonn práinne.
Nó mas amhlaidh go bhfuil a anailís cruinn, beidh acu le cruinniu eile den Chomhairle a ghairm roimh 9 Lúnasa, an sprioclá le
haghaidh achomhairc ar an bplean forbartha leasaithe.
Concubhar Ó Liatháin Lá 2/8/2006 |