Litir chuig Comhaltaí an Oireachtais

Cé nach ó CTG an litir seo is fiú í a léamh.

 

Creidimíd go ndéanfadh achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 dochar dár gceart le sinsearacht agus dár gcearta faoin mBunreacht.

Dhiúltaigh an Rialtas glacadh le leasuithe a bhainfeadh an dochar dár gcearta axnach as an mBille.

 

Dá dheasca sin, iarraimíd ar chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid gan toiliú lena rith.

 

Má ritheann Tithe an Oireachtais an Bille, iarraimíd ar an Uachtarán ár dtuairimi a chur san áireamh sula dtoileodh si a lámh a chur leis chun é a achtú ina dhli.

 

Faoi láthair, tá ceart ag gach saoránach cumarsáid a dhéanamh leis an Stát sa phríomhtheanga oifigiúil, agus tá dualgas ar an Stát an Ghaeilge a úsáid chun gach críoch oifigiúil. Faoi Airteagal 8.3 de Bhunreacht na hÉireann, áfach, tá ceart ag an Stát socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga oifigiúla ‘a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó ná aon ghnóthai oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de’. Ó bunaíodh an Stát go dtí anois, níor ritheadh aon acht a cheadódh an Béarla a bheith ina aonteanga oifigiúil le haghaidh gnóthai oifigiúla. Ma ghlactar leis an mBille seo, beidh ceart dlíthiúil ag an Stat seirbhísí áirithe a chur ar fáil tri mhean an Bhéarla amháin, mar aonteanga, do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Bheadh feidhm bhunreachtúil, faoi Airteagal 8.3, á tabhairt do chleachtais atá forleathan i measc na bhforas Stait cheana féin.

 

Silimid go bhfiiil an fhoráil seo den Bhunreacht a mí-úsáid sa reachtaíocht teanga atá beartaithe ag an Rialtas. Chuirfeadh an tAcht deireadh le huileghabhalacht na ndualgas atá ar an rialtas maidir le stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phriomhtheanga oifigiúil.

 

D’fhéadfai faoin Acht an t-ordaitheach bunréachtúil atá ar an Rialtas an Ghaeilge a athréimniú a chur ar athló go leanúnach agus go brách, agus, dár linne, níl an t-alt sa Bhille a cheadódh a leithéid i gcomhréir leis an mBunreacht. Dealraíonn sé go mbeadh ceart ag saoránach dul chun cúirte nuair a theipfeadh ar an Stat gniomhú de réir scéimeanna a bheadh daingnithe ag Aire, da mba teoranta nó fial iad maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a cheadú. Maidir le seirbhísí a bheadh a gcur ar fáil tri mhean an Bhéarla amháin de réir scéimeanna daingnithe, bheadh ár gcearta faoin mBunreacht dul chun cúirte chun na seirbhisi sin a fháil tri mheán na Gaeilge curtha i mbaol.

 

Is mithid dúinn a chur i gcuimhne don Riaitas nach ar mhaithe le héalú ó dhualgais bhunreachtúla maidir leis an nGaeilge a cuireadh an mhír cheadaitheach isteach i mBunreacht Shaorstát Éireann sa bhliain 1922. Cuireadh ann i le tabhairt le fios d’Aontachtaithe an tuaiscirt go bhféadfai ceart dlithiúil a thabhairt dóibh. I dtir athaontaithe, gnóthai áirithe a dhéanamh trí mheán an Bhéarla amháin i gceantair áîrithe, dá mba mhian leo é. Maidir le Bunreacht na hEireann, is mian linn an méid sea a leanas a ré:

 

1. Ní féidir Airteagal 8.3 a úsáid ar dhóigh a sháródh Airteagal i — 'Deimhníonn náisiún na hEireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun... agus chun a saol polaitiochta is geileagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear.'

 

2. Ná ar dhóigh a sháródh Airteagal 40.1- ‘Airitear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoranaigh uile i láthair an dlí.’

 

3. Ná ar dhóigh a sháródh Airteagal    40.3.1°    — ‘Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlithe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus rathaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlithe sa mhéid gur féidir é.’

 

Creidímíd gur sárú Bunreachta, agus gur gníomh náireach a bheadh ann, Airteagal 8.3 a úsáid chun deireadh a chur le dualgais áirithe an Stáit i leith na teanga náisiúnta, agus chun baint ó chearta teanga an tsaoránaigh. Iarraimid ar an Oireachtas gan a leithéid a cheadú.

 

Is sinn, le meas,

PÁIDÍ‘MHARTHAIN’ MAC GEARAILT

(0CR, Cumann Cearta Sibhiaita Ghaeltacht Chorca Dhuibhne)

An Dr. TOMÁS MAC SÍOMÓIN

ÁINE NIC GEARAILT

NUALA NÍ DHOMHNAlLL

COLEITE NÍ MHOITLEIGH

GEARÓID Ó CLÉIRIGH

RISTEARD Ó GLAISNE

PÁDRAIG Ó HÉALAI

PÁDRAIG BREANDÁN Ó LAIGHIN

PÁDRAIG Ó SNODAIGH

LIAM PRÚT

 

Foilsíodh an litir seo i bhFoinse ar an 29/6/2003 agus i 30/6/03

Nóta: Go bhfios dúinn níl Bunreacht na hÉireann le fáil ar an líon!