Tús le cath na pleanála
'An Ghaeltacht á hiobairt ar son na forbartha' - Airdeail

Tá an Ghaeilge sa Ghaeltacht 'á hiobairt ar son na forbartha' ag Comhairleoirí Contae ó Chonamara.

Sin breithiúnas an bhrú-ghrúpa Airdeall ar iarrachtaí Chomhairleoirí Chonamara fáil réidh leis an gcoinníoll teanga, mar a sheasann sé faoi láthair, i gcúrsai pleanála sa Ghaeltacht.

Bhi Comhairleoiri Contae Chonamara i mbun comhráiti an tseachtain seo caite agus tá aontaithe acu athruithe suntasacha a lorg ar an gcoinníoll mar atá.

Dar le Pádraig Ó Ceitheamaigh, ó Chomhdáil Náisúnta na Gaeilge agus ball d'Airdeall, nár chóir go mbeadh na Comhairleoiri ag éascú na slí ó thaobh pleanála "ar mhamthe le cúpla forbróir a shásamh".

Ag labhairt dó le Foinse, dúirt Ó Ceithearnamgh gur bás na Gaeilge sa Ghaeltacht a bheadh mar thoradh ar aon iarracht an coinníoll teanga a lagú.

"Tá daoine ag tabhairt forbairt ar rud nuair is scrios atá á dhéanamh. Má ghlactar leis an moladh seo ó na Comhairleoiri, ni bheidh aon Ghaeltacht ann. Is éard a tharlóidh ná tosóidh na forbróiri ag tógáil san áit nach mbeidh coinníoll teanga, nós na Ceathrún Rua, agus beidh na háiteanna sin scriosta," a dúirt Ó Ceithearnaigh.

Tá sé séanta go láidir ag Comhamrleoiri Chonamara go bhfuil aon bhaint ag brú ó fhorbróiri lena seasamh ar cheist na Gaeilge sa phleanáil. Nil, dar leo, lucht cosanta an choinníll 'i dtiúin' le mianta ná dearcadh phobail éagsúla na Gaeltachta.

Aighneas faoi phlean Chomhairleoirí Chonamara an riail teanga a athrú
"Is íontach an masla é an méid atá ráite ag Airdeali," dar le Connie Ni Fhatharta, Comhairleoir Contae le Fianna Fáil.

"Tá mise in ann a rá ar an mBíobla nach ndearna aon tógálai aon teagmháil riamh liomsa maidir leis an gcoinnioll teanga. Is iad na daoine a labhair liomsa faoin gcoinnioll ná daoine a bhfuil imní orthu faoin daonra ina gceantar, faoi scoileanna ag cailleadh daltai agus múinteoiri.

"Creideann siadsan gur mar gheall ar an geoinníoll teanga atá sé seo ag tarlú. Mar a dúirt fear amháin liom "shilfeá gur pionós atá á chur orm mar gheall go bhfuil Gacilge agam".

Mar a thuairiscíonn Foinse na seachtaine seo, bhi Comhairleoirí Contae Chonamara ag cur bailchrioch Dé hAoine seo caite ar na moltai maidir leis na hathruithe atá uathu.

Beifear ag moladh cead a thabhairt do dhaoine a mbeadh ceangal acu leis an nGaeltacht tithe a cheannach fiú muna bhfuil Gaeilge acu, agus beifear ag moladb go bhfaighfi réidh ar fad leis an gcoinníoll taobh thoir de chathair na Gaillimhe, i Maigh Cuilinn agus, seans, i mBearna. Ni bheadh an coinníoll mar a sheasann sé faoi láthair i bhfeidhm ach sa cheantar idir na Forbacha agus an Tulach i gCois Fharraige.

Beidh Comhairleoiri Chonamara ag moladh freisin nach mairfeadh aon choinnioli 'cosc ar dhiolachán' nios faide ná seacht mbliana.

Ta sé aontaithe anois ag Connie Ni Fhatharta (FF), Seán Ó Tuairisg (FF), Séamus Breathnach (FF),Josie Conneely (FF), Seosamh Ó Cuaig (NS), Seán Kyne (FG) agus Thomas Welby (PD) go n-éileoidis na hathruithe seo d'aonghuth.

Tuigtear go bhfuil tacaíocht faighte dá moltaí cheana ag seachtar Chonamara ó Chomhairleoiri ó oirthear na Gailiimhe.

Dá n-éireodh leis an iarracht seo bheadh impleachtai ann do chúrsai pleanála sna Gaeltachtai ar fad mar glactar leis gurb i Comhailre Chontae na Gaillimhe is mó atá ina ceannródai maidir le cúrsai pleanála agus teanga.

Idir an dá linn tá ag géarú ar an aighneas idir gniomhairi teanga agus seachtar Chonamara. "Ni aontaim le Airdeali ar chor ar bith," a dúirt Seán Kyne, Comhairleoir Contae Fhine Gael.

"Tá ceantair i gConamara atá ag impí ar dhaoine teacht isteach iontu lena gcuid scoileanna, lena gcuid gnóthaí agus lena a gcuid popail a líonadh. Is gnáthdaoine iad seo atá ag iarraidh go dtiocfaidh forbairt ara gceantair féin."

Bíonn siad ag caitheamh anuas ar Airdeall, ach níor chuir Ardeall aon bhac fós ar aon chead pleanála," dár le Pádraigh Ó Ceithearnaigh.

Tá an coinníol teanga leagtha síos sa reachtaíocht agus tá sé aitheanta mar chuid de pholasaí an rialtais. Is í an comhairle a bheadh againne do na Comhairleoirí anois ná fanacht ar thaighde Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá taighde ar bun ag an Ollscoil don rialtas faoi láthair. Táthar ag súil go mbeidh torthaí na taighde sin ar fáil roimh dheireadh na bliana seo.

Beidh ullmhúcháin á ndéanamh do phlean nua forbartha chontae na Gaillimhe an bhliain seo chugainn le go mbeidh sé réitithe do 2009 agus bhfearr go mór dá seasfadh chuile dhuine dhuine siar le machnamh a dhéanamh ar céard atá uainn don todhchaí."

Máiriín Ní Mhárta agus Sean Tadhg Ó Galrbhí, Foinse 4/6/2006



Baile