Idir Leaganacha cainte is leaganacha cearta

Níl go leor spáis agam inniu le mórón a rá i mbliana faoi bhunú Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919.

Ach amháin go bhfiúl gá agus géarghá le nós agus le haontas idir lucht scríofa na Gaeilge faoi cén uair is ceart ainm Gaeilge, nó an leagan ceart Gaeilge, a chur ar charachtair inár stair a bhfiúl leagan coitianta Béarla acu - freisin.


Níl locht ar bith ar bheannacht neamhsheicteach Sheosaimh Uí Chuaig!
Ní gá filleadh ar ré Eamáin de Bhlaghd sa Ghum nuéair a thugtaí Winston Cnoc na hEaglaise ar an bpolaiteoir Sasanach le tuiscint choitianta intuigthe a bheith againn, mar a leag seanfhoireann na Nuachta Gaeilge amach glúin é shin.

Sa ré nuair a bhíí spéis ag lucht na Nuachta ina leithéid agus nuair ba i aidhm na seirbhííse seirbhíís a chur ar fail, .i. togha na Gaeilge dúchais a chur ar fáil oiread agus ab fhéidir, bunaithe ar chomhdhearcadh na bpriomhchanúinti ach a d'Ihéach chuige freisin uasmhéid tuisceana ar an scéal a chur ar fáil don ghnáth éisteoir, ba chuma cén leibhéal Gaeilge nó cleachtadh a bhíí acu féin.

Ní raibh aon ghlacadh san am sin le Tádar ná le go bhfullwadar san aimsir láithreach, direach mar nach nglacfai leníos dona toisc go raibh sin is cosúil mar chuid de patois eisceachtúil Chois Fharraige.

Gan trócht ar Corca (gan an séimhiú cuí go minic freisin) na Ceathrú Rua, focal nach raibh sa chanúint acu sa seanam mar nár ghnách leo labhairt ar Chorcaigh de ghnath.

Ach go Queenstown tar éis an tsaoil a théidis (gnáthchaite, nach luaitear go minic na laethanta seo fiú ar maG mar a ndeirtear chuaigh in áit théadh srl., fiú nuair is gá idirdhealú a dhéananih idir an dá haimsir le ciail a dhéanamh as an scéal).

Tá RTÉ ag seasamh an fhóid go laidir fós mar a bhfiúl Siún Nic Ghearailt agus Bridóg ag léamh ar an teilifis arís le deanaí buiochas le Dia agus meánchanúint ghlan chruinn intuigthe aici is cuma cén ait a fuair si an sin ar Raidió na Gaeltachta, cuid den íomha nua popcheoil ata a cruthi ag an stáisiún le tamail. An ndeirtear in ait ar bith sa tír, ná áirím sa Ghaeltacht féin in Éirinn?

Agus mura bhfiúl fonn ar chraoltóiri airithe Dia nó Muire mháthair a lua a thuilleadh (de réir caighdeán cothromaíochta an dreama a chuir deireadh leis an nós sin ar an gcaighdeán 'neamhsheicteach' an NUJ tá cruthaithe ag an gComhairleoir Chontae Seosamh Ó Cuaig agus ag daoine eile a bhíííonn ag plé le leaganacha cainte ar an aer go bhfiúl nathanna dúchasacha go leor ann le beanú duit gan carachtair bhealoidis cosúil le Dia a lua.

"Go n'éiri an saol agus an aimsir libh," mar shampla.

Níllocht ar bith air sin.

Gan trácht ar "Mhór dhuit ar maidin," más mian le duine éigin ceart a thabhairt dár ndúchas pagánach; Ach Ni?

Tá sin ró-ard ar fad.

Fiú do dhaoine a deir más féidir le Séamas Ó Scanláin áiteanna a rá nuair atá sé i Montrose, cén fáth go bhfiúl muintir Bhaile na hAbhann, cailíní deasa na haimsire san áireamh, chomh tugtha Sun do áiteacha nuair atá fhios ag an saol mór (mura bhfiúl a fhios ag éinne in TG4 atá in ainm is a bheith freagrach as na rudaí seo) nach sin é an rud a deir siad sa bhaile i gConamara, má labhrann siad Gaeilge sa bhaile?

Áiteachaí a bheadh acu!

Tá sé thar am ag RTÉ agus ag TG4 agus ag Ceannaire nua RnaG fiú éirí as airgead maith a íoc le daoine le bheith ag faire ar na nithe seo nuair us léir nach dtuigeann go leor de na daoine gairmiúla céanna an difríocht.

Agus nach bhfiúl fonn ar bith orthu ceartuithe a chur bhfeidhin ar aon nós.

Tá sé thar am freisin féachaint ar chaighdeán iontrála na gcúrsaf oiliúna (nach ionafin agus 'traenáil') cumarsáide fiú san Oliscoil Náisiúnta féin féachaint an bhfiúl sé ar aon dul leis an Máithreánach agus cén difriocht atá idir an caighdeón Gaeilge a bhíííonn ag mac léinn ag fágáil na gcursaí agus an BA Gaeilge a bheadh ag bunmhúinteoirí, abair.

Maidir le nósmhaireacht dúchasach eile ar an aer, is ábhar náire an ghnáthchaighden sa chuid is mó de na stáisiiiin trachtála gan trócht ar an mí-úsáid a bhaintear as nathanna Béarla Coronation Street srl., ar fud na tíre anois.

Féach lion na siopai, lucht tacsaí, freastalaithe óstáin a deir cheers in áit thanks fiú amháin.

Tá sé ag eachtrannaigh atá in ainm is a bheith ag foghlaim Béarla fiú, mar go bhfiúl nós an dúchais a bhfuil muid mórálach as caite amach ag gach aon dream sa tír anois, ó Fháilte Ireland go dti stáisiún teilifise. Cad é a déarfá le stáisiún theilifise a bhíí ag maiomh go raibh Gunflght at the 0K Coral ar an éacht ba mhó teilifíse a bhí againn le linn na Nollag.

Ní gá 24 milliiin euro agus córas teicniúil craoltóireachta ar leith a chur ar fáil ón cáiniocóir chun seanscannáin ón iarthar fiáin a chur ar fáil do lucht na Gaeilge faoi Nollaig.

Ní leor míreanna spóirt dátheangacha ach an oiread nó fiú amháin steip an Oireachtais, mar a bhfiúl béim ar na cosa seachas ar theanga na muintire.

Seo clár ba cheart a bheith ar RTÉ b'fhéidir le dream áirithe ar bheagán Gaeilge a mhealladh mí na Samhna seo caite nuair a bhí easpa 'cultúir' ar chathair Chorcai agus fonn orthu a chruthú do RTE (agus don dream úd in Dublin 4, de bhunadh Chorcaí go minc!) go raibh a leithéid ann.

Ní hé seo an t-aon ábhar iontais a bhí le feiceáil on mbosca sa chúinne le linn na Nollag agus ó shin.

Lá trua mar shampla, nuair a tugadh faoi shraith Louis Marcus ar chomórthai a athchraoladh nar ceartaíodh an botún faoi Ghlas Naíon, mar a bhfiúl Liam Ó Maoilíosa curtha a dúradh linn, díreach mar a luaitear an fear céanna le Gaillimh de ghnath mar go bhfiúl dealbh agus beairic i gcuimhne air sa chathair sin agus dealbh agus coláiste eile i mBaile Atha Rí.

Tá cáil ar Ó Maoilíosa i nGaillimh gan amhras mar ba é ba mhó a spreag muintir an chontae sin le héiri amach um Cháisc 1916.

Cainteoirí dúchais ón Achréidh freisin ba mhó.

Ba mhó a bhí i gceist i rún a chuir Breandán Ó hÉithir agus feach ar thaifead do RTE siar in 1966 nuair a bhíodh daoine buartha faoi nithe mar seo in Montrose, ar mhaithe leis an leas céanna cúpla bliain ina dhiaidh sin, agus fiú má cuireadh deireadh le hAlt 31 agus le tionchar Phairti na nOibrithe ina dhiaidh sin arís, tá an point sroicthe againn anois gur cuireadh an clár faoi Liam Ó Loingsigh a rinneadh le gairid (ar deireadh thiar) isteach le sraith faoi Mheirligh mar a dtugadh tús áite do chláir faoi Dhoiminic McGlinchy agus faoi Dhessie O'Hare!

A leithéid de mhasla!

Do mhuintir Fhianna Fáil féin fiú a eagraíonn comóradh bliantilil ag uaigh an Loinsigh.

An mbeidh aon aire rialtais ag gearán le RTE, mar a rinne duine amháin acu i mbliana is cosúil mar go raibh Michael Collins ina leagan claonta a la Hollywood den scannán ag dul amach arís eile Oíche Nollag (an ceathrú huair le cúig bliana anuas) gan iarracht ar bith cuid de na bréaga follasacha maslacha atá sa scannán (in aghaidh Clann Uí Bheoláin mar shampla) a cheartú nó a phlé an lá dár gcionn.

Agus shilfeó go raibh dóthain baothchainte ag Kenny agus ag Ryan Tubridy gach maidin ó shin le scéalta mar seo a chur ina gcaint.

Ach tá leagnach PC de gach rud ann na laethanta seo.

Féach an tús atá curtha le comóradh Mháirtín Uí Chadhain cheana féin.

Lá 23/1/2006


Baile