Comhairle Dáilcheantair ag caint ar iarrthóirí

Beidh an toghchán Comhairle Contae 2009 ar cheann de na priomhábhair chainte a bheidh ag na toscairí chuig cruinniú de Chomhairle Dáilcheantair Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar an tseachtain seo.

Bhi cruinnithe le scaitheamh anuas ag na Comnhairlí Ceantair uilig agus iad ag caitheamh súil ar "litir Bhaile Átha Cliath".

'Sé atá i "litir Bhaile Átha Cliath" ná iarratas go gcuirfí ainmneacha ar fáil do cheanncheathrú an pháirti ag iarraidh cuntas ar dhaoine a bheadh go maith mar iarrthóirí. Bhíothas ag iarraidh moltaí agus tuairimí freisin ó lucht an pháirtí sna ceantracha éagsúla. Tuigtear anois go bhfuil cúpla duine á lua mar iarrthóirí d'Fhianna Fáji i dtoghcheantar Chonamara chomh maith leis an gceathrar Comhairleoirí atá acu.

Tá Noel Thomas as Caladh na Muc luaite go láidir agus tá bean as ceantar Bhearna luaite freisin. Ceaptar go mbeidh an Coinbhinsiún ann i mí Mheán Fómhair, ar a dheireanaí.

Níl sé soiléir fós an mbeidh an cheist faoi cé a rinne teagmháil le Seosamh Ó Cuaig ag iarraidh ar liostáil i bhFianna Fáil á plé ag an gcruinniú Dáilcheantair.

Cé a chuir fios ar Ó Cuaig?

Tuigtear go bhfuil tuairiscí á gcur taobh istigh d'Fhianna FáiI faoin gcaoi ar cuireadh caidéis ar an gComhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig faoi bhallraiocht i bhFianna Fáil. Dheimhnigh an Cuagach é féin roinnt seachtaini ó shin gur fiafraíodh de an dtiocfadh sé isteach i bhFianna FáiI.

Tuigtear go bhfuil roinnt daoine i bhFianna Fáil anois ag iarraidh a fháil amach cén chaoi ar socraiodh é seo, nó cé a chuaigh chomh fada le Ó Cuaig. Cé nach fiosruchán oifigiúil é seo ba mhaith le daoine áirithe i bhFianna Fáil go bhfaighfí cuntas cruinn ar an scéal. Ach, san am céanna, dúirt foinsí eile sa bpáirtí in iarthar na Gaillimhe "gur cinnte go ndéanfaí smaoimeamh air" dá nabródh Ó Cuaig go raibh fonn ar a dhul le Fianna Fáil.

Máirtin Ó Catháin Foinse 27/4/2008


Baile