"Tá Plean Forbartha Dhún na nGall ag Cliseadh ar an nGaeilge"

 

                  -       Donncha Ó hÉallaithe

r. phoist: donncha.oheallaithe@gmit.ie

 

Tá an t- alt seo bunaithe ar léacht faoi teideal "Ni Pleanáil Teanga go Pleanáil Tithíochta",  a thug Donncha Ó hÉallaithe, léachtóir sa GMIT, ag Éigse Uladh, a tionóladh an deire seachtaine seo caite, i dTeach Jack ar an Ghlaisigh. An t-alt seo i bhfoirm pdf

Dréacht phleán Co Dhún na nGall 2005

Athraithe ar an phleán

Tá an dá pháipéir seo i mBéarla amháin ach deirtear "Beidh leagan iomlán Ghaeilge den suíomh seo ar fáil ón 1 Deireadh Fómhair, 2006.


Muintir na nDúnaibh roinnte ar cheisteanna pleanála
Lá (15/3/2006)

 

Nuair a thógtar scéimeanna tithe príobháideacha sna ceantracha Gaeltachta gan srianta pleanála, ní mórán seans a bhíonn ag daoine ón áit iad a cheannach. De ghnáth bíonn an praghas ró ard do phócaí an ghnáth duine. Is cuma céard tá ráite ag an bhforbróir faoin riachtanas áitiúl tithíochta san iarratas pleanála, mura gcuirtear coinníollacha leis an gcead pleanála nach féidir na tithe a dhíol ach le daoine le Gaeilge nó le daoine ón áit, díolfar an teach ar an margadh oscailte ar an bpraghas is airde ar féidir a fháil.

 

Sa Spidéal tá scéim 17 dteach le tógáil. An Mhóinéar a bhéas mar ainm ar an scéim. Níl aon srian ar na dtithe ó thaogh teanga nó áitiúlachas agus tá na tithe á ndíol idir ¤700,000 an cheann agus ¤500,000. Ar an bpraghas sin is beag seans go gceannóidh aon duine ón Spidéal na tithe. Beag seans go mbeidh Gaeilge líofa ag na daoine a bhéas ag tíocht chun cónaí iontu, ach an oiread. Níor chuireadh aon choinníoll Ghaeilge ar na tithe seo, de bharr faillí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus is léir ón gcéad abairt sa mbróiséar daite tarraingteach nach ar mhuintir na háite atá an mhargaíocht dírithe: "Wake up and you'd be forgiven for thinking you were miles from anywhere."

 

Dul Chun Cinn sa Rinn:

Ach ní bheidh aon scéim eile á cheadú i nGaeltacht Chonamara gan choinníoll mar go bhfuiltear níos airdeallaí agus mar go bhfuil seasamh láidir tógtha ag an mBord Pleanála faoin gceist achrannach seo. Dul chun chinn mór ab ea an chinneadh is deireannaí ón mBord Pleanála faoi scéim tithe a ceadaíodh i nGaeltacht Phort Láirge. Leagadh síos sna coinníollacha go mbeadh 60% dena tithe "curtha ar fáil dóibh siúd amháin a bhfuil líofacht sásúil i dteanga na Gaeilge taispeánta don údarás pleanála acu" agus go mbeadh na tithe eile "curtha ar fáil mar áiteanna cónaithe do dhaoine dúchasa na Rinne amháin."  Seans  ag duine ón áit nach bhfuil líofacht Ghaeilge aici/aige teach a fháil sa scéim agus tugann sé seans do cainteoirí líofa, ar maith leo cur fúthu sa nGaeltacht teach a cheannach chomh maith.

 

Ceard faoi Dhún na nGall?:

 

Tá plean nua do Dhún na nGall á chríochnú faoi láthair. Tá go dtí an 31 Márta  le moltaí a dhéanamh faoina leasaithe ábharacha atá sa dréacht. Is faoi na comhairleoirí a bhéas sé glacadh le leasaithe ar na leasaithe. Tiocfaidh Plean Forbartha 2006-2012 i bhfeidhm mí Iúil seo chugainn.

 

Sa dréachtphlean deirteae gurb í Gaeltacht Dhún na nGall, "an ceann is mó sa tír, ag cumhdach chóir a bheith aon trian de thalamh an Chontae." Daonra thart ar 24,000 atá sna ceantracha sa chontae le aitheantas Gaeltachta. Maidir leis an nGaeilge deireann an dréachtphlean go bhfuil sé "thar a bheith tábhachtach go bhfaigheadh sí cosaint agus cur chun cinn mar is dual do phríomhtheanga na gceantar Gaeltachta."

 

Ach le fírinne sí an príomhtheanga san Iarthuaisceart amháin - an ceantar thart ar Ghaoth Dobhair, a shíneann ó Rann na Feirste thart le cósta go Cnoc Fola chomh fada le Gort an Choirce. Tá ceantracha Breacghaeltachta ina bhfuil sí mar theanga teaghlaigh agus teanga cumarsáide i measc mionlach den phobal: Teileann san Iardheisceart, An Ghaeltacht Lár, An Fhalcharrach, Ros Goill, Fanaid, Árann Mhór, AnagaireŠ.

 

Seo é an briseadh síos a dhéanfainn bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil ón Daonáireamh agus ó fhigiúiri Scéim Labhairt na Gaeilge:

 

Fíorghaeltacht:                                    

6,000

Breacghaeltachtaí:                        

6,000

Ceantracha Eile:                              

12,000

An Ghaeltacht Oifigiúil :     

24,000

 

Meath ar an nGaeilge sa cheantar Fíorghaeltachta:

 

Sa tábla thíos, atá bunaithe ar thorthaí óna Daonáirimh a tógadh i 2002 agus 1996 tá meath suntasach le tabhairt faoi deara ar usáid na Gaeilge sa cheantar is láidre Ghaeilge i nDún na nGall, an ceantar Fíorghaeltachta san Iarthuaisceart:

 

Ceantar (DED)

1996

2002

Athrú

 

% Athrú

Mín an Chladaigh

(Gaoth Dobhair)

1180 (90.5%)

1070 (86%)

-110

-9.5%

Gort an Choirce

1348 (86.4%)

1326

(83%)

-22

-1.5%

Mach. an Chlochair

(Cnoc Fola)

2212 (84.1%)

2024

(79%)

-188

-8.5%

Dún Lúiche

526

(83.5%)

486

(73%)

-40

-7.5%

Iomlán

5266

(86%)

4906

(81%)

-360

-7%

Nóta: Is ionann an % i lúibíní agus an céatadán den daonra os cionn 3 bhl. d'aois.

 

Tá an scéal céanna le feiceál san athrú atá tagaithe i sciar na dteaghlaigh le páistí scoile a fhaigheann an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge thar tréimhse 10 mbliana idir 1994/95 agus 2004/05.

 

 

 

 

 

 

Ceantar (DED)

Ceantar

1994/95

2004/05

Mín an Chladaigh

(Gaoth Dobhair)

Mín an Chladaigh

115 (91%)

103 (82%)

Gort an Choirce

Gort an Choirce

143 (88%)

130 (78%)

Mach. an Chlochair

(Cnoc Fola)

Mach. an Chlochair

227 (84%)

188 (72%)

Dún Lúiche

Dún Lúiche

28 (47%)

35 (45%)

Iomlán

Iomlán an Cheantair

513 (83%)

456 (73%)

Nóta: Is ionann an % i lúibíní agus meastúchán den céatadán dena teaghlaigh sa

gceantar le páistí scoile iontu a fuair an deontas iomlán faoi scéim..

 

Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil meath suntasach ag tíocht ar usáid na Gaeilge sa cheantar is láidre Ghaeilge i nDún na nGall. Luíonn sé le reason go mbeidh an meath ag géarú, do réir mar a mhéadaíonn líon na ndaoine gan líofacht Ghaeilge sa cheantar.

 

Cuireann an saineolaí soctheangeoláíochta Mary O Malley-Madec a méar air nuair a deireann sí: "English only speakers have a 100% impact on Irish speakers since they never address the Irish speakers in their own language or speak Irish when addressed in Irish." Dá réir sin in aon stráitéis pleanáil teanga ní mhór a chinntiú nach mbeidh scéimeanna tithíochta á dtógáil i gceantracha ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid, a fhéadfadh "English only speakers" a mhealladh isteach sa cheantar.  Ag an am céanna ní mhór é a dhéanamh níos éasca don chainteoir dúchais socrú síos i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge in usáid.  Mar a sheasann an scéal, níl aon stáitéis cosanta teanga mar sin i nDréachtphlean Dhún na nGall.

 

Sampla na Gaillimhe:

 

Tá an aidhm seo leanas leagaithe síos go soiléir i bPlean Forbartha na Gaillimhe:

"to protect the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht by granting permission with special consideration to Irish speaking applicants ----and by imposing conditions in granting such permissions which will ensure the stabilisation and the promotion of Irish as a community language."

 

Leis an aidhm thuasluaite a bhaint amach, tá roinnt forálacha cosanta chomh maith:

n     Mír 10.5: "Any development, which in the opinion of the Planning Authority would have a significent negative impact on the Irish language and the Gaeltacht, will be refused."

n     Mír 10.9:"Permission will only be granted (within a Gaeltacht area) where the Authority is satisfied that the effect of the development will be beneficial to the usage of the language in the area, if permitted."

Deirtear go mbreathnófar go fábharach ar iarratais le tithe a thógáil do chainteoirí dúchais agus do theaghlaigh ón taobh amuigh a bheadh ag iarraidh clann a thógáil tré Ghaeilge sa Ghaeltacht: 

n     Mír 10.7: "The Planning Authority will be favourably disposed to planning applications from fluent Irish speakers who are raising their children through Irish."

 

 

Plean Dhún na nGall:

 

I nDréachtphlean Dhún na nGall tugtar aitheantas do thábhacht na Gaeilge i gCaipidil 2.8:

 

n     "Tá sé mar aidhm ag an Chomhairle, an Ghaeltacht a chothú agus a neartú mar phobal fuinniúil inmharthana ina mbeidh rath agus bláth ar an Ghaeilge agus ar an chultúr."

 

Ach níl ann ach aitheantas.

 

Tugtar le fios sa dréachtphlean nach mbeadh sé "ciallmhar" coinníollacha teanga a usáid go dtí go mbeidh staidéar déanta faoi "saintréithe na gceantar" agus sara mbunófar "córas cuimsitheach a léireoidh go cinnte thar tréimhse ama, stádas na teanga" agus moltar

go "Pleananna Ceantair Áitiúla a ullmhú do gach uile cheantar Gaeltachta ar leith i gCo Dhún na nGall" ach an fhad is atáthar ag fanacht ar na Pleananna Áítiúla do gach ceantar go mbeadh an polasaí seo a leanas i bhfeidhm:

 

"Polasaí GCSR 3: Where it appears to the Council as Planning Authority that any significent developments within or close to any Gaeltacht area might materially affect the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht, including the promotion of Irish as the community language, the applicant will be requested to assess their impact on the protection of the language and culture and that such an Impact Assessment will form a material factor in the consideration of such proposals by the planning authority. It will also be a policy of the Council, that where a significant impact is demonstrated, steps to mitigate such impact are proposed." [Leathanach 112]

 

Níl a fhios agam an le saontacht nó le clisteacht a socraíodh go bhfágfaí faoi na forbróirí tionchar teanga a gcuid forbairtí féin a mheas! Dá ndéarfadh tuairisc macánta go mbeadh drochthionchar ag forbairt ar seasamh na Gaeilge i gceantar Gaeltachta, ní nglacfadh an forbróir leis agus bheadh deacracht ag an té a scríobh an táille a fháil. Ní fiú teanga gan trumpa Ráiteas Tionchar Teanga, mura bhfuil siad déanta ag saineolaí atá neamhspléach ón bhforbróir.

 

 

 

 

Leasaithe a Chur ar an nDréachtphlean: 

 

Tá go dtí deire na míosa seo feabhas a chur ar Plean Forbartha Dhún na nGall. B'fhiú go mbeadh  sé luaite go sonrach sa "Dréacht Stráitéis Tithíochta" nach gceadófar scéimeanna tithíochta i gceantracha Gaeltachta, ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do sheasamh na teanga, agus go breathnófar go fábahrach ar scéimeanna ina mbeidh cónaí ar cainteoirí líofa Ghaeilge nó daoine dúchasacha an cheantair.

 

Is ar Aguisín 6 faoi Polasaí Lonnaíocht Tithíochta is fearr díríú:  

Maidir le tithíocht sa Ghaeltacht tá an méid seo ráite:

n     Gaeltacht:-were(sic) a development demonstrates a significant impact on linguistic and cultural heritage, the applicant must carry out a language impact assessment and steps to mitigate such impact must be proposed."

 

Seo é an fhoclaíocht a mholfainn i gcás tithe aonair sa Ghaeltacht:

"applicants must satisfy the authority with regard to fluency in Irish and/or local residence for at least 5 yeas and council may impose a language condition with regard to occupation of the house by fluent Irish speakers."

 

 

Seo é an fhoclaíocht a mholfainn i gcás scéimeanna tithe aonair sa Ghaeltacht:

"the local authority may  commission an Independent Language Impact Assessment of the develoment.  The authority shall refuse permission for any development, which could  have a significent negative impact on the use of Irish within the Gaeltacht community. The council shall impose as a condition that the developer sign a Section 47 type  agreement with the planning authority prior to the commencement of the development, to ensure  occupation of a suitable proportion of  the houses by fluent Irish speakers for at least 20 years."

 

 

Tá sé ráite ag an Comhairleoir Pádraig O Dochartaigh (FG) atá ina ionadaí tofa ar Bhord Údarás na Gaeltachta chomh maith go dtacódh sé le moltaí chun cosaint níos fearr a thabhairt don Ghaeilge mar theanga pobail sa Phlean Forbartha. Is faoi eagraíochtaí/grúpaí sa Ghaeltacht moltaí réasúnacha a chur isteach roimh an 31 Márta, sa gcaoi is go mbeidh deis ag na Comhairleoirí feabhas a chur ar an bPlean Forbartha ar mhaithe le inmharthaineacht Ghaeltacht Dhún na nGall.

 

                                                                                                                                                                                                                                                            Críoch.

 

 

 

 

CTG Baile