Ainneoin é breis agus ceithre mhí eile sula mbeidh toghcháin Údarás na Gaeltachta ann, tá cúis á chur cheanna féin leis an tuairimíochtb maidir le cé a bheidh ag seasamh. Chaith Foinse súil ar an scéal...

Tús ré toghánaíochta d'iarratasóirí an Údaráis

Is i gConamara is mó atá comhaltai le toghadh, seisear ar fad, agus cheana féin, tá rudai ag éiri cineál teasaí ann, daoine ag fógairt ar a chéile faoin gceist mhór pleanála seo.

Ina measc, tá Seosamh Ó Cuaig, a rinne thar cionn sna toghcháin áitiÚla níos luaithe i mbliana, agus a bhfuil sÚil gur  beag deacracht a bheidh aige greim a choinneáil ar a áit ag an mBord. Níl ceist ar bith, áfach, ach go gcaillfidh sé roinnt vótai ón tacaiocht a thug sé d'thorbairt tithíochta gan coinníoll teangan i gCarna. Is beag seans, áfach, gur mórán vótai a chaillfidh sé as an titim amach seo le "Gaeilgeoiri" Chonamara.

Tá beagán achrainn tarraingthe freisin aige in Árainn, más fíor do Chathy Ní Ghoill ó, áit a bhfuil toghcháin le tarraingt chun daoine a thoghadh ar Choiste na nOileán Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Tá na hÁrannaigh féin ag lorg comhalta tofa ar an mBord don chéad uair, agus tús curtha ag Mossie Joyce leis an gcanbhasáil cheana féin.

Fear eile é Seán Ó Tuairisg a bheidh ag coinneáll sÚil ghéar ar Árainn. Tá vóta maith ag Comhairleoir Contae Fhianna Fáil ann, mar atá in Indreabhán, agus ina cheantar dÚchais, DÚiche Sheoighe.

Bheadh vóta láidir freisin aige i gecantar an Spidéil, agus a sheanchara, Seán Ó Neachtain imithe go Strasbourg. Ach tá iníon Sheáin, Sinéad Ní Neachtain, í féin ag lorg ainmníúcháin. Deirtear go mbeadh drogail ar roinnt i gceantar láidir Fhianna Fáil an Spidéil an t-ainmníúchán sin a thabhairt di.

Fear eile ón Spidéal, ach atá ag obair i gceantar Ui Thuairisg, is ea Morgan Ó Conchubhair, bainísteoir Chomhchumann Shailearna. Tá fios go bhfuil leath-shúil ag fear Bholuisce ar an bpolaitíocht, cé nach bhfuil aon pháirti luaite go fóill leis. Tá cur i láthair maith ag an bhfear óg, agus é cinnte de vótai ar an Spidéal agus i Ros Muc, áit a bhfuil aithne mhaith air.

I gCeantar na nOileán, d'fbéadfadh Pádraig Ó Biaidh (FF) agus Caroline Ní Ráinne (FG) damáiste a dhóanamh de vóta a chéile. Tá seanchoimhlint idir FF agus FG i gCeantar na nOileán, cé nach ndearna an Ráinneach ró-mhaith i

dtoghcháin go dtí seo. Bheadh sé deacair aici Ó Biaidh a chur as an mbealach.

Ach an oiread le hoileáin Árann Níl sé deacair achrann a tharraingt i gceantar na nOileán, agus d'ffióadfadh Seain O Loingsigh a ainm a chur chun cinn don toghchán. Fear eile sa gceantar sin a bhfuil aithne mhaith air, a,gus meas freisin air, is ea Mairtin O Laoi. Tá vóta na CeathrÚn Rua ag Connie Ní Fhatharta di féin le tamall fada anois, ach má sheasann Trevor Ó Clochartaigh, Pháirti an Lucht Oibre, beidh iomaiocht éigin ar an mbaile. Cé gur as Carna ó thÚs don Chlochartach, tá  cónai air ar an gCeathrÚ Rua. Fuair sé vóta réasÚnta maith sna toghcháin áitiÚla agus bhi vóta láidir aige i gceantair nuafhorbartha ar nós Mhaigh Cuilinn, vóta dá pháirti. Ag brath ar a fheachtas an t-am seo, d'fhéadfadh sé déanamh go maith. Níor cheart go mbeadh mórán stró ar Ní Fhátharta, áfach, go háirithe agus córas nua uisce agus séarachais geallta dá baile dÚchais.

Ach an oiread leis an gClochtarach, tá Jimmy Ó Lorcain (PD) ag seasamh do pháirti nach bhfuil aon vóta láidir aige i gConamara. Tá tacaiocht go leor faighte aige óna Theachta Dála áitiÚil, NoeI Grealish, áfach Bhi an-fheachtas aige don toghchán áitiÚil, ach gur thosaigh sé leis an bhfeachtas ró-luath. Má sheasann sé, d'fhéadfadh cás cÚirte a bhain lena ghnó damáiste a dhéanamh dá vóta i Ros a' Mhíl agus i mBaile na hAbhann, ceantair ar a mbeadh sé ag brath.

Rud a d'fhéadfadh a bheith spéisiúil, ná an vóta sna ceantair imeallacha Gaeltachta. Má tá Séamus Breathnach, a rinne scrios sna toghcháin áitiúla, in ann é a chur ina luí ar mhuintir Mhaigh Cuilinn vóta a chaitheamh, agus má dhéanann Tomas Ó Curraoin (agus Sinn Féin Poblachtach fágtha ina dhiaidh aige) amhlaidh i mBearna, beidh siad in ann vóta mór a thabhairt leo.

Taobh thoir de chathair na Gaillimhe ta imní mhór faoi stádas Gaeltachta. Tá caint go gcuirfidis amach iarrthóir láidir amháin eatarthu, agus go vótálfadh na ceantair atá i mbaol ar son an iarrthóra seo. Ach cé? Bhi Seán Craven mar chomhalta ainmníthe ar Bhord an ÚdaráisUacute;darÚdaráisaacute;is go dti seo, ach b'fhéidir go mbreathnófai ar an iar-iománaí, Joe Connolly, atá an-ghníomhach i gcÚrsaí Gaeilge ar an taobh thoir den Choirib.

Foinse 2-1-2005


Baile