Cruinniu Údarais ag Corn Sacair an Domhain
Cruinniú boird le tionól sa nGearmáin

"Tuairisceoireacht chlaonta leibideach den chineál is suaraí agus sampla eile de schadenfreude na n-iriseoirí" a thug Priomh Highwayman Údarás na Gaeltachta, Paddy Hyland, ar an scéala eisiach a bhris Ar son na Prúise an tseachtain seo - go bhfuil cruinniú boird le tionól sa nGearmám ag deireadh na seachtaine seo chugainn i gcroílár Chorn Sacair an Domhain.

Deir foinsí Údaráis sa halla snúcair sna Forbacha go raibh dáta agus ionad an chruinnithe seo socraithe le fada agus gur comhtharlú iomlan atá ann go bhfuil comórtas mór spóirt ar bun ag an am céanna.

"Theastaigh uainn le fada taras eolais a eagrú a chuirfeadh le tuiscint na gcomhaltaí boird ar oidhreacht shaibhir Ghaeilge na Gearmáine," a dúirt Paddy agus é feistithe go galánta i dtreabhsar gearr leathair an lederhosen.

Thacaigh an Franz Joseph Kook leis á rá go raibh scoláirí móra an léinn Cheiltigh tagtha chun na Gaeltachta ón nGearmáin go minic le céad bliain agus go raibh sé thar amm anois an chóir sin a chúitemh le turas fillte.

"Is Berliners sinn ar fad ar bhealach amháin nó bealach eule," a dúirt Franz Kook.

"Achtung baby!" arsa An Valmeister nuair a rinne Ar Son na Cúse teangmháil leus.

"Aufwiedersehen, ambaiste" a dúirt Breandán Mac Gearailt nuair a rinneamar iarracht labhairt leis.

Ar son na Cúise 11/6/2006


Tuilleadh greann!

Baile