An Oíche a Socraíodh Plean Áitiúil na Gaeltachta

 

Ar an Luan seo caite ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe le Plean Áitiúil na Gaeltachta. As seo amach déanfar cinnithe ar iarratais phleanála i nGaeltacht na Gaillimhe do réir na bpolasaithe agus na gcuspóirí atá i bPlean nua na Gaeltachta. Bhí an gníomhaí pobail Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag an gcruinniú Dé Luain seo caite, nuair a pléadh, nuair a leasaíodh agus nuair a aontaíodh sa deire an leagan críochnúil de Phlean Áitiúil Ghaeltacht na Gaillimhe.

Ceithre bhliain go leith a thóg sé agus is beag nár chlis sé dul thar an claí deireanach. Cuireadh an Dréacht phlean Ghaeltachta os comhair an Chomhairle Chontae ar an Luan seo caite in éindí leis na aighneachtaí go léir a tháinig ón bpobal. Glacadh le roinnt leasaithe tábhachtacha, a bhí déanta sna haighneachtaí, sara glacadh leis an bPlean. Bhí go maith ach bhí ar an Chomhairle Chontae glacadh le Tuarascáil Timpeallachta, a bhí mar aguisín leis an bPlean Ghaeltachta chomh maith. Is cosúil nach bhféadfaí an Phlean Áitiúil a chur i bhfeidhm mura nglacfaí leis an dTuarascáil Timpeallachta chomh maith. Mhol an Chomhairleoir Seán Ó Tuairisg (FF) glacadh leis ach ar feadh píosa ní raibh aon chomhairleoir eile sásta cuidiú leis. Bhí ar an gCathaoirleach cuiditheoir a iarraidh cúpla uair sar a thoiligh Séamas Walshe (FF) cuidiú leis an rún.

 

Bhí an Staidéar Timpeallachta céanna an cáinteach faoin crioslú a bhí déanta ag na comhairleoirí ar thalamh chois abhann sa Spidéal, crioslú a mhol an comhairleoir Séamas Walshe (FF) agus ar chuidigh an comhairleoir Tom Welby (PD) leis ag cruinniú mí na Samhna. MA6 an cód don crioslú tithíochta a bhí déanta ar an píosa talún, ó dheas den bóthair mór ag síneadh ón droichead síos le bruach na habhann go Trá na Céibhe. Tharraing an crioslú céanna neart conspóide ó shin agus bhí os cionn scór aighneacht tagaithe isteach ag iarraidh ar an gComhairle Chontae an crioslú tithíochta a chur ar cheal. Léigh an Pleanálaí Sinsearach Paul Ridge amach an méid seo a leanas adúradh sa Tuarascáil Timpeallachta maidir le MA6 inar dúradh: ³This zoning would be likely to have significant adverse impacts upon the mature broadleaf woodland

 

Dúirt Seán Ó Tuairisg (FF) go raibh athrú intinne air faoin píosa talún seo agus go mba é a thuairim go mba cheart glacadh le moladh an bhainisteora agus an crioslú Œcaitheamh aimsire¹ a fhágaint ar an dtalamh go mbeadh an staidéar atá beartaithe le déanamh ar an talamh go léir a bhaineann le diméin Theach an Spidéil críochnaithe ag an gComhairle Contae.

³This area is very unique. There is nothing else like it in Conamara. It has a long history. When we take all these factors into account, having a study would be the proper procedure.² a dúirt sé.

 

Ach ní mó ná sásta a bhí an chomhairleoir Séamas Walshe (FF) ó Uachtar Ard leis an gcaint seo. Rinne sé ionsaí ar na daoine a bhí in aghaidh cead a thabhairt do iníon an úinéara teach a thógáil le bruach na habhann.

³As an Irishman and as a nationalist I think it is a bit rich when someone who gets their planning comes along and objects to someone else getting planning² a dúirt sé. ³.I personally feel it is rich of people to begrudge them the house.²

 

Shílfeá ón mbealach a raibh Séamas ag caint go mbeadh ar iníon Dónal Standún dul chun cónaí i mobile nó i demountable mura nglacfaí leis an zónáil seo.

 

Bhí díospóireacht teasaí agus fada faoin gceist. Mhol Séamas Walshe go foirmeáilte go mba cheart an paiste talún, ar bhruach thiar na habhann ar an dtaobh ó dheas den bóthair a zónáil le teach amháin a dhéanamh ann. Tuigeann Séamas an córas pleanála go maith agus mhínigh sé an cás an mhaith. Dúirt sé gur beag seans a bheadh ag an gcailín óg seo cead a fháil le teach a thógáil ann gan an crioslú tithíochta a bheith déanta, mar nach mbeadh sí in ann ³housing need² a chruthú le teach a thógáil ar an suíomh áirithe sin agus neart talún níos feiliúnaí le haghaidh tithíochta ag a muintir ar an dtaobh eile den bóthair. Agus ansin, dúirt sé, fiú amháin dá dtabharfadh an Chomhairle Chontae an cead bheadh ³smart arse² éicint ag dul ag an mBord Pleanála faoin gcás, agus dhiúltódh an Bord Pleanála an cead os rud é nach raibh aon zónáil tithíochta ar an suíomh. Suas go dtí sin níor dúirt an comhairleoir Josie Conneely aon cheo ag an gcruinniú ach ní mba tráth faillí é seo agus talamh le zónáil chun tithíocht a dhéanamh. Cé go raibh sé ag dul in aghaidh leas an phobail, comhairle na saineolaithe timpeallachta agus moladh an bhainisteora, chuidigh an comhairleoir ó Bhaile Uí Chonghaile leis an rún a bhí curtha síos ag a chomhleacaí ó Uachtar Ard: go ndéanfaí cuid 2,500m2 den talamh cois abhann ar an dtaobh ó dheas den bóthair a zónáil le teach amháin a dhéanamh ann.

 

Tógadh vóta - an t-aon vóta a tógadh ar feadh an tráthnóna. Céard a dhéanfadh na comhairleoirí Gaeltachta Seán Ó Tuairisg, Seosamh Ó Cuaig agus Connie Ní Fhatharta, na comhairleoirí bhí i láthair ag an gcruinniú poiblí an Chéadaoin roimhe sin i Seanscoil Sailearna, cruinniú ag a léiríodh go soiléir gur beag tacaíocht a bhí ag an gcrioslú MA6 i measc an phobail. ³In aghaidh² a dúirt Connie, ³in aghaidh² a dúirt Joe agus ³in aghaidh² a dúirt Seán Ó Tuairisg. Buaileadh an rún le 7 vóta in aghaidh a 4 agus cuireadh an crioslú Œcaitheamh aimsire¹ ar ais ar an dtalamh le Dónal Standún thart ar Theach an Spidéil. Tugadh aird ar thuairim an phobail an babhta seo.

 

|Ar RnaG an chéad mhaidin eile ní raibh aon cheo ar Nuacht an Iarthair ag a 7.30 ná ag 8.00 ná ag 8.30 faoi Phlean Áitiúil na Gaeltachta a bheith tagaithe i bhfeidhm. Ag 9.00 bhí tuairisc faoin gcosaint a rinne an chomhairleoir Séamas Breathnach ar an gclár Adhmhaidin maidir lena sheasamh féin faoi cheist an zónáil conspóideach sa Spidéal ach b¹shin an méid.

 

Ceart go leor, níor chlis RnaG ar fad ar a chuid éisteoirí. Bhí Seán Ó Tuairisg agus Seosamh Ó Cuaig ar Iris Aniar, ag tógáil glaochanna gutháin ón bpobal faoin bplean nua Gaeltachta agus rinne siad an jab ag míniú rud atá sách casta. Bhí imní ar an siopadóir ó Leitir Móir, Ruairí Ó Conchubhair, faoi méid airgid a chaillfeadh sé dá ndéanfadh sé teach agus dá mbeadh air é a dhíol ansin le muintir na háite, taobh istigh den seacht mbliain. Sa gcás go mbeadh fear ó Bhleá Cliath sásta €60,000 níos mó a íoc leis ar an dteach i Leitir Móir ná mar a bheadh an duine áitiúil in ann a íoc, bhí sé ag iarraidh a fháil amach ón dá chomhairleoir cén fáth a mbeadh eisean thíos leis. Mhínigh Seán Ó Tuairisg dhó foighdeach go bhféadfadh sé é a dhíol le fear Bhleá Cliath dá mbeadh Gaeilge ag an gceannaitheoir, rud nach bhféadfadh sé a dhéanamh roimhe seo, ach sa gcás nach bhfuil Gaeilge aige, arsa Ruairí? Ach thug Seosamh Ó Cuaig sólás beag dhó nuair a dúirt sé leis go raibh sé cinnte nach gcaillfeadh sé airgead ar an dteach, cuma cén duine a cheannódh é. Ní amadán ar bith é Ruairí ná Seosamh ach oiread.

Donncha Ó hÉallaithe Foinse 2/3/2008

Bealtaine 2003: Glactar le Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2003-2009 agus é ráite ann go réiteofar Plean Áitiúil dona ceantracha Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.


Cúrsaí pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe

Cé h-iad Comhairleoirí Chontae na gaillimhe?