Míshástacht
foime faoi liricí Béarla RTÉ RnaG
Aghneas FM
Tá aighneas idir fhoireann agus
bainistíocht RTÉ RnaG faoi chinneadh lucht bainistíochta an stáisiúin craolachán
liricí Béarla a cheadú don chéad uair. Ag cruinniú ceardchumainn le déanai
vótáil beagnach triúr as gach ceathrar in aghaidh cheadú na "liricí Béarla" . Tá
mishástacht i measc na foime chomh maith toisc nár pléadh an t-athrú treo seo
sular deineadlh an cinneadh. Níl gniomh tionscláíoch ná tiú stáilc curtha as an
áireamh ag cuid den fhoireann atá mishásta Ieis an gcinneadh. Chinn an lucht bainistíochta le
déanai méid teoranta d'amhráin le liricí Béarla á cheádú sán oiche ón 2
Bealtaine ar aghaidh. Tá sé deimhnithe gur Anocht FM a bheidh ar an gclár nua
le liricí Béarla. a chráolfar idir 9pm agus 11pm san oíche. agus gurb é an
craoltóir Conallach. Ronán Mac Aodha Bhuí, a bheidh á chur i láthair. Idir 11pm
agus 1am craolfar an gnáthchlár ceoil ailtéarnaigh. An Taobh Tuathail, ina
mbeidh na liricí Béarla ceadaithe chomh máith. Tuigtear do Foinse go rabhthas ág
súiI le cruinniú ceardchumainn eile Ieis an gceist a phlé an Sáthárn beag seo
ach gur cuireadh siar é a fhad is atá an NUJ i mbun idirbheártaíochta ar son na
foirne. Táthár ag súil. sná seáchtainí ámach romhainn, go n-aontófar plean
gnímh in aghaidh an chinnidh na " liricí Béarla" a cheadú. Duirt cuid d'fhostaithe an Raidió
ar Iabhair Foinse leo an tseachtain seo caite nach bhfuil stailc oibre curtha
as an áireamh acu sa chás nach réiteofar an cheist seo, ach bhi formhár na ndaoine
atá ag cur in aghaidh an chinnidh den tuairim gur beag seans go rachaidh sé
chomh fada sin. Dúirt fostai amháin go bhfuil plé á dhéanamh go hinmheánach ar
" bhealaí éagsúla" a d'fhéadfai a úsáid in aon agóid agus nach raibh " aon rud
curtha as an áireamh." Tá an tslí nach ndeachas i gcomhairle leis an bhfoireann
roimh ré ag cur as do chuid mhaith den fhoireann agus dúirt bail foirne eile,
nach raibh sásta a ainm a thabhairt, go raibh " neamhaird iomlán" tugtha ag an
mbainistíocht " ar choincheap na páirtnéireachta." Dúirt sé gur ghéaraigh ar an
mhishástaeht nuair a chuaigh toscaireaeht foirne chun an lucht bainistíochta
lena mishástaclit a chur in iúl. Dúradh leo go neamhbhalbh go raibh an cinneadh
déanta, a dúirt an ball foirne. Maidir leis na liricí Béarla féin,
tá formhór acu siúd a vótáil ina n-aghaidh buartha faoin socrú ar bhonn
" prionsabail." Dar le daoine eile gur chóir go mbeadh na cláir le liricí Béarla
á gcraoladh ar mhinicíocht eile. Aontaionn formhór na n-oibrithe gur chóir an
dara seirbhís Ghaeilge a bhunú a mbeadh beartas datheangach aici. Tá mionlach
suntasach ag fáiltiú roimh an socrú nua agus mórán acu sin ag maíomh gur chóir
go mbeadh na liricí Béarla ceadaithe i bhfad ó shin. Ni róshásta a bhí lucht
bainistíochta an stáisiúin tamall de bhlianta ó shin nuair a thug duine de
láithreoiri An Taobh Tuathail, Clan Ó Ciobháin, beartas " antediluvian" ar an
gcosc ar liricí Béarla. Meastar, áfach, go bhfuil brú tagtha ar an stáisiún
féachaint arís ar an gceist tar éis gur mhol tuarascáil ó Choimisiún
Craolacháin na hEireann go mbunófaí an dara seirbhís Raidió Gaeilge, seirbhis a
bheadh dátheangach agus dírithe ar dhaoine óga. Dúirt duine eile de na daoine atá
ag cur in aghaidh an chinnidh nua -an craoltóir agus bail tofa ar Bhord Udarás
na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig - go bhfuil an-chiail go deo ag baint leis an
tuairim atá ag tromlach mór na foirne de RTÉ RnaG i dtaobh bheartas teanga an staisiúin. "Tá siad ar son staisiún nua a
bhunú don aos óg ina mbeidh liricí Béarla ceadaithe. Ach idir an dá linn, má tá
an oiread sin éilimh ar phopcheol i mBéarla le tráchtaireacht Ghaeilge cén fáth
nach gcuirfi an tseirbhis sin ar fáil ar RTÉ raidió a haon nó ar RTÉ 2FM? Tar
éis an tsaoil, nach sin a bhí á dhéanamh ag Seán Bán Breathnach ar RTÉ ós cionn
tríocha bliain ó shin," a dúirt Seosamh O Cuaig. Dar le Tomás Mac Con lomaire,
Ceannasai RTÉ RnaG gur deineadh an cinneadh a phlé leis an bhfoireann agus nár ardaíodh
aon cheist mar gheall air. Dúirt sé gur deineadh an cinneadh tar éis go
bhfuarthas amach go raibh an t-athrú treo seo ag teastéil ó Ghaeilgeoiri nach
mbionn ag éisteacht le RTÉ RnaG. Bhí cruinniú foime againn trí
seachtainí ó shin agus níor chuir éinne den fhoireann ina choinne seo. Glacaim
leis go mbeidh amhras ar dhaoine áirithe faoi, ach beidh smacht iomlán air sa
tslí is go mbeidh srian ar líon na liricí Béarla agus ar na hamantaí a
cheadófar iad. Chuamar i dteagmháil le pobal na Gaeilge nach bhfuil ag éisteacht
linn agus sin a bhí uathu," a dúirt Ceannasai RTÉ RnaG, Tomás Mac Con lomaire. Irene Ní Nualláin i bhFoinse 10 Aibreán 2005 |