Polaiteoirí ag baint na sála dá chéile faoi cheist na mbóithre

Tá fuadar faoi pholaiteoirí in iarthar na hÉireann anois agus lad ag coimhlint lena chéile faoi fhorbairt na mbóithre sa taobh sin tire. Chuir an scéala nach bhféadfaí a dhul ar aghaidh leis an gcuarbhóthar thart ar Bhaile Chlálr na Gaillimhe tuilleadh borrtha faoin diospóireacht an tseachtaln seo caite.

An tseachtain seo caite sa gClochán, dúirt an Feisire Eorpach, Marian Harkln go raibh an N59 - an bóthar náisiinta as Gaillimh go dti an Clochán - ar an mbóthar is measa dá shórt in Éirinn. Ni mór béim a chur ar an bpointe ar fhorbairt infrastruchtúr ceart bóithre sa gceantar, adeir sí.

San am céanna, té sé fógraithe ag an Aire Stáit, Frank Fahey go bhfuil cruinniú socraithe aigesan idir an tAire Comhshaoil, Martin Cullen agus Priomh Fheidhrneannach Údarás na mBóithre Náisiúnta, Fred Barry ag féachaint le borradh a chur faoin gcuarbhóthar timpeali ar chathair na GaillImhe. Is cosúli go bhfuil an phlean seo curtha ar an méir fhada anois agus go bhfuil Údarés na mBóithre Néisiúnta drogallach faoi agóldi até dé ndéanamh ag dream sa gcathair In aghaidh an bhóthair seo. Té an Teachta Dála Noel Grealish ón bPáirti Daonlathach ag iarraidh go dtiocfadh na páirtithe uilig le chéile le brú a chur ar Údarás na mBóithre Néisiúnta - an NRA - ag éileamh bóithre don chéad scoth i gcathair agus i gcontae na Gailllmhe.

Tá tranglani Bhaile Chláir na Gaillimhe ag déanamh tuilleadh imní don phobal anois ó chlis ar an iarracht le talamh a fháil le haghaidh cuarbhóthair ansin. Tuigtear nach raibh ach 7 n-úinéar as 26 sésta scaradh lena gcuid talún; bhi €25,000 an tacra dá thairiscint dóibh.

Idir an dá linn, táthar ag siúl go mbeidh an cruinniú ann i dtús na míosa seo chugainn idir Chomhairleoirí Contae Chonamara agus Príomh Fheidhmeannach an NRA, Fred Barry. Baineann an cruinniú seo leis an éileamh ar bhóthar nua as Conamara go Gaillimh agus obair fhorbartha ar an N59 - an bóthar siar chun an Chlocháin. Dúirt an tAire Éamon Ó Cuív gurb eisean atá ag eagrú an chruinnithe seo agus go mbeidh sé féin ann i gcuideachta Chomhairleoirí Chonamara. Ach, tá an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig, atá i mbun feachtais ar mhaithe leis an mbóthar nua, ag rá gur cheart go mbeadh polaiteoirí Ghaillimh Thiar uilig ag an gcruinniú seo.

Ba bheag airgead a fuair iarthar na hÉireann as na cisti 'Comhtháite' as an Eoraip idir 2000 agus 2003 nuair a cuireadh deireadh leo. Bhí buntáiste ag baint leis an gciste seo ó thaobh forbairt bóithre de. Nior thainig ach 14% den airgead chuig réigiún an iarthair, an iarthuaiscirt agus lár tire. Tá 27% de dhaonra na hÉireann sa réigiún sin agus clúdaionn sé 40% d'achar tireolaiochta phoblacht na bÉireann.

Máirtin Ó Catháin Foinse 28/8/2005


Baile