An scéal seo
i nGlór Chonamara agus
sa Chúradh Chonnachtach

Irish Womans Diary (Irish Times 27/4/2006)
Ghlac sé níos lú ná sé mhí na milliúin euro a aimsiú agus na socruithe cuí a dhéanamh le haghaidh chomóradh neamh-Ghaelach Éirí Amach na Cásca, Dé Domhnaigh, i mBÁC. Ach ceithre bliana ó gealladh Ionad Mínithe ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, níl toradh ar bith le feiceáil. . .
Éirí Amach Ros Muc
Agus rialtas na hÉireann ag léiriú spéise as an úr, go poiblí, i gcomóradh Éirí Amach 1916, tá sé curtha ina leith go bhfuil dearmad á dhéanamh acu ar gheallúint a rinneadh i dtaobh an teach saoire a bhí ag Pádraig Mac Piarais i Ros Muc. Ag agóid a bhí ar siúl taobh amuigh de Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co na Gaillmhe, inné, d'iarr an comhairleoir contae agus ball tofa Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, ar an rialtas á chuid geallúintí maidir le hionad oidhreachta a thógáil ansin a chomhlíonadh.

"Tamaillín roimh an toghchán deireanach," arsa an Comhairleoir Ó Cuaig, "mhínigh an tAire Ó Cuív i Ros Muc go raibh Ionad an Phiarsaigh sa bPlean Forbartha Náisiúnta, agus go raibh 1.2 milliún euro curtha ar fáil ag an Aire Síle deValera fána choinne."

Dúradh ag an am go mbeadh an tionad críochnaithe faoin bhliain 2004.

"Tá muid ag iarraidh ar an rialtas na geallúintí a rinneadh ceithre bliana ó shin a chomhlíonadh," arsa an Comhairleoir Ó Cuaig le Lá, inné.

"An rialtas céanna a chuaigh i mbun comórtha náisiúnta, Dé Domhnaigh beag seo a chuaigh thart, is é an rialtas céanna sin a thug geallúintí go mbeadh an t-ionad tógtha faoi 2004," arsa sé.

San agóid inné, tháinig seachtar de chuid an cheantair le chéile agus pictiúir mhóra á n-iompar acu den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta i 1916.

Bhí an agóid ar siúl ag an mheán lae, ag an am céanna le comóradh Shinn Féin ag Teach an Phiarsaigh. Labhair ionadaithe ó Shinn Féin chomh maith faoin ionad oidhreachta agus an easpa dul chun cinn ar thaobh an rialtais de.

"An comóradh náisiúnta a bhí ar siúl, dhírigh an rialtas go mór mór ar Bhaile Átha Cliath é, amhail is nach raibh aon cheangal ag an bPiarsach le haon pháirt eile den tír," arsa an Comhairleoir Ó Cuaig.

"Tá sé tráthúil go ndéanfadh an rialtas cinneadh a fhógairt, an tseachtain seo, maidir le cén uair a thosóidh an obair ar an ionad a thógáil."

Tá 1.2 milliún euro leagtha síos ag an rialtas agus tuairim is milliún eile ó Údarás na Gaeltachta, rud a dhéarbhaigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, le gairid.

"Níl sé i bhfad ó bhí Pádraig Ó hAoláin i Ros Muc ag seoladh an phlean forbartha áitiúil," arsa an Comhairleoir Ó Cuaig. "Cuireadh ceist air faoin airgead, agus dúirt sé ag an am nach raibh aon fhadhb acusan, go raibh an t-airgead ansin le caitheamh ar an ionad."

Creideann an tUasal Ó Cuaig nár chóir aon deacracht a bheith ann agus an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, mar aon leis an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell beirt i bhfách leis an ionad seo a bheith tógtha.

Lucht agóide inné ag cur a míshasaimh in iúl ag Teach an Phiarsaigh Le Dónall Mac Giolla Chóill Tá an comhairleoir contae agus comhalta de Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, den bharúil gur tráthúil Seachtain na Cásca don rialtas á ngeallúintí maidir le hionad oidhreachta ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co na Gaillimhe, a thógáil.
Údarás na Gaeltachta member, Seosamh Ó Cuaig, says that Easter Week is a fitting time for the government to fulfill its promise to build an interpretive centre at Patrick Pearse's cottage in Ros Muc.

"Cúpla bliain ó shin, bhí Michael McDowell anseo i Ros Muc agus dúirt sé gur chóir don ionad a bheith tógtha, arsa an Comhairleoir Ó Cuaig."Tá ceangal clainne ag an dá aire sin leis an Éirí Amach."

Tá an Comhairleoir Ó Cuaig ag lorg soiléiriú ar an scéal ón rialtas, an tseachtain seo, agus thug sé le fios gur seo am tráthúil chun dáta tosaithe tógála a fhógairt.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, atá freagrach as an ionad a thógáil, le fios do Lá, inné, go raibh cainteanna ar siúl ar bhonn leanúnach leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin ionad míniúcháin i Ros Muc.

"Tá na cainteanna dírithe ar cheisteanna foirne, agus is í an tosaíocht atá againn i láthair na huaire ná obair chothabhála a dhéanamh ar na foirgnimh atá ann seachas foirgnimh nua a thógáil," arsa an t-urlabhraí.

Dónall Mac Giolla Chóill; Lá 18/4/2006

Protest is planned for outside Pearse's Cottage on Monday!

A protest is to be staged outside the Péadraig Pearse cottage in the Connemara Gaeltacht on Easter Monday to highlight the failure of the Government to provide an interpretative centre in the vicinity.

Councillor Seosamh Ó Cuaig, who is Ieading the protest, says that Gaeltacht Minister, Eamon Ó Cuív promised in 2004 to build an Interpretative Centre near the Pearse Cottage as part of the National Development Plan.

Despite 1 .2 million being set aside for the projeet, it hasn't been developed since then, according to Cllr. Ó Cuaig.

The Independent county councillor went so far as to say that Minister Ó Cuív had "rescinded" on a decision taken two years ago as in a recent interview the Minister had passed the buck' saying it was now in the hands of Minister Dick Roche and the Department of the Environment, as there had been Ministerial changes since the official announcement.

Cllr. Ó Cuaig said: "I cannot understand why the Taoiseach and Minister Ó Cuív cannot sort out the problem. After ail Minister Ó Cuív is at the Cabinet table, Údarás na Gaeltachta's money is still available and the Taoiseach makes great play of having a picture of Pádraig Pearse in his office.

"So how can these two men stand over the dropping of a this worthwhile and practical remembrance of Pearse from a National Development Plan plan," he adds.

The protest starts at lunchtime Easter Monday to coincide with the exact time the Easter Rising began 90 years ago, Cllr. Ó Cuaig added.

Bernie Ní Fhlathearta Cúradh Chonnachtach 14/4/2006

'Cuimhnigh ar 1916 - agus cuimhnigh ar gheallúinti faoi Theach an Phiars aigh'

"Cuimhnigh ar an ionad cuimhueacháin atá geallta do Theach an Phiarsaigh. a Aire."

Sin an forógra a dhéanfaidh lucht agóide ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc Luan Cásca.

Tá an agóid 88 dáanamh chun aird a tharraingt ar loic an Rialtais ar ghealltanas go dtógfaí ionad cuimhhneacháin in aice le Teach an Phiarsaigh.

Deir an Comhairleoir Contae agus an bail tofa ar Bhord Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig gur thug an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, geallúint os cionn cheithre bliana ó shin go dtógfai ionad cuimhneachárn in aice le Teach an Phiarsaigh.

Dúirt an Comhairleoir Ó Cuaig go raibh sá "thar am ag an Taoiseach agus ag an Aire Ó Cuiv an scéal a réiteach".

"Tamaillín roimh an toghchán deireanach, mhínigh an tAire Ó Cuiv i Ros Muc go raibh ionad an Phiarsaigh sa bPlean Forbartha Náisiúnta agus go raibh €1.2 milliún curtha ar fáil ag an Aire Síle de Valera lena aghaidh. Dúirt sá go mbeadh an t-ionad críochnaithe sa mbliain 2004. Tamall ina dhiadh sin, chuir Bord Údarás na Gaeltachta €1 milliún de leataobh leis an obair a chur chun cinn," a dúirt an Comhairleoir Ó Cuaig.

Níl an tUas. Ó Cuaig sásta leis an rniniú atá tugtha ag an Aire ar an scéal.

"Sá an miniú a bhí ag an Aire Ó Cuiv air sin ar Raidió na Gaeltachta le gairid gur athraíodh Airí ó shin agus gur tháinig tosaíochtaí eile chun cinn. 'Dá mba lena Roinn fáin a bhainfeadh sá,' a dúirt an tAire Ó Cuiv. Ni thuigim cén fáth nach féidir leis an Aire Ó Cuív agus leis an Taoiseach deireadh a chur leis an méiseáil atá ar bun," a dúirt Ó Cuaig.

Seán Tadhg Ó Gairbhí Foinse 16/4/2006



Baile