Rás snamha a shocróidh ionad na linne snámha
Idir Connie agus Joey Five

Ta na multe euró curtha ar chaon snámhai cheana agus na cearta teilifise ceannaithe ag TGFore! ódearbhaiodh gur ar thoradh rás snámha idir Connie agus Joey Five a shocrófar cá mbeidh linn snámha dheisceart Chonamara le lonnú.
Measadh go raibh an iomaiocht chomh géar - agus an phoiblíocht chomh riachtanach nach raibh aon bhealach cothrom eile anti chun an chonspóid a réiteach - ach an bheirt a chur i gcoimhlint le chéile.
Meastar go bhfuil seachtaun caite ag Connue "An Mhaughdean Mhara" Ní Fhátharta san Ionad Náisuúnta Uisce Spóirt i mBaile Ab agus í ag traenáil go fíochmhar don rás.
Is go Cuba a thug Joey "Leander" Ó Cuaig aghaidh agus é ag ullmhú dá dhúshlán.
Rás 5km a bheudh ann eatarthu - sa bhfarrauge. Tá an iomarca truaillithe sna locha.
"Bi linn nó bí gan linn" an mana a bheidh mar theideal ar an rás seo.

Ar SON na cúise (Foinse) 12/3/2006


Baile