Am corrach do Raidió na Gaeltachta

 

An é seo an tseirbhis raidió nua don aos óg a bhi i gceist ag an Aire Ó Cuiv?

Ceist a chuir Seosamh Ó Cuaig agus Gearóid Ó Maolmhichil an lá inné agus an sceal á scaipeadh go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceadú amhráin Bhéarla ar an stáisiún ó 9.OOin go dti 1.OOrn.

 

Ó mhi Bhealtaine ar aghaidh beidh amhráin as Béarla ceadaithe ar RnaG ag an am sin, athru bunúsach ar an pholasai a bhi ag an stáisiún ó lá a bhunaithe.

 

"Tá mé cinnte de nár iarr an fhoireann sea," arsa an craoltóir Seosamh Ó Cuaig le Lá inné.

"Tá mé cinnte de nár iarr éisteoiri dilse Raidié na Gaeltachta é ach an oiread.

"Am ar bith a pléadh an cheist seo go foirmiúil roimhe bhi tromlach na foirne ina haghaidh.

"Tá an tAire Ó Cuív ag caint cuid mhór faoi sheirbhis nua don aos óg - an i seo an tseirbhis nua a bhi i gceist aige?"

 

Ceist a chuir Gearóid Ó Maolmhichil, iarcheannasai ar Chomhnaidhm na nóg, chomh maith. "Ni shásoidh seo mian daoine óga ar fúd na tire go mbeadh stáisiún dátheangach ann dirithe go mór mór orthusan," ar seisean le Lá.

 

"Tá an cinneadh ag baint ó raison d'étre Raidió na Gaeltachta agus bheadh baol ann leis.

"Ta súil agam nach bhfúil an doras druidte anois ar stáisiún dátheangach a bheadh dirithe go priomha ar an aos óg.

 

"An bhfuil an tAire sásta dut agus airgead a lorg do stáisiún nua nó an bhfuil se sásta mar Aire amharc ar Raidió na Gaeltachta bogadh i dtreo dátheangachais, rud nach raibh i gceist riamh?"

 

Le hEoghan Ó Néill - Lá 14/3/2005

 


Baile