Suirbhé Foinse ar Chomhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta:

"Dá mbeadh cead pleanála á lorg i do cheantar do scéim phríobhádeach tithíochta, an mbeifeá i bhfábhar nó i gcoinne coinníoll a bheith leis an gcéad sin go gcuirfí céatadán áirithe de na tithe sin i leataoibh do dhaoine le Gaeilge?"

Freagra Sheosaimh Uí Chuaig (Cill Chiaráin):

"Bheinn ar son coinníoll teanga a chur i bhfeidhm a bheadh réasúnach, a chuirfeadh le leas na háite agus a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm"

Foinse 14-11-2004


Tuilleadh Nuachta!


Baile

    Cruinniú Údarás Comhairle maidir le linn snamha

    Beidh cruinniú idir fheidhmeannaigh Udarás na Gaeltachta agus feidhmeannaigh sa gComhairle Chontae go gairid ag a bpléifear an moladh go mbeadh linn snámha poiblí i gConamara. Tá an moladh seo curtha chun cian go láidir ag an gComhairleoir Seosamh Ó Cuaig agus tá tacaíocht tugtha dú ag Combairicoiri eile Chonamara.

    Tá forbairt déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe taobh thoir de Ghaillimh, ach, ar an drochuair. níl airgead acu adeir siad, le ceann a dhéanamh i gConamara. Tá an cheist seo uilig le plé ag an gcruinniú atá socraithe.

    Tá ceist eile ann: Cén áit i gConamara a lonnófai an linn snámha san dá dtiocfaí ar chiste airgid? Deirtear go bhfuil an Teach Dáite i lár háite - tagann bóithre aniar. aneas, aduaidh agus anoir ann - agus tá Basil Mac Eochaidh ag iarraidh go mbeadh sé sa nGaeltaeht oifigiúil. Deamhan baile nios fearr!

Máirtín O Catháin