"Dá mbeadh ugach mar seo ag daoine - sin deontas réasúnta láidir le haghaidh teach nua - bheifeá ag súil go mb'fhéidir go socródh nios mó daoine óga síos in iarthar Chonamara," a deir Ó Cuaig. "Bheifeá ag súil freisin," a deir sé, "go dtiocfadh daoine elle isteach chun cónaí san áit a bheadh in ann deontas na Roinne Gaeltachta a fháil." Cuireadh ceantracha isteach sa scéim CLÁR -Ceantair Laga Árd Riachtanais - de bharr go raibh dhá Ieith déanta den daonra iontu sa tréimhse idir 1926 agus 1996. Tá iarthar Chonamara uilig, Dúiche Sheoigeach agus Oileáin Árann sa gceantar CLÁR. Creideann anComhairleoir Ó Cuaig gur in olcas atá an scéal ag dul ó thaobh inmharthanacht na bpobal sna ceantracha seo. Tá géarchéim eacnamaíochta agus daonra sna ceantracha sin, a mhaionn sé. "Tá mé ar Bhord Bainistíochta Scoil Phobail Charna," a deir Ó Cuaig, "agus an oiche cheana bhi muid ag caitheamh súil chun cinn. Is cosúil anois go n-ísleoidh an méid daltai meánscoile i gCarna ó 176 faoi láthair síos gar go maith do 100 as seo go ceann roinnt blianta. Ni bheidh ach fíorbheagán gasúr ag tosnú i mbunscoileanna Chama agus Chill Chiaráin i mbliana. Tá sé feicthe againn cheana go bhfuil scoil dú dúnadh i gceantar na nOileán i mbliana." Dúirt Ó Cuaig go gcaithfear a dhul i mbun beartais eile le borradh a chur faoi cheantair atá ag lagan go mór sa nGaeltacht. "Nil sa córas pleanála ach cuid amháin den scéal," a deir se. Creideann an Comhairleoir Thomas Welby gur deis mhaith é an deontas tithe Gaeltachta le cuidiú leis na ceantair CLÁR. "Tá an deontas sin ann cheana féin agus is féidir é a mhéadú," a deir an Comhairleoir Welby. "Chomh maith leis sun, creidim gur cheart na táilli a chuirtear ar lucht tógála le haghaidh seirbhisí a chaitheamh go leataobh sna ceantair CLÁR. An Chomhairle Contae a d'fhéadfadh é seo a dhéanamh. Scaiti, bionn na táillí forbartha seo trom agus ba ugach a bheadh ann do lucht túgála dú gcuirfl ar ceal iad sna ceantracha CLAR".
Máirtín Ó Cathain Foinse 25/6/2006 Baile |