An bhfuil an córas daonlathach faoi ionsaí i gConamara?
A Chara,
Séard a thuigfinnse leis sin ná gur ag na daoine a bheadh an chumhacht. Má
tá daoine tofa ag na daoine, ba cheart go n-éisteodh siad leis na daoine agus go
ndéanfadh siad an rud a bheadh na daoine a iarraidh orthu, fiú amháin, ba
cheart go dtabharfadh siad deis do na daoine tuairimí a thabhairt faoi aon athrú a
bhionn nó a cheapann na daoine gur cheart a dhéanamh ar chúramaí an
Rialtais, náisiúnta nó áitiúil. Ba cheart go mbeadh siad ag
spreagadh daoine le tuairimí a thabhairt agus díospóireacht a dhéanamh.
Teastaionn sé seo le gach ceist a phlé go mion. Dhá méid tuairimí
atá agat sé is fearr agus ta seans níos fearr teacht ar an tuairim cheart sa
deireadh. Cén fáth mar sin gur tháinig comhairleoirí Chonamara ar
shocrú athrú a chur ar an geoinnioli teanga maidir le pleanáil.
D'eagraigh P Ó hAoláin, Priomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
cruinniú in Óstán na Páirce le plé a dhéanamh ar an
athrú seo a bhí bheartaithe ag comhairleoirí Chonamara. Fuair coistí
Pobail, Comharchumainn agus eagraiochtaí eile cuireadh ag an gcruinniú.
B'fhéidir go mb'fhearr dá mba chruinniú oscailte a bheadh ann ach bhí
slua maith daoine ana agus bhí ionadaithe ann as beagnach gach ceantar i gConamara. Labhair
roinnt mhaith daoine ag an gcruinniú sin agus dúirt siad uilig gar cheart an
coinníoll teanga a fhágáil mar a bhi go mbeadh am tuilleadh plé a
dhéanamh air.
Níor aontaigh na comhairleoirí linn. Dúirt duine amháin de na
comhairieoirí linn go gcaithfeadh sí aird a thabhalrt freisin ar dhaoine taobh amuigh
den chruinniú a bhionns ag tabhairt treoir di. Nior dhúirt sí cé iad
fhéin nó cé mhéid acu atá ann. Dúirt si freisin go raibh
sí tofa trí huaire le 15 bliain agus go raibh mandate maith aici.
Ní cosúil go n-aontaíonn sí le mo chuid tuairimí faoi
chéard é an córas daonlathach, agus is cosúil go n-aontaíonn an
chuid eile de chomhairleoirí Chonarnara léi. B'fhéidir go mbeadh siad in ana
inseacht dhúinn cén chaoi go direach a dhéanann siad cinneadh nó
cé ag a mbeadh tionchar ar an gcinneadh a dhéanann siad mar tá sé
soiléir nach raibh aon tionchar ag an bplé a déanadh ag an gcrulnniú in
Óstán na Páirce orthu ach b'fhéidir cantal a chur orthu mar go raibh
sé de dhánaíocht ag na daoine easaontú leo. Is dócha gur cheart
go mbeadh fhios againn go mbionn siad i gcónaí ar mhaithe linn agus muinín a
bheith againn astu agus go bhfuil siad ag déanamh an tsocrú ceart ar mhaithe linn,
cé go bhfuil muid ró-shimplí le tuiscint cén fáth agus tá
sé de dhánaíocht ionainn a cheapadh go bhfuil muid ceart.
Tá mise ag ceapadh go bhfuil sé in am ag muintir Chonamara ceist a chur cé
tá ag déanamh socruithe istigh sa gComhairle Contae ar mhaithe linn agus cén
fáth go mórmhór mura n-aontaíonn muid leo. Is cosúul nadh
féidir linn a bheith ag brath ar na meáin leis na ceisteanna seo a chur agus
freagraí a fháil orthu.
Foinse 3/9/2006 |