Cruinniú eolais ar ghrúpscóim Leathanbhanda do Chonamara

Reachtáil Comhairle Contae na Gaillimhe cruinniú eolais, de Chéadaoin seo caite, le muintir na tuaithe a chur ar an eolas faoi phlean grúpscéim leathanbhanda i gConamara.

I láthair, bhi ionadaithe poiblí, na Comhairleoiri Contae agus Comhaltaí Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, Seán Ó Tuarisg agus Séamus Breathnach. Bhi Caitríona McQuillan, Comhordaítheoir Réigiúnach Leatbanbhanda de chuid Údarás Róigiúin an Iarthair, i láthair fosta.

Bhi suas le tri scór duine i láthair i dTigh Peacocke, áit a ndearnadh cur sios ar na féidearthachtaí a bhain le soláthar seirbhis leathanbhanda don phobal. Pléadh an maorlathas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh maidir le grúpscéim den sórt seo. Tugadh le fios go mbeadh maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Cumarsáide i Meán Fómhair. Beidh sé ar chumas na Roinne suas le 55% de chostas an chórais a chur ar fáil.

Rinneadh cur sios ar na roghanna éagsula atá ar fáil don phobal, agus moladh an córas raidió leathanbhanda, mar an córas is éasca a chur i bhfeidhm ó thaobh cúrsai tireolaiochta de.

Bhi an grúpa, West Net, ó chontae Mhaigh Eo i láthair agus rinne siad cur sios ar an dóigh ar éirigh Ieo féin an córas a chur ar fáil ina ndúiche féin. Beidh cruinniú eile a eagrú ag an chomhairle contae i gceann miosa nó sé seachtaine le tuilleadh eolais a roinnt leis an phobal agus le solathróiri seirbhis leathanbhanda a chur in aithne dóibh.

Dónal Mac Ghiolla Chóil i Lá 10/6/05

Is féidir leathan bhanda a chur ar fud Chonamara...ach teastóidh crainnte arda cumarsáide.

Má tá córas ceart leathanbhanda teileafóm le cur go Conamara is ar cheangal raidió a chaithfear é a dhéanamh. B'in i an tuairim a bhi ag saineolaithe teicniúla ag cruinniú faoin gcóras leathanbhanda a bhi sa Teach Dóite san oiche Dé Céadaoin seo caite.

Ach, bheadh córas raidió leathanbhanda i gceantar ar nós Chonamara ag brath ar chrainnte arda cumarsáide agus d'fhéadfadh sé sin a bheith ina ábhar conspóide chomh maith. Theastódh cead pleanála le haghaidh na gcrainnte seo. Tá amhras ann i mbólai áirithe faoin dochar a dhéanfadh na crannte don timpeallacht agus tá tuairim eile ann go bhfuil fáil ar roinnt mhaith deiseanna sa gceantar cheana féin leis an gcóras nasc raidió a neartú.

Tá sé ráite ag an saineolai telcniúil, Cormac Ó Murchú go bhfuil go leor crainnte cumarsáide ann cheana féin a bhféadfai leas a bhaint astu, ar nós na crainnte atá ag RTÉ sa gceantar. Caithfidh tú amharc a bheith agat ar an gcrann cumarsáide as an áit a bhfuil an tseirbhis leathanbhanda teileafóin ag teastáil, sula n-oibreoidh an nasc raidió. Dá réir sin deir daoine eile go dteastódh cúpla crantí fíor-ard, San nó réimse craimite a chinnteodh go dtabharfaí an córas os cionn na gcnoc go chuile phobal i gConamara.

Ag cruinniú an Tí Dhóite, dúirt duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Westnet - dream a bhfuil go leor oibre déanta acu ar chóras leathanbhanda i Maigh Eo - go gcreideann siadsan gur féidir an córas a thabhairt ar fud Chonamara. Ó thaobh cúrsai teicniúla, nior cheart go mbeadh mórán fadhbamia leis, a dúirt seisean.

Si an cheíst is mó ná ar fiú an tairbhe an trioblóíd do chomhlacht príobháideach ar bith. Nuair a fiafraíodh de stiúrthóír Westnet an mbeadh buntáiste airgid ag comhlacht príobháideach dá leathnódh séan córas leathanbhanda amach ar fud Chonamara uilig dúirt sé "go mbeadh sé idir dhá cheann na meá".

Tá Comhairle Chontae na Gailimhe ag moladh go dtriáilfi le grúpscéimeanna pobail a bhunú leis an gcóras leathanbhanda a thabhairt go ceantair tuaithe. Ach, dúirt Seán Mac Gloinn as Údarás na Gaeltachta gur chorrghrúpa pobail, as féin, a bheadh in ann láimhsiú a dhéanamh ar chuile ni a bhaineann le bunú seirbhise mar seo. Rinne an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig, Nollaig Ó Gadhra agus daoine eile cáineadh ar an gcaoi ar aistriodh an comhlacht Eircom as an earnáil phoibli go dti an earnáil phriobháideach rud a thug, dar leo, forlánihas dóibh ansin ar sheirbhisi teileachumarsáide sa tir.

Tá Eircom ag diriú ar mhargadh cathrach, adúradh, agus ni fiú leo mórán a dhéananih faoin tuath mar nach mbeadh a ndóthain brabúis acu as. Ó tharla é sin a bheith tarlaithe, bhí go leor daoine don bharúil go gcaithfi a dhul i mbun seifte eile alois leis an leathanbhanda a thabhairt go Conamara.

Dúirt an Comhairleoir Ó Cuaig go mbeidh sé féin ag iarraidh anois go dtabharfai daoine le saineolas, agus comhlaclitai le chéile le plé a dhéanamh ar an mbealach praiticíúil leis an obair seo a dhéanamh. "Ach, ni mór dúinn cioradh nios iomláine a dhéanamh ar na deiseanna éagsúla a d'flióadfadh a bheith ann", adeir se.

Máirtin Ó Catháin i bhFoinse 12/6/2005


Baile