Ó Tuairisg ina Cathaoirleach arís

Sé an Comhairleoir Contae, Seán Ó Tuairisg (Fianna Fáil) as Indreabhán atá tofa ina Chathaoirleach arís ar Choiste Chomhairleoirí Contae Chonamara. Toghadh an Comhairleoir Ó Tuairisg ag crinniú chinnbhliana na gComhairleoirí a tionóladh in oifigi na Comairle Contae i nGaillimh Dé Luain seo caite. Sé an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleach) as Cill Chiaráin a toghadh mar Leas Chathaoirleach.

Tuigtear gur caitheadh an chuid is mó den am ag cruinniú an Luain ag cur síos ar Phlean Uachtar Árd. Bhí an Plean sin ar chlár chruinniú iomlán na Comhairle Contae níos deireanaí an lá sin agus bhí sé ar an gcruóg ba mhó a bhí le réiteach. Tuigtear nár dearnadh plé ar bith ar Phlean Forbartha na Contae, ná ar an gcoinníoll Gaeilge ach an oiread ag cruinniú an Luain.

Máirtín Ó Cathain - Foinse 2/7/2006



Baile