Deire na Samhna seo caite nuair a pléadh leasaithe ar Dhréachtphlean don Spidéal, glacadh leis go mba cheart cosaint níos fearr a thabhairt don Ghaeilge mar theanga pobail sa Spidéal agus i nGaeltacht Chonamara i gcoitinne. As seo amach beidh ar forbróirí 80% de na tithe in aon scéim cónaithe a ceadaítear sa Spidéal, a choinneál do dhaoine le Gaeilge líofa -dul chun chinn mór ó thaobh cosaint an timpeallacht teanga sa Spidéal. Ach a mhalairt atá tarlaithe ó thaobh cosaint a thabhairt don timpeallacht fisiciúil sa Spidéal de bharr leasaithe eile a deineadh ar an nDréachtphlean.
Ar mhaithe le áiseanna caitheamh aimsire a chur ar fáil a zónáileadh an talamh thart ar Theach an Spidéil, ar a bhfuil sean crainnte aibí ag fás i dtimpeallacht ar fiú go mór a chaomhnú. Thug sé seo cosaint don píosa mór talaimh idir Bóthair Bothúna agus Bóthair Mhaigh Chuilinn, ar an dtaobh ó thuaidh den bóthair agus don píosa eile talaimh ar an dá bhruach den abhainn, ó dheas den bóthair, ag síneadh ó Dhroichead an Spidéil síos chun na farraige. Ach tá an cosaint sin bainte anois de bharr dhá leasú a rinne na Comhairleoirí Chontae ar an Dréachtphlean.
Bhí sé luaite go sonrach sa Dréachtphlean go mbeadh sé mar cuspóir speisialta (ORA 3) ag an gComhairle Chontae do ndéanfaí staidéar ar an dtalamh áirithe seo thart ar Theach an Spidéil "leis an gcumas forbartha agus caomhaithe atá ann a chinneadh ag súil go bhféadfaí siúlóid cois abhann/bealach conláiste a dhéanamh ann." Tá an cuspóir sin curtha i mbaol anois de bharr zónáil tithíochta a bheith déanta le gairid ar chuid den talamh agus de bharr an zónáil 'caitheamh aimsire' a bheith bainte den cuid eile ag Comhairleoirí Chontae na Gaillimhe in aghaidh comhairle an Bhainisteoir Chontae.
Seo mar a tharla.
Is leis an bhfear gnó Dónal Standún, an talamh atá timpeall ar Teach an Spidéil, ó cheannaigh sé an teach mór agus an eastáit roinnt blianta ó shin. Eastáit Lord Killanin a bhíodh ann agus mar ba dhual leis na móruaisle bhí neart crainnte curtha timpeall ar an dteach agus bhí siúlóid álainn cois na habhann.
Nuair a d'iarr Comhairle Chontae na Gaillimhe tuairimí maidir leis an Dréachtphlean Aitiúil don Ghaeltacht chuir Dónal Standún aighneacht os comhair an Chomhairle Chontae, ar nós go leor daoine eile le talamh acu sa Spidéal, ag iarraidh go ndéanfaí zónáil tithíochta ar an dtalamh a shíneann le bóthair Bhothúna agus talamh atá ar bhóthair Mhaigh Chuilinn.
Chomhairligh an Bainisteoir Chontae, Martina Moloney, ina tuairisc faoina aighenachtaí go dteastódh níos mó staidéir a dhéanamh ar an moladh ó Dhónal Standún. "Such an examination would assess the balance between the benefits to the public in terms of access to the rivers, the provision of new streetscape, the construction of road linkages, and the beneficial gain to the landowner, as against the intrusion on the centuries-old characteristics of An Spidéal Demesne which would be irreversible."
Mhol an Bainisteoir Chontae dona comhairleoirí an chosaint atá sa zónáil a fhágaint mar atá ach mar a tharlaíonn go ró mhinic, ba thábhachtaí leis na comhairleoirí mianta an úinéara ná leas an phobail agus in ainneoin moladh réasúnach an bhainisteora go ndéanfaí staidéar ar an moladh, baineadh an zónáil caitheamh aimsire den suíomh sa leasú a deineadh ar an dréacht phlean.
Bhí an leasú sin sách dona. Ar a laghad ní raibh zónáil tithíochta tugtha don talamh, mar a d'iarr Dónal Standún, gan staidéar a bheith déanta roimhré ar úsáid an talaimh. Ach rinne na comhairleoirí leasú eile de bharr achainí a bhi déanta ag Clíona Standún, iníon Dhónail a d'iarr ar an gComhairle Chontae zónáil tithíochta a chur ar phíosa eile den eastáit, a shíneann le bruach thiar an abhainn ó Dhroichead an Spidéil ar an mbóthair mór síos go cladach. Ar ndóigh mhol an Bainisteoir Chontae dona comhairleoirí gan seo a dhéanamh ar mhaithe le tithíocht mar go mba cheart "staidéar a dhéanamh faoin diméin lena fháil amach na feidireachtaí ó thaobh a fhorbairt agus a chaomhantais." In ainneoinn an mholadh réasúnach sin, rinne na Comhairleoirí Chontae leasú ar an Dréachtphlean ar mhaithe le duine amháin, cé go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar an leasú céanna, nach bhféadfaí an tsiúlóid chois abhainn a fhorbairt ó Thrá na Céibhe, faoin droichead suas chomh fada leis an tSráidbhaile.
Rinne na saineolaithe Caas (Environmental Services) tuairisc a ullmhú don Chomhairle Chontae ar an damáiste don timpeallacht, a fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an athrú zónála a deineadh, ar mhaithe le Dónal Standún ar an dtalamh timpeall ar Theach an Spidéil.
"By removing the Recreational and Amenity zoning objective from the Spiddal Demesne,---this change would be likely to adversely impact upon the protection of the Demesne and could potentially result in significant adverse impacts upon biodiversity, flora and fauna, water resourses and the landscape of Spiddal."
Maidir leis an zónáil tithíochta a cuireadh ar an giota talún taobh ó dheas den bóthair ar mhaith le Clíona Standun ag síneadh cois abhainn chun na farraige, bhí CAAS níos géire fós.
"This zoning would be likely to have significant adverse impacts upon the mature broadleaf woodland. Potential impacts could occur on the landscape of the village and the context of Protected Structures. The removal of the Recreational and Amenity zoning objective from lands adjacent to the banks of the Owenboliska would be likely to impact upon the ecological connectivity and flora and fauna of the Owenboliska River..."
Ach níl an cath caillte fós. Caithfear an Dréachtphlean a chur os comhair cruinniú eile den Comhairle Chontae amach mí na Márta. Is féidir athmhacnamh a dhéanamh faoi na leasaithe zónála ag an gcruinniú sin. Tá cuireadh tugtha ag an gComhairle Chontae don phobal aighneachtaí nó tuairimí scríofa a chur ag an Oifig Pleanála roimh an 4.00 ar an Luan 14 Eanáir. Más ar mhaithe le leas an phobail seachas le leas duine amháin a bhéas Comhairleoirí Chonamara ag feidhmiú, tá mé dóchasach go bhfeicfidís go mba cheart dul siar ar an droch chinneadh a deineadh agus iad faoi bhrú, maidir le zónáil Eastáit Killanin sa Spidéal. Bheadh an deis ann amach anseo siúlóid álainn chois Abhann Bholuisce a fhorbairt, áis a chuirfeadh go mór leis an Spidéal mar áit cónaithe agus mar áit turasóireachta.
Críoch