Deireadh an bhothair don bhóthar siar Plean bothar o Chaillimh go dti iarthar Chonamara diúltaithe mar gheall ar chostas agus cursai timpeallachta - NRA.


Ni thógfar aon bhóthar idir Gaillimh agus Iarthar Chonamara, dar leis an NRA (an tliJdarás Náisiúnta um Bóithre).
I litir ar an ábhar, a sheol an NRA chuig an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv - litir atá feicthe ag Foinse - deir an NRA, "we could flot support any plan to build a new road directly from Galway to West Connemara, between the existing N59 and R366 roads."
Tá an NRA ag diúltú don bplean, a deir said, mar nach mbeadh gá leis an mbóthar, mar go mbeadh só róchostasach é a thógaint agus mar go mbeadh cúrsai timpeallachta i gceist go Iáidir lena thógaint.
Deir an litir, "This road would service a very limited population concentrated along the coast,and along the N59." Maidir le cúrsai timpeallachta, maionn an litir, "The route proposed is, in part, a Special Area of Conservation (SAC), and it would require compelling reasons for us to build there". Bheadh an bóthar róchostasach mar go mbeadh an bóthar le tógaint tri "chnoic agus portaigh".
Deirtear sa litir, a seoladh go dti an Aire Gnóthai Pobail, Tua ithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv ar an 30 Bealtaine, go bhfuil an NRA diongbháilte faoi infheistiocht a dhéanamh sa Ghaillimh agus nach raibh "amhras orthu ach faoin mbóthar seo amháin". Dar leo go laghdófaí ar an mbrú tráchta in Iarthar Chonamara nuair a thógfai seachbhóthar (by-pass) nua na Gaillimhe a rachadh chomh fada siar leis an mBaile Nua taobh thiar de Bhearna. "The proposed bypass of Galway City will extend to An Baile Nua on the Regional Road R366 west of Barna (sic). Traffic congestion west of that location could certainly be eased by upgrading or replacing the Regional Road".
Dúirt an tAire Gnóthai Pobail, Gaeltachta agus Oileáin an tseachtain seo caite go leanfadh só air "ag brú na ceiste go láidir maidir le feabhas a chur ar na bóithre i gConamara go mór mór an R366 agus an N59."

Dar leis an gComhairleoir Seosamh Ó Cuaig, Cathaoirleach Choiste Bóithre agus lompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil cinneadh tógtha ag an gComhairle go dteastaionn bóthar nua go Conamara ach nach bhfuil bealach roghnaithe dó fós.
"Tá sé socraithe ag an gCoiste Bóithre agus lompair i gComhairle Chontae na Gaillimhe go dteastaionn bóthar nua go Conamara, si an chéad chóim eile ná airgead a fháil don mbóthar sin agus bealach a roghnú dó. Nil an cheist sin réitithe ar chor ar bith agus tá treonna éagsúla á scrúdú. Admhaionn an NRA go bhfuil gá leis an mbóthar atá ann a uasghrádú nó bóthar nua a chur ina áit.
"Aontaim leis sin agus ó tharla nach féidir uasghrádú a dhéanamh air caithfear bóthar nua a thógaint. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh sin uilig san áireamh sa gcinneadh deireanach a dhéanamh ar an gceist seo," a deir Seosamh Ó Cuaig, Cathaoirleach Choiste Bóithre agus lompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Seán Tadhg Ó Galrbhi Foinse 5/6/2005


Baile