Ceartú an bhotúin
Cosaint an choinníl teanga ag An Cheathrú Rua agus Casla in athuair
Léiríodh imní an tseachtain seo caite nuair a thug Cathaoirleach Choiste Phobail na Ceathrú Rua, Trevor Ó Clochartaigh, lúb ar lár chun solais sa phlean forbartha a raibh leasú déanta air an tseachtain roimhe. De réir an Uasail Uí Chlochartaigh, bhí deacracht leis an bplean leasaithe mar nach raibh sé i gceist ach an ceantar GTPS, sé sin limistéir 30KM timpeall na Gaillimhe a shín siar cois Fharraige chomh fada leis An Tulach, a bheith ceangailte leis an choinníoll teanga d'fhorbairtí úra. D'fhág sé sin go raibh bailte móra na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, mar a bhfuil go leor institiúidí Gaeilge ar nós Áras Mhairtín Uí Chadhain agus ceannáras Foinse, agus Casla, suíomh cheannárais RTÉ Raidió na Gaeltachta, fágtha as an cheantar a bhí ceangailte leis an gcoinníoll teanga. Dar leis an Uasal Ó Clochartaigh, bhí soiléiriú de dhíth ar chonas mar a fágadh na bailte sin as an áireamh nuair a vótáil na comhairleoirí contae d'aon ghuth ar son an phlean leasaithe. "Ba mhaith liom fáilte chúramach a chur roimh an leasú is déanaí seo nó beidh orm scrúdú níos míne a dhéanamh ar an leasú," dúirt an tUasal Ó Clochartaigh le Lá inné. Dúirt sé go raibh sé soiléir go raibh an chomhairle contae tar éis a aithint go raibh botún déanta agus gur mhithid é a cheartú ach thóg an ceartú fein ceisteanna faoi chur chuige na Comhairle Contae is na Comhairleoirí ach go háirithe. "Téann sé in aghaidh bhrí an fhocail, pleanáil, a bheith ag déanamh a leithéid seo," duirt sé. "Seo pleanáil in am an ghátair, ag iarraidh botúin a cheartú. "An rud atá de dhíth anois ná díospóireacht níos leithne a chinnteodh cur chuige níos straitéisí san fhad téarma." Chuir Airdeall, an ghrúpa a bunaíodh faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge le súil a choimeád ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus ar chur i bhfeidhm coinníollacha teanga, fáilte roimh an cheartúcháin freisin. Ach má chuir siad fáilte roimh an cheartúchán, tá imní ar an eagras go fóill faoin treo a bhfuil cúrsaí imithe sa Ghaillimh.
"Is cúis imní agus díomá é i gcónaí do Airdeall go
mbeidh Ceantar na nOileán, Iorras Aithneach agus Ros Muc/Camus fágtha gan cosaint
ceart teanga, agus forbairtí tithíochta á gceadú ag an gComhairle
Contae, faoin leasú a rinneadh ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe," duirt
urlabhraí Airdeall le Lá.
Concubhar Ó Liatháin, Lá
10/8/2006 |