Thart ar
dhá bhliain ó shin, bhíos ós comhair cúirte.
Ar bhonn cúirtéise,
chuireas in iúl roimh ree go mbeinn ag iarraidh go
n-éisteofaí an cás trí Ghaeilge. Nuair a
tháinig mo chás aníos labhair an dlíodóir a
bhí ar mo shon Gaeilge leis an mBreitheamh.
Má
labhair, ní raibh mórán ráite aige nó gur
sheas dlíodóir an Stáit agus dúirt go feargach nach
bhféadfadh sí Gaeilge a thuiscint. Ní hamháin sin
ach d’iarr sí leithscéal ón dlíodóir
faoi gur úsáid sé Gaeilge.
Dúirt an
Breitheamh léi go neamhbhalbh nach raibh sé chun iarraidh ar aon
duine leithscéal a ghabháil faoi úsáid a bhaint as
an gcéad teanga oifigiúil ina chúirt.
Chuir sé
an chás ar athló go ceann sé mhí agus thug
sé le fios go mba cheart d’Oiflg Dlíodóra an
Stáit a chinntiú gur dlíodóir le Gaeilge a bheadh
ann an chéad Iá eile. Le scéal fada a dhéanamh
gearr, tarraingíodh siar an cás i mo leith an lá roimh an
chéad éisteacht ele. Shábháil an Ghaeilge
mé.
De bharr an
bhreithiúnais a tugadh sa gCúirt Uachtarach sa chás
Ó Beoáin v. Fahy, tá ceart bunúsach
doshéanta againn Gaeilge a úsáid i gCúirteanna na
hÉireann. Sa bhreithiúnas Sin, dúirt an Breitheamh
Hardiman go neamhbhalbh go raibh an saoránach a tugadh os comhair
cúirte i dteideal an chúis Ina leith a fhreagairt i nGaeilge agus
nárbh fhéidir leis bheith faoi míbhuntáiste agus
é á dhéanamh sin.
Is é
iompar teanga na gcúirteanna ceann de na cnámha spairne is
mó a bhaineann le Bille na dTeangacha Oilfigiúla. Ina
leabhrán Acht na Gaeilge - Acht ar Strae deir an Dochtúir Pádraig
Breandán Ó Laighin go bhfuil “tábhacht
phraicticiúil” agus “tábhacht shiombalach”, ag
baint le húsáid na Gaeilge sua cúirteanna.
Is saineolal
é Ó Laighin ar stádas na dteangacha i gCeanada, áit
ar chaith sé tréimhse fada ina Ollamh le Socheolaíocht i
Montréal, cathair dhátheangach. Deir sé faoi Acht
Uí Chuív nach dtugann sé na cearta céanna duit is a
thugtar do dhaoine i gCeanada.
“Faoin Acht
Ceanadach, caithfidh an chúirt a chinntiú go mbeidh an breitheamh
In ann Béarla a thuiscint, gan cabhair ó ateangaire má
roghnaíonn na páirtithe sa chás an Béarla mar
mheán; má roghnaionn siad an Fhraincís, caithfldh an
Fhraincís bheith ar a thoil ag an mbreitheamh.”
‘Casta,
amscaí’
I sé an locht is
mó ar an mBille Teanga, go bhfuil mórán gach ní ag
brath ar ‘scéim’ bheith socraithe idir Aire na Gaeltachta
agus na céadta
eagraíochtaí Stáit.
Deir Ó
Laighin go bhfuil an próiseas sa mbille le
dréachtscéim a
shocrú “casta, arnscaf agus éidreorach”.
Tá naoi stáid
éagsúla sa phróiseas on uair a eisíonn an tAire
Gaeltachta a chuid treoirlínte go dti go mbíonn scéim
socraithe le heagras. Caithfear dul trid an bpróiseas fadálach
céanna le breis is dhá chéad go leith comhlacht
poibí, ceann ar cheann.
Is ar an Aire
Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus a Roinn a thitfidh
an t-ualach ar fad. Fiú amháin dá mbeadh muid
lánmhuinineach as an Aire Éamon Ó Cuív le tabhairt faoin obair seo le
fuinneamh, le misneach agus le diograis an mbeidh sé sa phost
séch fada leis na scéimeanna go léir a shocrú?
An mó
duine a bheadh chomh muiníneach céanna as an chéad duine
elle a bhéas ina áit nuair a bhéas an próiseas
casta fadélach ag tosnú arís tar éis
tréimhse trí bliana?
Mar bharr ar an donas ar
fad, cuireann Alt 32(1) de Bhille Uí Chuív, cosc iomlán ar
dhaoine nó as eagraíochtaí dul chun na cúirte
má dhiúltaionn Roinn Stáit nó eagraíocht
Stáit a n-oibleagéidí faoi scéim a chomhlíonadh.
Tá daoine
den tuairim go bhfuil an tAire sásta géileadh faon bpointe sin.
Tar éis an tsaoil, caithfidh sé aird a thabhairt ar
éileamh aontaithe na n-eagraíochtaí Gaeilge agus
Gaeltachta, gur cheart Ait 32(1) a fhágaint ar lár.
Mura
ngéilleann, is beag maith a bhéas sna scéimeanna faoina
mbeidh eagrais Stáit ag cur seirbhísí tri Ghaeilge as
fáil, mar dhea.
Is ó Acht na
Breatnaise (1993) a tógadh “coras na scéimeanna”, a
scríobhann Ó Laighin. Tá cead ag Rúnaí
Stáit na Breataine Bige ordú dlí a lorg ó
chúirt nuair a theipeann ar chomhlachtaí a ndualgais faoi na
scéimeanna a chomhlionadh.
I gCeanada
tá ceart ag an duine aonair nó ag an gCoimisinéir Teanga
thar ceann an duine aonair dul chun cúirte chun
leigheas a lorg.
“Trid is trld, tá rian
láidir an Achta Cheanadaigh ar an mBille Éireannach, le haithris
focal ar fhocal sa téacs Béarla go minic; agus tá scéimeanna
an Bhille abhus bunaithe ar scéimeanna an Achta faoin mBreatnais.
“Ach maidir
le cearta an duine aonair atá ag iarraidh leighis ós comhair
cúirte, atá ar fáil go neamhdhíreach agus go
teoranta faoin Acht Breatnaise, agus go fiai flúirseach faoin Acht
Ceanadach, níl sa Bhille Éireannach ach ciúnas, ach
amháin lena rá nach bhfuil ceart caingne ann”
Tógann
Ó Laighin an té a théann isteach in Oifig Dhiolta
Foilseacháin an Rialtais ag cuartú seirbhíse trí
Ghaeilge, mar shampla: fágtar air leataobh é agus
déileáiltear le daoine eile go dtí go dtagann duine
atá in ann rudaí simplí a phlé trí Ghaeilge.
“Sin
é an chaoi a gcuirtear deireadh le cumarsáid phoiblí i
dteanga atá le himeallú,” a deir sé.
Is deacair a
fheiceáil go n-éireoidh le Bille Uí Chuív deireadh
a chur leis an leatrom seo. Is faoin státseibhis a bhéas
sé na rialacháin a chumadh. Níl aon bhealach le hiachall a
chur orthu na rialacháin a chur i bhfeidhm, seachas a gcuid
faillí a thuairisciú don Oireachtas.
“Ní foláir nó
go mbeidh siad ag croitheadh ina mbuataisf,” a scríobhann Ó
Laighin.
Nuair a foilsiodh
Bille na dTeangacha, bhí dhá alt thábhachtacha ann.
Bhí Alt 8 ann a thug ceart do
dhaone aonair
cumarsáid a dhéanamh le forais Stáit i gceachtar den
dá theanga oifigiúla. Leag Ait 9 dualgas ar na heagrais
Stáit seirbhís a chur ar fáil don phobal de réir na
scéimeanna a bhí socraithe.
Bhain Ó
Cuív an dá alt sin as an rmBille sa Seanad. Creideann Ó
Laighin gur tabaíste a bhí ansin: “In aon mheadar
amháin bhí an ceart agus an dualgas scriosta” agus
“criogadh an tAcht ar fad”.
Ceapann Ó
Laighin go bhfuil cumhacht an Bhille laghdaithe go mór, gan an dá
alt sin. “Ag cur imeacht na n-alt seo sa mheá lena bhfuil
fágtha sa Bhille, dar liom, nach cóir an Bille a
achtú”
Scriobhann
sé go raibh fís ag Ó Cuiv nuair a chuir sé roimhe
reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh deireadh leis an leatrom
atá á dhéanamh ar luclht labhartha na Gaeilge.
Ach tá an
fís agus an tAcht imithe ar strae.
“Ní
haon mhaith Acht nach dtabharfaidh ceart do phobal na tíre
déileáil le comhlachtaí poiblí, agus go
háirithe leis an Stáit, sa teanga oifigiúil a
roghnaíonn siad féin; agus ní haon mhaith Acht nach
gcuireann dualgas ar na cumhlachtaí poiblí céanna
seirbhísí a chur ar fáil do gach saoránach ar bhonn
comhionann maidir lena rogha den dá theanga oifigiúla.”
Ar ndóigh,
is féidir gearán a dhéanamh le Coimisinéir na
dTeangacha Oifigiúla mura mbíonn eagras poiblí
sásta an scéim atá socraithe a chur i gcrích.
Ach is beag is
féidir leis an gCoimisinéir a dhéanamh seachas
tuarascáil a chur os comhair an Oireachtais.
Is beag
gearán ati ag aon daine faoi na míreanna a bhaineann le
Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Oifig
múnlaithe ar a mhacasamhail de Choimisinéir Teangacha i gCeanada.
Tá
difríocht mhór amháin ann, dar le Ó Laighin.
Tá ceart ag an gCoimisinéir i gCeanada thar ceaun duine aonair
agus, as a stuaim féin chomh maith, leigheas a lorg. Ní bheidh an
ceart sin ag Coimisinéir Teangacha na hÉireaun.
Ardaíonn
Ó Laighin ceist fíorspéisiúil eile.
De réir
Ait 9(a) sa Bhille leasaithe, caithfldh gach comhlacht poiblí a
shonrú céard iad na seirbhísí a
sholáthrófar (i) trí Ghaeilge amhéin (ii)
trí Bhéarla amháin agus (iii) trí mheán an
Gaeilge agus an Bhéarla.
Má
dhéaneann eagras Stáit liosta a chur ar fáil do na
seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil trí
Bhéarla amháin, an mbeidh siad clúdaithe faoi Ait 8.3 den
Bhunreacht maidir leis an socrú dlí is gá a
dhéanamh le go mbeidh cead a gcinn ag eagrais Stáit
seirbhísí áirithe a sholáthar tré
Bhéarla amháin?
Inseoidh na
laethanta seo an bhfuil sé i gceist ag Aire na Gaeiltachta na lochtanna
seo a cheartú nó nach bhfuil.
•Acht na
Gaeilge -Acht arStrae: léirmheas ar Acht na dTeangacha OifigúiIa
2003 le Pádraig
Breandán Ó Laighin, foilsithe ag Coiscéim. €5
• Is duine
de bhunaitheoirí Cearta Teanga na Gaeltachta é Donncha Ó
hÉallaithe
Foilsíodh an alt seo san Irish Times, 11
Meitheamh 2003