Beidh sibh bodhraithe
agam ag caint faoin
bpleanáil.
Ní raibh sé i gceist
agam tagairt ar bith a
dhéanamh dó an
tseachtain seo, go dtí gur
tháinig casadh eile sa
scéal, a dhearbhaigh an
imní a bhí orm go bhfuil
praiseach cheart déanta
ag Comhairleoirí
Chonamara de.
Léarscáil Chonamara a léiríonn nach bhfuil Casla ná An Cheathrú Rua san áireamh i gceantar na rialach teanga
|
Tugadh le fios, go
neamhbhalbh, an
tseachtain seo caite ar
Raidió na Gaeltachta go
mbeadh coinníoll teanga
fós i bhfeidhm ar eastáit
tithíochta a gheobhadh
pleanáil i gConamara ó
Bhearna siar go dtí an
Cheathrú Rua agus an
Cheathrú Rua san
áireamh.
Tháinig sé chun solais
an tseachtain seo, nach
fiú tráithnín an gheallúint
sin.
Tá cáipéisí faighte
agam ó fheidhmeannas
na Comhairle a léiríonn
go soiléir go bhfuil botún
mór sa tslat tomhais a
d'úsáid na Comhairleoirí
agus iad ag athrú an
Phlean Forbartha Contae
an tseachtain seo caite.
Theastaigh
Chomhairleoirí
Chonamara fáil réidh leis
an gcoinníoll teanga in
áiteanna áirithe de
Ghaeltacht na Gaillimhe.
D'úsáid siad na figiúirí
daonáirimh le ceantair
ina bhfuil níos lú ná 20%
den phobal ag labhairt na
Gaeilge iontu a fhágáil
gan choinníoll.
Chuir said
coinníollacha eile i
bhfeidhm sna ceantair
CLÁR le tús áite a
thabhairt do mhuintir na
háite, do dhaoine a
chruthódh fostaíochta
agus do Ghaeilgeoirí ó
chuile áit ar fud an
domhain. Bhí an coinníoll
teanga le fágáil ó
Bhearna go dtí an
Cheathrú Rua, deir siad.
Ach bhí fadhb bheag
amháin ann.
Cén chaoi an ndéanfa
idirdhealú sa phlean idir
an ceantar sin agus na
háiteanna eile i
nGaeltacht na Gaillimhe?
Tháinig na Comhairleoirí
ar sheift. D'úsáidfaí
léarscáil a bhí leagtha
amach i gcomhair údair
eile ar fad. Tháinig siad
ar cheann ón Galway
Transportation and
Planning Study (GTPS).
Cén bhaint atá aige seo
leis na limistéir
Ghaeltachta agus le
cúinsí
sochtheangeolaíochta?
Faic na ngrást. Is
léarscáil é a leagadh
amach i 1999 le
meastóireacht a
dhéanamh ar riachtanais
iompair agus lonnaíochta
i gCathair na Gaillimhe.
Ach, nach cuma faoi
sin; nach ndéanfadh sé?
Tá deacracht beag
amháin leis an gcur
chuige áfach, ní
chlúdaíonn an léarscáil
ach an ceantar siar
chomh fada leis an
Tulach.
Níl Casla nó an
Cheathrú Rua clúdaithe
ag an GTPS agus níl aon
tagairt sonrach eile
déanta don cheantar sa
bplean.
Ní thagann muid faoi
aon cheann de na
coinníollacha is cosúil.
"Cheap muid go raibh
an Pápa théis fáil réidh
le liombó, tá muidne
curtha i liombó arís ag
na Comhairleoiri
Contae!"
|
Cheap muid go raibh
an Pápa théis fáil réidh le
liombó, tá muidne curtha
i liombó arís ag na
Comhairleoiri Contae!
Má tá muid faoin socrú
céanna is atá na ceantair
CLÁR, d'inis na
Comhairleoirí bréag an
tseachtain seo caite mar
gur dúradar go mbeadh
an coinníoll teanga i
bhfeidhm ann. Muna
bhfuil coinníoll i
bhfeidhm, tá muid fágtha
ar an trá fholamh ag na
Comhairleoirí ar aon
chuma.
Más botún dáiríre atá
ann, níl an fhoclaíocht sa
leasú don phlean ag dul
de réir mianta na
gComhairleoirí agus
caithfear sin a shocrú.
An deacracht leis sin,
is cosúil, nó go gcaithfí
sin a dhéanamh roimh 9
Lúnasa agus caithfear
cruinniú iomlán den
Chomhairle Contae a
ghlaoch leis na leasuithe
a cheartú.
Cuma cén chaoi a
mbreathnaíonn tú air seo,
tá praiseach déanta.
Seo uilig de bharr
dhíocas na
gComhairleoirí brú ar
aghaidh le hathruithe,
gan phlé oscailte, poiblí -
beag beann ar mholtaí an
Údaráis, feidhmeannaigh
na Comhairle féin agus
ionadaithe pobail an
cinneadh a chur siar le go
bhféadfaí na hathruithe a
mheas go ciallmhar.
Dúradar linn nár bhain
sé linn, go raibh siad breá
ábalta cinneadh a
ghlacadh ar a gconlán
féin.
Féach cár fhág sin
cúrsaí. Tá muid ag
iarraidh soiléirithe anois
maidir le stádas Chasla
agus an Cheathrú Rua -
mar ábhar práinne.
Teastaíonn uainn go
mbeadh coinníoll láidir
teanga i bhfeidhm san áit.
Idir an dá linn, tá muid
ag iarraidh dearbhú nach
scaoilfear aon iarratas
pleanála ar eastáit
tithíochta chun cinn ar an
mbaile, gan cosaint a
thabhairt don Ghaeilge
mar theanga phobail.
Tá muid ag iarraidh go
nglacfaí le moltaí
Phádraig Ó hAoláin
maidir le díospóireacht
oscailte agus
chuimsitheach faoin
scéala seo.
Tá praiseach déanta
ag na Comhairleoirí den
scéal - iad féin a
chaithfidh sin a chur ina
cheart.
Tá súil agam go
mbeidh siad misniúil go
leor le glacadh le cúrsaí
mar atá agus gach ar
féidir leo a dhéanamh leis
an scéal a leigheas.
Ach, meastú an
mbeidh siad mór go leor
do sin?
Trevor Ó Clochartaigh Lá 3/8/2006