Fine Gael ag éiri imníoch faoi thacaíocht Uí Chuaig agus Uí Chonghaile sa gComhairle Contae

Is cosúil go bhfuil roinnt Comhairleoiri de chuid Fhine Gael i gComhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil ar a gcompord agus iad ag brath ar na Comhairleoirí Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleách) as Conamara agus Diarmuid Ó Conghaile (Sinn Féin) as BéaA Átha na Slua. Tá Ó Cuaig agus Ó Conghaile istigh leis an gComhghuailliocht "Theicniúil" a bhfuil ceannas polaitiúil aige ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

D'éirigh leosan Fianna Fáil a chur amach as cumhacht sa gComhairle Contae t'éis toghchán áitiúil na bliana 2004. Sé Fine Gael an priomhghrúpa sa gComhghuailliocht seo agus tá naonúr Comhairleoirí acu.

Ach, bhi scéalta ann nach raibh Fine Gael an-chompordach riamh, ar bhonn polaitiúil, leis an gceangal le páirti Shinn Féin sa gComhairle Contae. Sa mullach ar sin, dúirt an Comhairleoir Ó Cuaig go poiblí nach bhféadfadh an Chomghuailliocht Theicniúil a bheith ag brath air féin - tá sé leo anois ach ní gá go mbeadh go deireadh téarma 5 bliana, a dúirt sé.

Is cosúil go bhfuil an cheist faoi thacaiocht Uí Chuaig agus Uí Chonghaile ina ceist nios beoichte i measc Chomhairleoiri Fhine Gael anois de bharr chúpla eachtra a tharla le scaitheamh anuas. Níor thaitnigh sé le Fine Gael go ndeama an Comhairleoir Diarmuid Ó Conghaile iarracht go dtabharfaí aitheantas don dream a fuair bás ar stailc ocrais ó thuaidh 25 bliain ó shin i gcuimhneachán na Comhairle Contae ar Éiri Amach 1916.

Ansin, mhol an Comhairleoir Ó Conghaile ag cruinniú eile go dtacódh Comhairle Chontae na Gaillimhe le iarratas ar fhiosrúchán poiblí faoi bhás Chomhairleora de chuid Shinn Féin, Eddie Fullerton, i dTír Chonaili roinnt blianta ó shin. Sé an Comhairleoir Séamus Breathnach as Fianna Fáil a thacaigh leis an moladh sin agus bhi tuairimiocht ann nach raibh cuiditheoir ar fáil ai thaobh na Comghuailliochta "Teicniúil".

Ansin, an lá ar toghadh Michael Mullins as Fine Gael ina Mhéara don bhliain amach romhainn, labhair an Comhairleoir Contae Seosamh Ó Cuaig faoin gcaoi a dtáinig beirt anoir chomh fada leis féin t'éis toghchán na Comhairle Contae ag iarraidh a chuid tacaíochta.

B'iad an bheirt ná an Comhairleoir Tiarnán Breathnach (Fine Gael) agus Colm Caomhánach (Lucht Oibre). Dúirt Ó Cuaig go gcaithfi toradh a fheiceáil ar na commíollacha a bhi aige féin leis an tacaíocht a thug sé don Chomghuailliocht "Theicniúil" - sin nó ní bheadh a thacaíocht ann ag pointe áirithe. Nior thaitnigh an ráiteas sin le Fine Gael, go háirithe agus Michael Mullen direach gaibhte isteach sa gCathaoir

De réir tuairisci, ni maith le cuid de lucht Fhine Gael ag bhfuil an chuing seo orthu agus is cosúil gur mhaith leis na Comhairleoirí seo go dtiocfadh triúr an Pháirti Dhaonlathaigh isteach sa gComhghuailliocht. Is cosúil go bhfuil an cheist tarraingthe anuas chuig baill don Pháirti Daonlathach go neamhfhoirmeálta, nó ar bhonn comhrá.

Ba é an buntáiste a bheadh ag Fine Gael as an gceangal seo ná go mbeadh an Chomghuailliocht "Theicniúil" nios láidire agus nach mbeifí ag brath ar aon duine ná ar aon bheirt ar leith. Níl a fhios cén spéis a bheadh ag an bPáirtí Daonlathach i socrú mar seo, go háirithe agus Olltoghchán ag teamiadh lin.

D'fhéadfadh sé go mbeadh brú orthu as Baile e5tha Cliath gan a dhul le Fine Gael de bharr na polaitiochta náisiúnta faoi lathair. Ar ndóigh d'fh éadfadh an scéal athrú i ndiaidh an Olltoghcháin atá 8 mí uainn anois.

Máirtín Ó Catháin Foinse 10/9/2006


Baile