Agus clár maidine RTÉ RnaG, Adhmhaidin, ag céiliúradh 20 bliain ar an aer an Luan Cásca seo. Féachann Áine ní Chiaráin siar ar an 20 bliain sin agus caitheann súil I dtreo an todhchaí I dteannta fhoireann an chláir.

Réalta na maidine

Nuair a fógraiodh go raibh an clár Adhmhaidin ar na bacáin fiche bliain ó shin, ba chuid d'athstruchtúrú mór ar an sceideal é agus tharraing sé aighneas. Bhí comhráite ar siúl go dtí an nóiméad deireanach idir an ceardchumann agus an bhainistíocht faoin gcIár, faoi cé mhéid foirne a bheadh aige, na háiseanna a chuirfí ar fáil dó agus cén rannóg lena mbainfeadh sé. Ar deireadh thángthas ar chomhréiteach, bhainfeadh an clár le Rannóg na Nuachta agus le Rannóg na gCIár. Foireann bhuan de thriúr a bhi agus atá aige, beirt léiritheoiri a oibríonn duine gach dara seachtain agus láithreoir.

"Thosaigh an cIár ag craoladh ar Luan Cásca 1986 ach nior thosaíomar ag ullmhú dó go dti an Satharn mar chuaigh na cainteanna coímhréitigh ar aghaidh go dti sin. Ni raibh againn ach múnla ginearálta gan oiread agus ceol aitheantas roghnaithe dó. Mé féin a phioc Máire Loch an lúir agus is é sin atá fós mar cheol aitheantais ag an gclár," a dúirt Sean Ó Cuirreáin (An Coimisinéir Teanga), a d'oibrigh ar an gclár ag tús ama, le Foinse. É féin agus Mairtín Ó Catháin a ceapadh mar léiritheoiri agus ba é Seán Ó Tuairisg a bhi ag láithriú. Bhi an bheirt léiritheoiri ag obair don chéad chúpla eagrán ach ansin shocraigh an clár síos agus bhíodar in ann babhtáil a dhéanamh gach dara seachtain.

"Alan Dukes an chéad aoi a bhi againn. Bhí sé ina Aire Airgeadais agus más buan mo chuimhne is faoi chúrsai cánach a bhí sé ag labhairt linn. Bhi an clár an-difriúil, agallaimh ghearra agus ceol. Bhi múnla áirithe pléite roimh ré, ach seachas fealsúnacht a bheith ann don chlár nó fís, is amhlaidh a mhúnlaigh sé é féin. Bíonn léargas aon chláir ag athrú i gcónai de réir mar a athraionn an saol thart air. Ba fhoinse mór nuachta é Adhmhaidin i gcónai. Chuir an fhoireann scéalta ar fáil do na seirbhisi elle," a deir Seán O Cuirreáin.

Thuas: Baill agus iarbhaill foirne Adhmhaidin, Cáit de Bhailis, Seosamh Ó Cuaig, Mairín Ní Ghadhra, Seosaimhín Ní Chéidigh agus Cóllin Ó Neachtain.
Is cosúil gurb é "scoop" an chéad lá den chlár, Donncha O Gallchóir T.D. ag fógairt go mbeadh Fianna FáiI sásta seirbhís Teilifíse Gaeltachta a bhunú ar bhun piolótach nuair a bheidis i gcumhacht arisl

Nuair a luaim na scéalta móra sna blianta atá caite, deir Ó Cuirreáin gurb é scéal Éamon Casey, gan aon amhras an sceal ba mhó ar fad. Bhain sé leis an áit féin, bhí lear mhór den Ghaeltacht ina Dheoise agus ba scéal idirnáisiúnta é freisin," a deir sé.

Thar na mblianta is iomaí sin athrú a tháinig ar an fhoireann ach s é Seán Ó Cuirreáin is faide a bhi ag plé leis; chaith sé thart ar shé bliana déag ag obair air. Nuair a d'fhág Seán Ó Tuairisg, tháinig Tomás Ó Ceallaigh ina dhiaidh agus lean Seosamh Ó Cuaig eisean. Bhain sin freisin leis an bhfoireann léitheoireachta. Le blianta beaga anuas is mná a bhi ag láithriú, Brid Ní Dhonnchú, Norita Ní Chartúir agus anois Máirin Ní Ghadhra. Faoi láthair, is iad Pól Mac Donacha agus Cóilin Ó Neachtain na léiritheoirí. Nuair a thosaigh an clár bhí Ó Neachtain ina ghasúr ag éisteacht leis sa mbaile agus é ag ithe a bhricfeasta roimh scoil. "Nior shíl mé riamh go mbeinn ag plé leis," a dúirt sé. "Tá níos mó comórtais anois fiú sna meáin Ghaeilge, ni raibh aon TG4 nó Foínse nó Lá san am agus tá sinn uilig ag treabhadh sa ghort céanna," a deir sé. Tagann a cormleacai, Pól Mac Donnacha, leis an méid sin agus aontaíonn siad beirt gur rud folláin é sin. Tá tréimhse caite ag Pól ag láithriú chomh maith le bheith ag léiriú le roinnt blianta anois.

"Ni éirionn tú tuirseach de chlár mar sea toisc gur le nuacht atá tú ag plé, bionn an t-ábhar ag siar-athrú. Tar éis a bheith saor ar feadh seachtaine tagann tú ar ais úr chuige. Tá sé níos éasca ó tháinig an fón póca agus na forbairti teicneolaiochta ar an saol, is mór an chabhair iad má tá ort scéal a dhéanamh moch maidin. Nuair a thosaigh an clár, ní hamhlaidh a bhi, ni raibh ISDN ann fiú," arsa Mac Donnacha.

Ag labhairt dé faoi dheacrachtaí mar sin, deir Seán Ó Cuirreáin go sileann daoine gur Lá saoire Bainc an lá is measa ach nach amhlaidh ar char ar bith mar bionn stuif 'a channa'. "An lá ina dhiaidh is measa mar ni fhreagraíonn daoine an fón ar lá saoire," dar leis

Tá an clár ar siúl óna hocht go dti a naoi, rud a fhágann go bhfuil sé ar an aer san am céanna le Morning Ireland, an clár Raidió is mé a bhfuil lucht éisteachta aige. Ni airionn Máirin Ni Ghadhra, láithreoir reatha an chláir, go bhfuil si i gcoimhlint lea.

"Corruair nuair a thagann scéala móra bíonn sin armhlaidh ach formhór an ama, ni tharlaíonn sé mar sin. Tá an chuid is mó de na scéalta crua ag Moming Ireland anois idir a 7 agus a 8, tá siad ag freastal ar chomaitéiri agus an tsli mhaireachtála nua. Is gnéscéalta is mó a bhionn acu idir a 8 agus a 9. An rud atá tábhachtach dúinne ná an meascán idir scéalta náisiúnta agus áitiúla," a deir Máirin Ni Ghadhra.

Tá na scéalta áitiúla chomh tábhachtach leis na cinn náisiunta agus b'fhéidir nios tábhachtaí mar gurb iad a bhionn dá bplé amach sa lé, a mhaionn Mairin.

"Scéal atá go mór i mbéal an phobail inniú ná uisce na Ceathrún Rua agus nuair a chuaigh mé siar i gcamhadanna an chláir feicirn go raibh agallarnh le Dochtúir na Ceathrún Rua faoin ábhar céanna nuair a thosaigh an clár fiche bliain ó shin." a deir sí. Nil aon amhras anois faoi cén rannóg lena mbaineann Adhmhaidin is cuid é den tseirbhís nuachta agus cursaí reatha. Tá an clar nias géire agus nias crua na mar a bhi ar dtus agus nil ceai ar bith anois air. Ach tar éis fiche bliain ar an aer, céard atá i ndan do Adhmhaidin.

"Fanfaidh sé ar an aer agus déanfar é a fhorbairt," a deir Áine Ní Dhíoraí, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha an stáisiúin.

"Go pearsanta ba mhaith liom go dtosódh sé nias luaithe ach an fhoireann bhreise agus na háiseanna a bheith againn."

Deir PóI Mac Donnacha nach dóigh leis go mbeadh siad in aghaidh breis ama nias luaithe i bprionsabal ach an fhoireann agus na hálseanna a bheith ansin. "Ni fiú é a dhéanamh muna bhfuil an fhoireann ar fail chun é a dhéanamh go maith," a deir sé.

"Is ceist an-deacair i sin," a deir Sean Ó Cuirreáin. "An cas ar a shon ná go mbionn daoine ina suí níos luaithe anois ach tá an baol ann muna mbíonn áiseana agus foireann bhreise nach mbeadh de rogha ach fad a chur le agallamh. Is tábhachtai caighdean ná fad."

Ní féidir a ra cén lucht éisteachta atá ag an gclár nó ag aon chlár ar an raidió mar ni chlúdaionn figiúiri an JNLR an stáisiún, ach, dar le Cóllin Ó Neachtain, faigheann siad an-chomhfhreagras. Nuair a labhair Ceannaire nua RnaG, Edel Ní Chuirreáin, le Foinse dúirt sí go raibh suirbhé le déanamh maidir le lucht éisteachta. Tá an suirbhé a rinne an TNS/MRBI i dtoll a chéile anois, is cosúil, agus foilseofar iad an tseachtain seo chugainn. Admhaíonn gach éinne gur ar maidin atá an lucht éisteachta is fearr ag gach stáisiún raidió agus mó chruthaíonn na figiúiri gur amhlaidh do RnaG chuile sheans go mbeidh tionchar aige sin ar thodhchai an chláir.

Foinse 9/4/2006



Baile