Fear WestDOC faoi bhrú ag cruinniú

Cuireadh fáilte roimh Bhainisteoir an chóras dochtúireachta, WestDOC, ag cruinniú Údarás Réigiúnach an Iarthair i gCaisleán an Bharraigh Dé Máirt seo caite. Thug sé léargas an an leas atá déanta ag an gcóras seo agus thug sé chuile mholadh air. Ach, ní gan allas a chur a d'fhág sé an cruinniú. Mhíningh an Comhairleroir Contae, Seosamh Ó Cuaig dó go raibh go leor daoine ag gearán faoin gcóras seo - taobh thoir de Gaillimh agus taobh thiar de Ghaillimh, adeir sé. Mhíningh Ó Cuaig dó go raibh toscaireachtaí as iarthair Chonamara gaibhte chomh fada leis an Táiniste faoin scéal agus nach raibh an pobal sin ag iarraidh go mbeadh córas ar nós WestDOC ina ngaire.

Máirtín Ó Catháin - Foinse 25/9/2005



Baile
Buille mhíshláintiúil do Chonamara

Ta muintir Chonamara thios leis go mór de bharr cinnidh faoi sheirbhis jompar siainte, de réir Chomhairleoir ón gceantar.

Cháin Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleách) go láidir an "t-athbhreithniú" atá ar siúl ag Fheidhmeannacht na Seirbhise Siainte Ceantar Iartharach ar chóras taistil ata ar fáil d'othar sa réigúin.

Ba seirbhis atá ann d'othair nach bhfuil in ann a mbealach féin a dhéanamh go dti cuirí leighis.

Ta an t-athbhreithniú ar an gcóras á dhéanmah i gConamara faoi láthair agus tuigtear go Lé gur stopadh roinnt daoine ón gceantar an seirbhis a úsáid amach anseo.

Dhiúltaigh an Fheidhmeannacht é seo a dhearbhú toisc nárbh fhéidir leo "tráchtaireacht a dhéanamh ar chásanna faoi leith."

Dar le Comhairleor O Cúaig, "Is uafásach an scéal éagus tháinig sé aniar aduaidh ar gach duine.

"Fágfaidh sé daoine nach bhfuil cáras taistil acu go dona as. Is buaileadh mér eile é don cheantar é agus do dhaoine bochta."

Mhaigh Ó Cuaig go raibh bean i dteagmháil leis a raibh uirthi a páiste, ceithre blian d'aois, a thógáil go dti Ospidéal na Leanai, Cromghlinn, i gcomhair cuireadh ar a hocht a clog ar maidin le déanaí.

"Go dti seo bhi córas taistil aici ach ansin cuireadh in iúl di go mbeadh uirthi a mbealach féin a dhéanamh go dti an ospidéaL"

D'eisigh an Fheidhmeannacht ráiteas inné maidir leis an gconspóid:
"Nil aon dualgas reachtáil ar Fheidhmeannacht na Seirbhise SIáinte Ceantar Iartharach iompar go dti áis leighis a chur ar fáil d'aon duine."

Dúirt siad gurb é ról na seirbhise otharcharr ná seirbhis éigeandála timpiste go dti ospidéal a chur a fáil dóibh siúd a raibh "cúram critiúil" de dhith orthu.

De réir an ráitis tá na hudaráis shláinte ag diriú ar cheithre saghas othair faoileith: Othair Oncology, Othar Dialysis, Othar Organ Transplant agus othar le gortuithe géag ioctarach nach bhfuil in ann iompar poibli a úsáid.

"Ní raibh aon ghearradh siar suntasach i seirbhis iompar othair sa Reigiún Iartharach. Leis na hacmhainnf teoranta (atá againn), faraor, tá ár bpriomhachtai a ndiriú ar na réimsi luaite."

"Cuirfear seirbhis ar fáfi dóíbh siúd taobh amuigh de na réimsí sin de réir na hacmhainnf atá ar fáil."

Ag caint le Lá dúirt Comhaírleor Ó Cuaig go raibh "ceisteanna móra le freagaírt ag an Aire Slainte, Mary Harney agus freisin ag Eamon Ó Cuív atá ag breathnú i ndíaidh an tuath agus an Ghaeltacht."

Dúirt urlabhrai de chuíd an Aire Ó Cuív i mbun cainteanna leis an bhFeíŸEdhmeannacht maidir leis an scéal.

Le CoIm Ó Broin Lá 29/9/2005