Cruinniú faoi bhanda leathan

Táthar ag súil go mbeidh feidhmeannach sinsearach de chuid British Telecom sa Tuaisceart ag teacht go Conamara as seo go ceann cúpla mí le labhairt faoin
Tuile faoin Bhanda Leathan
gcaoi ar scaipeadh an córas teileafóin leathanbhanda ar fud na sé chontae uilig. Tá fáil ag cuile líon tí sa Tuaisceart anois ar an leathan bhanda má theastaíonn sé uatha. Labhair bainisteoir sinsearach de chuid British Telecom, Frank McManus faoin gcaoi ar dearnadh an beart seo ó thuaidh ag cruinniú den Údarás Forbartha Réigiúnach an Iarthar i nGaillimh, an mhí seo caite. Tá an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig ag iarraidh anois cruinniú a shocrú i gConamara sa gcaoi agus gur féidir leis an mbainisteoir seo an teolas a thabhairt go poiblí. Tá caint ann le fada faoi choras leathanbhanda a chuir ar fáil sa nGaeltacht le súil agus go gcuireadh córas teileafósin den scoth le deiseanna fostaíochta i gceantair tuaithe.

Máirtín Ó Catháin Foinse 16/7/2006


Baile