Fahey ag iarraidh deireadh a chur le cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht - Cá seasann Ó Cuív?

A Chara


Ráiteas Frank Fahey
Good news for developers if Irish clause is removed

Donncha Ó hÉallaithe: Galway Advertiser 14/9/2006

Ta sé ráite go poibli ag an Aire Stáit Frank Fahey T.D. go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfí ar ceai an mhír san Acht Pleanála a thugann cosaint trid an gcóras pleanála don Ghaeilge sa Ghaeltacht. I ráiteas a eisíodh ar an 30 Lúnasa óna oifig, dúradh an méad seo a leanas :

    Frank Fahey, Minister of State at the Department of Justice, Equality and Law Reform today called on Minister for the Environment, Heritage and Local Govemment; Dick Roche T.D. to rescind the Irish Language clause of the 2000 Planning Act.
Glacaim leis gurb é Alt 10.2 (m) san Acht Pleanála agus Forbartha 2000 atá i gceist aige. Faoin alt sin tá dualgas reachtúil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ar chuile Chomhairle Chontae eile le ceantar Gaeltachta faoina cúram, cosaint a thabhairt do oidhreacht teanga na Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga pobail.

Ta an cosúlacht ar an scéal go bhfuil Frank Fahey ag iarraidh an t-alt cosanta thuasluaite a chur ar ceal gan tada a chur ina áit. I bhfocla eile tá sé ag iarraidh ar an Rialtas seo, ina bhfuil sé féin ina Aire Sóisearach, deireadh a chur leis an dualgas atá ar an gComhairle Contae, cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ar mhaithe le forbróiri atá sé ag gniomhú, ar ndóigh.

Glacaim leis nach bhfuil an tAire Eamonn Ó Cuív, a bhfuil cúram na Gaeltachta air, ag tacú le Frank Fahey. Ach ba dheas liom dearbhú poiblí a fháil uaidh, i bhfoirm ráitis, go seasann sé féin agus an Rialtas leis an gcosaint a thugann an tAcht Pleanála don Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht, in amneoin iarrachtai Frank Fahey é a chur ar cheal, ar mhaithe le forbróiri áirithe.

Ádh mór,

Donncha Ó hÉallaithe,
Aille,
Indreabhán,
Conamara.

Foinse 10/9/2006


Baile
'Does Frank Fahey know what he is talking about?'

A chara,

In Iast week's edition ofyour paper you stated that 'Minister Frank Fahey T.D. has called on Minister Dick Roche to get rid of the planning clause that obliges people who want to build a bouse in Gaehacht areas to undergo lrish Language tests'. There is no such clause in the Planning Act.

I checked Minister Fahey's excellent website to find that wbat be has called for is the rescinding of 'Irish language clause ' from the Planning Act. The site con-tains a press release issued by his office, dated August 3Oth, which begins as follows:

Frank Fahey, Minister of State at the Department of Justice, Equality and Law Reform today called on the Minister for the Environment, Heritage and Local Government, Dick Roche T.D., to rescind the Irish language clause of the 200( Planning Act.

I assume Section 10.2 (m) of the Planning and Development Act 2000 is the clause he has in mmnd. It simply places a statutory obligation on all planning authorities with Gaeltacht areas, to ensure that the protection of the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht' is a stated objective in the County Development Plan. This is the basis for Galway County Council seeking to restrict housing developments in certain Gaeltacht areas in order to protect Irish as a living community language.

Nowhere mn the legislation does it state that people who want to huild a bouse in the Gaeltacht must undergo a language test. Bither Frank Fahey does not know what he is talking about or he is engaged in scare mongering and does nothing to progress the debate as to what is the best way for Galway County Council to fulfil its statutory obligations under the Planning Act, with regard to the protection of the Irmsh Ianguage as a living community language in the Gaeltacht.

While Junior Mmnister Fahey has every right to campaign for the removal of that protection and engage in a public debate on the matter, it is irresponsible of hlm to spread misinformation through your newspaper. I would expect a little more honesty from Minister Fahey while he is engaged in his campaign on behaif of the developers, whose motives are not exactly altruistic and certamnly not in the best interests of the Gaeltacht.

Ádh mór

Donnoha Ó hÉallaithe,
Aille,
lndreabhan,
Conamara

Galway Independent: 13/9/2006

Dótháin cosanta don Ghaeilge sa phleanáil - Aire Comhshaoil

Níl sé i gceist ag an Aire Comhshaoil, Dick Roche, aon rialachán a dhéanamh a chuirfeadh iachail ar fhorbróiri go n-ullmhófai ráiteas tionchair teanga neamhspleách maidir le gach forbairt a mholtar i limistéir Ghaeltachta.

Ag freagairt ceiste sa Dáil, an tseachtain seo caite, ó Aenghus Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, dúirt an tAire nach raibh sé ar intinn aige aon rialachán nua a dhéanamh maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht "ag an bpointe seo". Thagair an tAire d'altt 10(2)(m) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 agus an chosaint ann don Ghaeilge.

"Ni mór aidhnieanna faoi chosaint oidhreacht teangeolaíochta agus chultúrtha na Gaeltachta, agus faoi chur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail, a bheith i measc aidhmeanna an phleán fhorbartha in áit a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceist. Caithfidh na húdaráis phleanála, agus An Bord Pleanála, na haidhmeanna seo a thabhairt san áireamh agus cinneadh á ghlacadh acu ar chásanna pleanála. Tá mé sásta gur cuí na forálacha seo chun déileáil le cúrsaí teanga agus cultúrtha sa Ghaeltacht, ó thaobh pleanála de, agus - nach gá tuilleadh rialacháin a cheapadh ag an phointe seo," a dúirt an tAire Comhshaoil, Dick Roche.

D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, i bhfianaise chinneadh an Bhoird Pleanála maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, an raibh sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a cheanglóidh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar le go n-ullmhófaí ráiteas tionchair teanga neamhspleách maidir le gach forbairt sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Roche: Faoi alt l0(2)(m) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000, ni mór aidhmeanna faoi chosaint oidhreacht teangeolaiochta agus cultúrtha na Gaeltachta, agus faoi chur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail, a bheith i measc aidhmeanna an phlean fhorbartha - áit a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceist.

Caithfidh na húdaráis phleanála, agus An Bord Pleanála, na haidhmeanna seo a thabhairt san áireamh agus cinneadh á ghlacadh acu ar chásanna pleanála. Tá mé sásta gur cui na forálacha seo chun déileáil le cúrsai teanga agus cultúrtha sa Ghaeltacht, ó thaobh pleanála de, agus nach gá tuilleadh rialacháin a cheapadh ag an pointe seo.

Seán Tadhg Ó Gairbhi; Foinse 1/10/2006