Bileog faoi airgead bóithre curtha amach ag an Ó Cuív

Fuair Comhairleoiri Contae Fhianna Fáil agus lucht cumainn in iarthar na Gaillimhe cáipéis sa bpost ón Aire Éamon Ó Cuív an tseachtain seo ina raibh mionchur sios ar an méid airgid atá caite ar bhóithre Chonamara as cisti éagsúla le blianta beaga anuas.

Ta cisti éagsúla Chomhairle Chontae na Gaillimhe, airgead na hEorpa, ciste na Roinne Gaeltachta agus ciste Údarás na mBóithre Náisiúnta uilig luaite. Tá ceist na mbóithre agus an caiteachas ar bhóithre san iarthar - agus i gConamara go mór mór - ina gceist mhór le scaitheamh anuas.

Bhi sé ina chonspóid le cúpla mi mar nach bhfuair Comhairleoiri Contae Chonamara aon chuireadh -ná aon scéal - faoi chruinniú a bhi eagraithe ag an Aire ÓCuív le Priomh Fheidhmeannach Údarás na mBóithre Náisiúnta. Bhi an cruinni ú sin i mBaile Átha Cliath ar an 2áe Bealtaine agus bhain sé le moladh go ndéanfai forbairt ar bhóthar nua as Conamara go Gaillimh.

Ansin, an tseachtain seo caite, d'fhógair an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig go mbeadh Priomh Fheidhmeannach Údarás na mBóithre Náisiúnta ag casadh le Comhairleoiri Chonamara agus go mbeadh sé féin (an Comhairleoir Ó Cuaig) ag eagrú an chruinnithe sin i gcomhar leis an bPriomh Fheidhmeannach, Fred Barry. Ansin bhi comhtharliúint ann.

Ar na sála ar Ó Cuaig tháinig scéala ón Aire Ó Cuív go raibh teagmháil aige féin le Údarás na mBóithre Náisi únta agus go mbeadh seisean (an tAire) ag eagrú an chruinnithe idir Chomhairleoiri Chonamara agus Údarás na mBóithre Náisiúnta. Ceaptar anois go bhféadfadh ceist an chaiteachais ar bhóithre a bheith ina chnámh spairne mór idir pholaiteoiri.

'Speánann staitisticí le roinnt mhaith blianta nach rabhthas ag caitheamh ach tuairim is 4-6% den airgead a thagann go Gaillimh as ciste Udarás na mBóithre Náisiúnta i gConamara.

Is beag athrú atá tagtha ar sin. San arn céanna, is beag aitheantas atá tugtha do na deacrachtai ar leith atá ag baint le forbairt bhóithre i gConamara ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. 'Speánann staidéir atá déanta faoi scáth na Roinne Comhshaoil go dteastódh idir a thri oiread agus a dheich noiread airgid le caoi cheart a chur ar bhóithre i dtalamh corrach mar atá i gConamara... agus a chosnódh an t-achar céanna bóthair ar an Achréidh. Ach, beag beann ar sin, roinneami an Chomhairle Contae cuid mhór dá gcuid cisti ar an mbun go bhfaighidh chuile áit an méid chéanna in aghaidh an chiliméadair.

Méirtin Ó Catháin: Foinse 7/8/2005

Scéalta faoin mbóthar i mí Iúl


Baile