Níl Ó Cuaig ar bórd go hiomlán

Ní féidir talamh slán a dhéanamh dó go raibh Seosamh Ó Cuaig ar bord shoitheach an "Comhaontas Theicniúil" atá I gceannas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag cruinniú na seachtaine seo caite don Chomhairle.

Ba ansina toghadh an Méara nua ar an gcontae, an Comhairleoir Michael Mullins as toghcheantar Bhéal Átha na Sluaighe. Toghadh Tiarnán Breathnach as Gleann na Madadh ina leas Mhéara.

Dúirt Ó Cuaig gur bhótáil sé do bheirt mar go mba fir uaisle a bhí iontu agus nach gean ar a bpáirtí - Fine Gael - a rinne sé amhlaidh.

Dúirt sé freisin nár shinigh seiseann aon bhlas riamh ag gealladh tachaíochta don Chomhaontas Teicniúil ar feadh 5 bliana.

Níl a fhios an raibh aon bhaint ag an gcéad óráid a thug an Méara nua, Michael Mullins le ráiteas Uí Chuaig. Chomh luath agus a chuaigh sé sa gcathaoir thug an Méara cúntas ar oibreacha go leor a gcuirfeadh sé béim orthu taobh thoir de Ghaillimh ar nós bóithre nua, seirbhísí nua traenach agus oibreacha eile. Ach níor thagair sé don Ghaeltacht ná do Chonamara san oiráid sin. Níl ach beirt as Conamara sa gComhaontas Teicniúil - Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleach) agus Seán Kyne (Fine Gael) as Maigh Cuillin.

Mairtín Ó Cathain Foinse 11/6/2006



Baile