Rialacha níos soiléire

Mhol an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig ag cruinniú na seachtaine seo do Chomhairle Contae na Gaillimhe go mbeadh soilíreacht leis na coinníolacha Gaeilge a leagann siad síos le scéimeanna tithe. Dúirt Ó Cuaig nach mbíonn ann scaití nuair a sheolann Chomhairle Contae an ceadúnas pleanála amach. B'fhearr, a deir Ó Cuaig go mbeadh an cás soiléir ó thus ar mhaithe le chuile duine.

Is cosúil go mbíonn an rannóg pleannála ag cloí le téarmaíocht agus modh oibre atá leagtha síos sa dlí pleanála nuair a chuireann siad an fhoclaíocht sa gceadúnas pleanála. Bíonn éiginnteacht ann scaití dá bharr sinn faoin méid tithe atá teoranta do lucht labhartha Gaeilge agus faoi cheisteanna eile.

Máirtín Ó Catháin - Foinse 8/4/2007

Baile