Freagra tugtha ar cheisteanna Chonnie faoi Airdeail
Ag labhairt dhó ar RnaG ar an Máirt seo caite thug Donncha Ó hÉallaithe,
urlabhraí Airdeail freagra ar na ceisteanna a bhí á chur le píosa ag an gComhairleoir Chonnie Ní
Fhatharta (FF) faoin eagraíocht Airdeail, a bhíonn ag déanamh achomhairc ag an mBord Pleanála faoi
scéimeanna tithiochta sa Ghaeltacht.
Coicíos ó shin ar Raidío na Ghaeltachta dúirt an Comhairleoir Ní Fhatharta go raibh sí ag iarraidh a
fháil amach cén próiséas atá ag Airdeail le larratais a roghnú le achomhairc a dhéanamh orthu. Ar an
gclár Cúrsaí an Lae, De Máirt seo caite dúirt Donncha Ó hÉallaithe gur cuireadh Airdeail ar bun mí
Feabhra 2005, mar fhochoiste den eagraíocht Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, gur coiste oibre iad atá
ag obair go deonach le súil a choinneál ar chúrsaí pleanála, chun a chinntiú nach ndéafar dochar don
Ghaeilge "Sa mhéad beag den Ghaeltacht" atá fanta, tré scéimeanna tithíochta a cheadú gan chosaint
cheart a bheith tugtha don teanga.
"Is grúpa oibre muid, ar a bhfuil ionadaíocht óna Gaeltachtai éagsúla: Dún na nGall, Port Láirge, An
Mhí, Ciarraí chomh maith le Gaeltacht Chonamara.
Déanann muid súil a choinneál ar iarratais phleanála inár gceantar féin agus má dhéantar iarratais
ar scéim tithíochta i gceantar ina labhartar Gaeilge, cuirtear aighneaeht isteach ag an gComhairle
Chontae, ag iarraidh orthu cosaint na Gaeilge a chur san áireamh agus an t-iarratas a mheas.
Níl muid in aghaidh tithe. Tá muid in aghaidh tithe a cheadú i gceantair ina labhartar Gaeilge, gan
chosaint a bheith tugtha don Ghaeilge, do réir mar atú leagaithe sios san Acht Pleanála agus sna
Pleananna Forbartha. Cuirtear achomharc ar aghaidh ag iarraidh ar an mBord Pleanála coinníoll teanga
soiléir a chur leis an gcead, nuair a chliseann ar an gComhairle Chontae a ndualgais a
chomhlfonadh."
Dúirt sé go mbíonn daoine i dteangbháil leo ó am go ham ag iarraidh orthu achomharc a dhéanamh le
scéim tithe a stopadh ach nach é sin an cúram atá orthu. "Níl muide in aghaidh tithe a bheith tógtha
sa Ghaeltaeht. Níl muid ach ag iarraidh a chinntiú, má thógtar iad nach mbeidh siad á ndíol ar an
margadh oscailte do dhaoine gan Ghaeilge, ar phraghas a bhíonn ró ard don duine úitiúl."
Dúirt sé nach mbeadh cúis ar bith ag Airdeall achomharc a dhéanamh in aghaidh ceadanna pleanála i
nGaeltaeht Chonamara dá mbeadh Oifig Pleanála na Gaillimhe ag déanamh a chuid gnaithe i gceart. "Tá
locht mór ar an gcoinníoll teanga ginearálta a usáidtear i nGaillimh. Ní dheirtear cé mhéad dena
tithe a bhíonn faoin gcoinnioll teanga sa gcead pleanála. Socraítear é sin níos deireannaí ar chúl
dóirsí dúnta. Níl sin sásúil. Uair amháin socraíodh é ag leibhéal chomh iseal le 33%. Tá sé ráite
cúpla uair ag an mBord Pleanála go bhfuil nósmhaireacht oifig pleanála na Gaillimhe "defiement" agus
"unhelpful" agus go bhféadfaf míusúid a bhaint as an gcomnníoll ginearálta le nach mbeadh éifeacht
ar bith leis sa deire." Dúirt sé go bhfuil sé mar pholasaí ag Airdeail leanacht orthu ag dul ar an
mBord Pleanála, an fhad is a leanann oifig pleanála na Gaillimhe ag usúid coinníoll teanga atá
lochtach.
Ag deire an chláir dúirt an Comhairleoir Ní Fhatharta nach raibh sí sásta leis na freagraí a tugadh
agus nár cheart go mheadh eagraíocht le seoladh i mBaile Atha Cliath ag déanamh achomhairc pleanála
i gConamara.
Glór Chonamara 29/9/2006 Baile |