Cuireadh d'Ó Cuaig dul le FF

Tuigtear go bhfuil caidéis curtha ar an gComhairleoir Contae Neamhspleéch i gConamara, Seosamh Ó Cuaig faoi dhul isteach le Fianna Fáil.

"Ni raibh an Comhairleoir O Cuaig sásta aon bhlas eile a rá an tseachtain seo ach go bhfuil bunús leis an scéala go bhfuil Fianna Fáil sa tóir air."

Tá Ó Cuaig ar dhuine de na polaiteoirí Gaeltachta is aitheant se tír agus bhi baint aige le Glualseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta san aimsir a caitheadh agus le gluaiseachtaí éagsúla eile Gaeltachta ó shin. Tá cuireadh faighte ag Ó Cuaig dul isteach i bhFianna Fáil agus de réir na dtuairiscí s deireanaí atá cloiste ag Foinse bheadh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Éamon Ó Cuív agus an Teachta Dála, Frank Fahey "an-sásta" dá nglacfadh Ó Cuaig leis an gcuireadh. Is iad Ó Cuív agus Fahey Teachtaí Dála Fhianna Fáil i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar. Ní dhéarfadh an Comhairleoir Ó Cuaig le Foinse ach gur buaileadh bleid air faoi bhallraíocht i bhFianna Fáil. Tuigtear nach cuireadh cosáin a bhí ann. Bheadh Fianna Fáil ag súil go bhfaighidís 5 shuíochán Comhairle Contae i gConamara dá dtiocfadh fear Chill Chiaráin ar bord. Ceithre shuiochán as 7 gcinn atá acu taobh thiar den Choirib faoi láthair.

Tá Seosamh O Cuaig i bpáirtíocht le Fine Gaei, duine as Sinn Fein agus roinnt neamhspleách sa ngrupa atá i gceannas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ach creideann go leor de lucht Fhianna Fáil gur gaire go mór a bheadh sé le fealsúnacht agus seasamh an pháirti sin acusan. Tá caitheamh ina dhiaidh ag roinnt Comhairleoiri de chuid Fhianna Fáil i gcónai nár éirigh lea sorcú (sic) a dhéanamh leis an gComhairleoir Ó Cuaig le ceannas a fháil ar an gComhairle Contae tar éis thoghchán na bliana 2004. Ach, sé toghchén na bliana seo chugainn an gad s gaire don scornach anois. Creideann go leor de lucht Fhianna Fáil gur mhór an buntáiste dóibhsean Ó Cuaig a bheith istigh faoina mbratach. Ni raibh an Comhairleoir O Cuaig sásta aon bhlas eile a rá an tseachtain seo ach go bhfuil bunús leis an scéala go bhfuil Fianna Fáil sa tóir air.

Tá cúlra neamhspleéch den '"eite clé" sa bpolaitíocht ag Seosamh Ó Cuaig, ach glactar leis gur vótaí a bheadh ag teacht ó thobar Fhianna Fáil is mó a fhaigheann sé i dtoghcháin Comhairle Contae agus Údaráis i gConamara. Mar shampla, faigheann sé tacaíocht mhór in lorras Aithneach agus i Ros Muc pobail a thugann tromlach láidir dá gcuid vótai do Fhianna Fáil in Olltoghcháin. Tá ceangal agus comhoibriú maith ar bun freisin idir Ó Cuaig agus Comhairleoirí Fhianna Fáil i gConamara - den chuld is mó. Ach d'fhéadfadh mionlach imeasc a chuid lucht tacaíochta a bheith corraithe leis an gComhairleoir Ó Cuaig dá scarfadh sé óna sheasamh neamhspleách. Ar an taobh eile den scéal, beidh Fianna Fáil ar a ndicheall, faoi stiúir an Aire Éamon Ó Cuív ag iarraidh 4 shuiochén a choinneéil i gConamara agus ceann eile a chur leis an líon sin. Dé bhfaigheadh siad iarrthóir réasúnta láidir sa gceantar ar a dtugann siadsan "Conamara Léir" - Camus, Ros Muc, CIII Chiaráin, Carna - bheadh an baol ar Ó Cuaig go sciobfaí slám maith vótai uaidh. Sa gcás sin d'fhéadfadh Seosamh Ó Cuaig a bheith sa mbearna bhaoil é féin mar go bhfuil vótaí gann in iarthar Chonamara i gcomórtas leis an taobh tire atá gar do chathair na Gaillimhe.

Tuigtear go bhfuil Fianna Fáil ag obair go láidir anois freisin le súlI agus go bhfaighidh siad iarrthóir láidir thart I Maigh Cuilinn nó i mBearna. D'fhás an daonra thar cuimse sna ceantracha sin le leathscór blianta agus creideann Fianna Fáil go bhfuil sé riachtanach go mbeadh iarrthóir léidir acu ansin.

Máirtin Ó Catháin Foinse 16/3/2008


Baile