Seans ag Gaeilgeoirí ar chead pleanála sa Ghaeltacht

Beadh cead ag Gaeilgeoirí as áiteacha taobh amuigh de Ghaeltacht Chonamara iarratas a dhéanamh ar chead pleanála i gceantracha áirithe a bhfuil tábhacht timpeallachta tugtha síos leo sna ceantrachta Gaeltacht taobh thiar de Ghaillimh.

Shocraigh Comhairleoirí Contae Chonamara é sin an tseachtain seo agus ghlac Comhairleoirí Contae na Gaillimhe uilig leis an socrú. Ach, ní bheidh cead ag lucht labhartha na Gaeilge iarratas a dhéanamh ar chead pleanála sa réimse timpeallachta is airde uilig sa gcontae - sin bunaithe ar chúrsai teanga amháin.

Ta réimsi 4 agus 5 áirithe ar na ceantrachta is luachmhaire timpeallachta ach tá ceantar a 5 coiscthe. Mar a tharlaíonn sé, tá trí oileán Árann istigh i gceantar timpeallachta 5. Níl a fhios go barainneach cá bhfágann an socrú seo i bPlean na Gaeltachta oileáin Árann sa gcás agus go mbeadh duine/teaghlach le Gaeilge ag iarraidh teannadh isteach ar na hoileáin. Rinneadh tagairtí dé seo ag cruinniú na Comhairle Contae an tseachtain seo agus táthar ag súil go mbeidh réiteach air.

Rinneadh soiléiriú ar ábhar eile freisin - sin gur téarma seacht mbliana gan díol a bheidh ar thithe istigh i sráidbhaile taobh thiar don Cheathrú Rua agus taobh thiar den Teach Dóite.

Téarma 15 bliana a bheidh ar thithe i scéimeanna istigh i sráidbhaile sa gceantar atá nios gaire do chathair na Gaillimhe. Chuir an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig béim ar an soiléiriú sin ag an gcruinniú.

Téarma 7 mbliana a bheidh ar thithe aonair ar fud na Gaeltachta -taobh istigh agus taobh amuigh de shráidbhailte mar a luaigh muid anseo an tseachtain seo caite. Tá eisceacht amháin ag baint leis sin - sin lucht labhartha na Gaeilge as áit eicint eile a bheadh ag teannadh isteach sa nGaeltacht agus ag iarraidh cead pleanála bunaithe ar a gcumas labhartha Gaeilge amháin.

Mairtin Ó Cathain Foinse 2/3/2008


Baile