San
anailis. úsáideadh figiúirí ón Daonáireamh 2006 faoi úsáid na Gaeilge sna DEDs
Gaeltachta a bhí curtha ar fáil go speisialta ag an CSO agus úsáideadh chomh
maith ficiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) a bhi curtha ar fáil ag an Roinn
Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don scoilbhliain 2006/07. Sa
Staidéar Teangeolaioch ar Usáid na Gaeilge sa nGaeltacht, moladh na ceantracha
Gaeltachta a rangú i gCatagóir A. B agus C do réir na gcritéar mheasúnaithe atá
sa tábla seo thíos, ar mhaithe le próiséas pleanála teanga a bhur i bhfeidhm:
Faoi
láthair tá 45.000 duine ina gcónaí i nGaeltacht na Gaillimhe. Ach dá ndéanfaí
teorannacha na Gaeltachta a shocrú do réir na gcritéar sa tábla thuas, bheadh
beagán le cois 16.000 duine ann. Seo
mar a bheadh briseadh sios na gcatagóirí Gaeltachta i gCo na Gaillimhe dá
gcuirfi na gcritéir atá molta i bhfeidhm:
Faoin
leagan amach nua seo theastódh go mbeadh ar a laghad 30% den daonra ina
gcainteoirí laethúla Gaeilge do réir an Daonáirimh agus go mbeadh 10% ar a
laghad dena teaghlaigh le páistí scoile iontu, i dteideal an deontas faoi Scéim
Labhairt na Gaeilge, le go mbeadh stádas Gaeltachta ag ceantar. Tá 29,000 ina
gcónaí i gceantracha Gaeltachta na Gaillimhe nach sásódh an dá chritéar sin.
Mar a bhreathnódh an Ghaeltacht nua: Bheadh
teorann nua na Gaeltachta ag na Forbacha ag síneadh siar cois chósta chomh fada
le Carna acus Oileáin Árainn chomh maith le daonra de 11.000 duine. Bheadh
stádas coinnithe ag ceantar Cor na Móna, agus ag an gceantar thart ar an Mám
agus ag Bun an Chnoic. Ní
bheadh aon cheantar Ghaeltachta fágtha in Iarthuaisceart Chonarnara mar go
gcaillfeadh Inis Né agus na pócaí eile thart ar Cloch na Rón an stádas
Ghaeltachta atá acu faoi láthair. Bheadh deire chomh maith le Gaeltacht
Chathair na Gaillimhe agus leis an nGaeltacht taobh thoir den Choirib. \ Chaillfeadh
Maigh Chuilinn agus Bearna stádas Ghaeltachta chomh maith. Faoi láthair tá na
moltaí atá sa Staidéar Teangeolafoch á chur faoi bhráid Coiste Chomhaireachta
an Rialtais faoi chathaoirleacht Bhrian Cowen agus ceaptar go mbeidh an coiste
sin ag déanamh cinneadh faoi cheist na dteorannacha Gaeltachta roimh deire na
bliana. Glór Chonamara 21/3/2008
|