Easpa sheirbhís trí Gaeilge do dhaoine ó oifig phleanála

Tá muintir na Gaeltachta ag cailleadh seirbhís phleanála de bharr easpa Gaeilge chuid de phleanálaithe na Comhairle.

6/2/006: Rinne Seosamh agallamh faoin ábhar seo ar Adhmhaidin - RnaG. Beidh cúrsaí pleanála i gConamara á plé ag Coiste Chomhairleoirí Chontae go luath.
Tá córas ag Comhairle Chontae na Gaillimbe a thugann deis do dhuine a bhfuil sé ar intinn aige teach a thógáil, nó forbairt eicint eile a dhéanamh cruinniú a bheith aige leis an rannóg phleanála sul a gcuirtear iarratas foirmeálta isteach, ach níl an Ghaeilge sách maith ag go leor de na pleanálaithe le dhul amach go Conamara agus na cúrsai seo a láimhsiú trí Ghaeilge.

B'in cuid dá raibh le rá ag ceannasai pleanála na Comhairle Contae, Pól Mac an lomaire an tseachtain seo caite nuair a d'fhiafraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig de lucht na pleanála ag cruinniú an tseachtain seo caite cé mhéid de na cruinnithe "réamhphleanálad" seo a bhain le hiarratais i gConamara le bliain anuas.

Dúradh le Ó Cuaig go raibh 900 cruinniú ann a bhain leis an nGaeltacht i ndeisceart Chonamara agus gur sna hoifigí i nGaillimh a bhí an chuid is mó seachas san oifig ar an gCeathrú Rua.

Tá an Chomhairle ag iarraidh an scéal sin a leigheas, a dúirt Mac an lomaire.

Idir an da linn, is cosúil go mbeidh ar mhuintir na Gaeltachta a dhul chuig na cruinnithe réamhphleanala seo i nGaillimh agus an gnó a dhéanamh tri Bhéarla.

Mairtin Ó Cathain Foinse 5/2/2006


Baile