Smionagar i measc Fhine Gael faoi bhóthar Mhaigh Cuilinn

Tá roinnt smionagair fanta i mease Iucht Fhine Gaeil ar Chomhairle Chontae na Gailimhe i gcónaí faoin bhóta a chaith an Comhairleoir Fidelima Healy-Eames as Mearaí - gar d'Órán Mór - ar cheist an bhóthair "faoiseamh tráchta" i Maigh Cuilinn.

Bhótáil an Comhairleoir Healy-Eames in aghaidh an bhóthair fiú agus go raibh a comhghleacaí ina páirti féin arbh as Maigh Cuilinn é, Seán Kyne, i bhfábhar an bhóthair.

Lena chois sin, tá an bheirt ina n-iarrthóiri ag Fine Gael san Olltoghchán i nGailliinh Thiar. Bhótáil an chuid eile do dhreain Fhine Gael uilig i bhfábhar an bhóthair "faoisimh" ar an taobh ádheas don bhaile.

Tuigtear gur chuir an Coinhairleoir Healy-Eaines caidéis ar roinnt Chomhairleoiri ag iarraidh tacaiochta don seasainh a thóg si féin. Ach, tá muc ar na malai ag cuid de Chomhairleoiri Chonamara freisin faoin bhóta a chaith an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig in aghaidh an bhóthair.

B'eisean agus an Coinhairleoir Healy-Eaines an t-aon bheirt a bhótáil in aghaidh an bhóthair nua. Bhí grúpa ag cur in aghaidh an bhóthair agus dúirt Ó Cuaig gur tháinig sé ar a shocrú féin tar éis dé na hargóinti a chloistáil.

Tá scéim tithe Comhairle Contae ar "phraghas réasónach" le tógáil sa chuid de bhaile Mhaigh Cuilinn a bhfuil an bóthar nua ag dul ann. Ceaptar go raibh an Chomhairle Contae ag cuimhneamh ar an scéim sin...agus ar fhorbairti eile...nuair a moladh go mbeadh an bóthar "faoisimh" seo ann.

Máirtín Ó Catháin Foinse 19/11/2006

Ag sabháil comharchumainn

Tionolfar cruinniú speisialta do scairshealbhóiri Chomharchumann Chonamara Thiar agus do mhuintir na háite i gCill Chiaráin ar an 26ú Samhain ag a bpléfear gach a bhfuil i ndán don eagraiocht sin.

Tuigtear go bhfuil coiste an Chomharchumainn ag iarraidh tacaíocht le stádas an Chomharchumainn a choinneáil.

Bhí cúrsaí idir dhá cheann na meá i gComharchumann Chonamara Thiar le leathbhliain agus d'imigh an bainisteoir a bhíodh ann, Criostóir Breathnach.

D'eagraigh Údarás na Gaeltachta cruinnithe le ionadaithe as coistí éagsúla pobail nios túisce i mbliana agus bhí caint ann go mbunófai comhlacht forbartha pobail do cheantar Ros Muc agus Iorras Aithneach.

Ceapadh go raibh sé i gceist é seo a chur ag obair i leaba an Chomharchumainn. Ach, níl coiste an Chomharchumainn ná an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig - bail de Bhord Údarás na Gaeltachta -ag glacadh leis sin.

Ceapann siadsan gur fearr Comharchumann Chonamara Thiar a neartú agus a chur ag obair go láidir. Idir an dá linn, tuigtear go raibh cupla scór mile euro amuigh ar an gComharchumann agus rinne an coiste iarracht an oiread agus a b'fléidir dó sin a bhailiú isteach.

Máirtín Ó Catháin Foinse 19/11/2006


Baile