'Scór míle euro' ag teastáil le conspóid Westdoc a leigheas

Leigheasfadh tuairim €20.000 conspoid Westdoc - coras éigeandála deireadh seachtaine - i nGaeltachi iarthar Chonamara, adeir an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig.

Dúirt Ó Cuaig gur féidir dochtúir a thabhairt isteach ar feadh tréimhse deireadh seachtaine ar chostas tuairim is €2.000. Tá an HSE agus Westdoc meáite ar chóras a thabhairt isteach a d'fhágfadh an taobh tíre as Leitir Mealláin siar no Carna agus amach don Chaiseal taobh le haon dochtúir amháin ar feadh 10 dtréimhse deireadh seachtaine sa mbliain. Bhíodh beirt dhochtúirí ar dualgas ansin ag an deireadh seachtaine go dtí sco. Tá cuimse daoine sa taobh Sin tíre imníoch go gcuirfear daoine i mbaol de bharr an athraithe go dochtúir amháin. Tháinig na céadta chuin cruinnithe poiblí i gCill Chiaráin agus i dTír an Fhia an tseachtain seo.

"Sé a thús agus a dheireadh ná go dteastaíonn an tséirbhís a choinneáil chomh maith agus atá sé faoi láthair - sin ar a laghad," adeir an Comhairleoir Ó Cuaig. "Dá réir sin, teastaíonn an dara dochtúir."

Phléigh an Comhairleoir Ó Cuaig an scéal le bainisteoir Westdoc. Siobhán Ni Shúilleabháin agus dúirt sise gurbh fhiú shúil a chaitheamh ar an scéal uilig arís dá mbeadh €20.000 eile le fáil.

Tá ceist Westdoc an cheann de nu hábhair is mó a tharraing caint i gConamura le fada agus tá ceisteanna curtha faoi dhearcadh an Aire Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Éamon Ó Cuív.

I litir a léadh amach an cruinnié poiblí Chill Chiaráin, dúirt an tAire Ó Cuív go mbeadh sé féin sasta leis an socrú nua atá á bheartú ag Westdoc dá mbeadh dochtúirí iarthar Chonamara sásta leis. Ni cheapfadh sé. adeir an tAire Ó Cuiv go rachadh dochtúiri ag pié le cáras a d'fhánfadh go mbeadh baol breise ar an bpobal.

Ach, bhi polaiteoirí elle - Noel Grealish. Pádraig Mac Cormaic agus Josie Conneely - théis a n-irnni faci ncoras nua a léiriú. Tugadh scéala an an ncruinniú i nCill Chiaráin freisin go raibh glaoite as an Eoraip ag an bhFeisire Eorpach. Seán Ó Neachtain agus eisean ag gealladh tacaíochta don iarracht leis an tseirbhís dochtúrachta a choinneáil chomh maith agus atá si anois chuile dheireadh seachtaine. Bhí na Comhairleoirí Contae Seán Ó Tuairisc agus Connie Ní Fhátharta ag cruinniú Chill Chiaráin agus dúirt siadsan beirt go gcuirfeadh an socrú nua atá beartaithe imní orthu féin agus nach raibh sé an feiliúint do thaobh tire fada,fairsing scaipthe.

Bhi scéalta ann agus muid an scríobh go raibh sé i gceist an an Aire Ó Cuív labhairt go poiblí aríst faoi chonspóid sheirbhísí dochtúrachta iarthar Chonamara roimh an deireadh seachtaine.

Idir an dá linn, tá sé ráite an an gComhairleoir Seosamh Ó Cuaig freisin nach fíor gur ionann an socrú atá aa Westdoc in iarthar Mhaigh Eo agus an socrú atá á bheartú i nConamura. "Má thógann tú ceantaair Acla mar shampla." adeir Ó Cuaig. "Chuir Westdoc dochtúr isteach ansin agus tiománaí Icis ar feadh 13 deireadh seachtuine sa mbliain.

Dochtár amháin a bhí sa cheantairr sin roimhe sin freisin sa gcórus áitiúil. Dá réir sin, cuireadh an líon an lion ceauna dochtúirí ann - duine sa gcás sco. Tá 3500 duine sa gceantar sin agus tuairim leathuair a chloig tiomána a bheadh ann ó ch'aon taobh den cheantair. Tá difríocht an mhór idir é sin agus iarthar Chonamura sun áit a bhfuil a dhá oiread duonra agus a dhá oireud mílte. Ach, táthar an déanamh 50% de laghdú ar sheirbhisi dochtúru ansin."

Roghnaíodh grúpa i gCill Chiaráin le dhul isteach ag plé na ceiste le Feidhmeannacht na Seirbhisi Sláinte i nGaillimh. Ní raibh socrú déanta faoin dháta an chruinnithe sin agus muid ag scríobh.

Ach, sé an socrú atá ann no ngabhfar níos géire ar an agóid mura bhfaigheann an toscaireucht sásamh i nGaillimh. Beidh siad an iarraidh go mbeadh beirt dhochtúirí an dualgas in iarthar Chonamara - i leaba duine - le linu na dtréimhsí deireadh seuchtaine a mbeidh Westdoc an obuir ansin.

Máirtin Ó Catháin