D'fhéadfadh cliseadh cumhachta i gConamara 'an
chathair a mhuchadh'
Fainic ón Chomhairleoir Ó Cuaig ag cruinniú
Tá chuile chosúlacht ar an scéal anois go bhféadfadh géarchéim leictreachais Chonamara tuilleadh lagan a dhéanamh ar áiteacha sa gcuid thiar de chontae na Gaillimhe. Ni raibh aon dóchas ag mórán duine ar bith tar éis an chruinnithe faoi cheist an leictreachais i nGaillimh an tseachtain seo go mbeadh aon athrú ar chúrsai as seo go ceann 5 bliana, ar a laghad.
"Cén chaoi a gcoinnionn tú talamh SAC sián ó thorbairt agus córas mór leictreachais a chur siar go Conamara san am ceanna ... agus fanacht taobh istigh de theorainn réasúnach airgid?" a d'fhiafraigh an Comhairleoir Contae, Thomas Welby as Conamara t'éis an chruinnithe. "Sin í an cheist atá le réiteach má tá chuile dhrearn le sásamh - agus feictear dom go mbeidh sé fiordheacair é sin a dhéanamh," a dúirt sé.
Dhiúltaigh an Bord Pleanála an mhí seo caite cead a thabhairt le haghaidh córas nua cumhachtach leictreachais as Gaillimh amach go Camus Íochtair. Chuir roinnt dreamanna - Coiste Pobail Chamuis ina measc - agóidi isteach in aghaidh phlean an Bhord Soláthair Leictreachais.
Dúirt an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig go raibh rud amháin "a d'fhéadfadh tine a chur faoi chosa chuile dhream" - sin go bhféadfadh cathair na Gaillimhe a bheith thios leis má chliseann an córas i gConamara.
"Tá fianaise ann go bhféadfadh fabht i gConamara na soilse a mhúchadh sa gcathair agus sin rud a dhúiseodh chuile dhuine," a deir Ó Cuaig.
Idir an dá linn, ceaptar gur in iarthar Chonamara - siar i dtreo na nOileán, Camus, Ros Muc, Cama, Caiseal, Cloch na Rón agus amach taobh an Chlocháin agus an Lionáin - is túisce a fheicfear na deacrachtaí móra.
Bhi an tAire Éamon Ó Cuiv agus an Teachta Dála, Pádraig Mac Cormaic i measc na bpolaiteoirí a bhi ag cruinniú na Gaillimhe. Bhi cúigear Comhairleoiri Contac as Conamara agus triúr as Comhairle Cathrach na Gaillimhe ann freisin, chomh maith le Val Hanley ó bhord Údarás na Gaeltachta.
|