Comhairleoir ar an gcladach?

Fógraíodh an tseachtain seo go ndéanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe diospóireacht san athbhliain faoi chúrsai na mara sa gcontae.

Sé an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig a mhol go ndéanfai seo ag an gcruinniú is deireanaí den Chomhairle a tionóladh i gCeannáras nua Fhoras na Mara in Órán Mór.

Ní cosúilgo raibh diospóireacht lomlán ag an gComhairle Contae riamh cheana faoi chursaí na mara sa gcontae, na faoin gcaoi a bhféadfadh an Chomhairle cuidiú le tionscail agus acmhainní na mara.

As oirthear na Gaillimhe tromlach na gComhairleoirí agus níl aon cheangal ag an gcuid is mó acu le hobair na mara. Ach is cosúil go mbeidh nios mó ná diospóireacht i gceist anois.

Tá an Comhairleoir Ó Cuaig ag caint le hÚdaráis na Comhairle Contae le súil agus gur féidir turas eolais go cladaí Chonamara a eagrú do na Comhairleoirí Contae uilig.

Ar an gcaoi sin, d'fheicfeadh Comhairleoirí agus feidhmeannaigh na Comhairle an obair ar bun dháiríre - curaimi chomh difriúil leis an an obair throm a bhaineann le baint fheamainne sa gcladach, próiseál éisc agus taighde ar bhealaí le tionscail nua a thosú.

Níl aon socrú déanta faoi seo fós ach ó tharla Ceannáras breá nua Fhoras na Mara a bheith feicthe ag na Comhairleoirî chuile sheans go dtabharfaidh siad cuairt dháiríre ar na cladaí anois.

Máirtín Ó Catháin - Foinse 10/12/2006

Baile