Easpa tacaíochta ar Bhord ÚnaG d'athrú ar choinníoll teanga

Tá tromlach de bhaill Bhord Údarás na Gaeltachta in aghaidh na n-athruithe ar an gcoinnioll teanga i bpróiseas pleanála na Gaillimhe. Ba iad seachtar comhairleoirí Chonamara a mhol na hathruithe agus tá ceathrar den seachtar sin - Connie Ní Fhatharta (FF), Seán Ó Tuairisg (FF), Seosamh Ó Cuaig (NS) agus Séamas Breathnach (FF) ar Bhord Údarás na Gaeltachta chomh maith.

Glacadh leis na hathruithe ag cruinniú de chuid na Comhairle Contae níos luaithe an mhí seo. Ciallaíonn na hathruithe go mbeidh polasaí, maidir le cur i bhfeidhm an choinníoll teanga, difriúil i gceantair éagsúla i nGaeltacht na Gaillimhe.

As an sé déag bail de Bhord an Údaráis, nach baill lad de Chomhairle Chontae na Gaillimhe chomh maith, ní raibh ach ceathrar a d'aontaigh leis na hathruithe. Bhí seachtar in aghaidh na nathruithe agus cúigear gan tuairim ar an gceist nó nár éirigh le Foinse labhairt leo.

D'aontaigh formhór de biaill Bhord an Údaráis go raibh tuilleadh plé ag teastáil agus go mba chóir scrúdú nios déine a dhéanamh ar an gceist sular athraíodh na comníollacha.

As seo amaci i gContae na Gaillimbe, beifear ag cur an choinníoll teanga i bhfeidhm ar dhá bhealach ag brath ar an bhfuil an áit suite taobh amuigh nó taobh istigh de theorainn GTPS, a shineann thart ar 25 mile mórthimpeall na cathrach.

Taobh istigh den teorainn, ni gá céatadán tithe i bhforbairtí tithíochta nua Gaeltachta a chur ar leataobh do Ghaeilgeoiri ach amháin in áiteanna cosúil le Cois Fharraige ina bhfuil nios mó ná 20% ag labhairt na Gaeilge.

Taobh amuigh den teorainn, ni gá ceatadán tithe a chur ar leataobh do Ghaeilgeoiri a thuilleadh.

"Sí mo thuairim phearsanta ná gur fearr dá mbeadh na rialacha céanna agus na coinníollacha céanna ag dul lels na Gaeltachtaí uilig," a deir Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin.

Tá deacrachtai ag an gcomhalta ainmnithe Treasa Uí Lorcáin le roinnt de na hathruithe, "Ni aontaim leis an gcaoi go bhfuil an coinnioli fágtha i gceantar na nOileán agus i gceantar lorras Aithneach, ó Chamus siar," a deir sí. Aontaíonn Pádraig Ó Dochartaigh, comhalta tofa ar Bhord Údarás na Gaeltachta as na Doirí Beaga go bhfuil gá le cur i gcrích éagsúil i gceantair éagsúla.

Thug sé le fios go bhfuil an cheist pléite ag leibhéal na Comhairle Contae i nDún na nGall agus go bhfuilear ag brath ar shocrú den chineál céanna a chur i bhfeidhm ansin. Tá imní ar roinnt de na comhaltaí go mbeidh impleachtaí ag a leithéid de chur i bhfeidhm do na Gaeltachtaí is laige. Dar leis an gcomhalta Cathal Seoighe as ceantar Ráth Chairn beidh na Gaeltachtaí laga i mbaol mura bhfuil an riail ach á cur i bhfeidhm in áiteanna le nios mó ná 20% cainteoiri. "Séard atá siad a rá i ndáirire ná go mbeadh siad ag tabhairt droim láimhe d'áiteachai ina bhfuil an Ghaeilge lag, agus nach bhfuil seans ar bith ag an nGaeltacht lag teacht ar ais."

Bridget Bhreathnach; Foinse 20/8/2006